Cúpla míle siar an bóthar ó Pháirc na Tamhnaí a dhéanfar ceiliúradh ar an gcéad chorn a saothraíodh an deireadh seachtaine ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus Craobh Idirmheánach Peile na mBan buaite ag Naomh Columba.
Ba iad mná Ghleann Choilm Cille a bhuaigh an chraobh shóisir anuraidh i Ráth Chairn ach bhí siad go maith in ann ag an ardú céime agus an ceann is fearr faighte acu ar churaidh idirmheánach na bliana seo caite, Naomh Anna as Gaillimh, 2-8 in aghaidh 2-6.
Cé go raibh a mbua tuillte go maith ag na Conallaigh, níor ghéill mná Naomh Anna riamh agus d’fhág cúl in am cúitimh ón imreoir contae Sarah Ní Loingsigh nach raibh eatarthu ach dhá phointe. Bhí imreoir le cois ag Naomh Anna faoin am sin agus Alanna Ní Bhaoill i mbosca na bpeaca ach sheas Naomh Columba an fód sa gcúpla nóiméad a bhí fágtha chun an lá a thabhairt leo.
Sa gcéad deich nóiméad den dara leath a tháinig an tréimhse chinniúnach sa gcluiche. D’fhág an cúl a scóráil Clíona Ní Ghríofa do Naomh Anna díreach roimh leath ama go raibh na foirne ar comhscór ag an mbriseadh, 1-3 in aghaidh 0-6, agus chuir Ríona Ní Fhlatharta Naomh Anna chun tosaigh lena tríú pointe luath sa dara leath. Ní raibh Naomh Columba chun deiridh i bhfad, áfach. D’imigh Naomh Columba ar an ionsaí suas taobh na láimhe deise agus cuireadh an liathróid chuig Laoise Nic Fhionnlaoigh a bháigh a hiarracht san eangach.
Bhí an liathróid istigh san eangach arís ag Nic Fhionnlaigh taobh istigh go 90 soicind nuair a chuaigh cic amach de chuid Naomh Anna ar strae. D’fhág sin Naomh Columba 2-6 in aghaidh 1-4 chun cinn théis 37 nóiméad.
Na deirfiúracha Sarah agus Mairéad Ní Loingsigh a d’aimsigh an chéad dá scór eile do Naomh Anna chun cúl glan a fhágáil idir na foirne agus chinntigh cúl báire Naomh Anna Caoimhe Ní Laoi nár mhéadaigh an bhearna rómhór nuair a shábháil sí cic éirice ó Niamh Ní Bhaoill, a fuair ceithre phointe aimsithe aici sa gcéad leath.
Bhí dea-scéal eile ann do Naomh Anna nuair a fágadh Naomh Columba i dtaobh le ceathrar déag. Taispeánadh cárta dá gcaptaen Louise Ní Dhochartaigh ach níor mhair buntáiste Naomh Anna i bhfad agus cárta buí eile taispeánta do Ríona Ní Fhlatharta go luath ina dhiaidh sin.
D’aimsigh an t-imreoir láir páirce Cáit Ní Bheirn dhá scór den scoth as a chéile do Naomh Columna chun bearna shuntasach cúig phointe a chur idir na foirne agus cé gur chruthaigh Naomh Anna deiseanna ar chúil do Chaoimhe Ní Ghionnáin agus Sarah Ní Loingsigh, rinne cúl báire óg Naomh Columba, Clodaigh Ní Ailis, dhá shábháil den scoth. Ní raibh sí in ann iarracht eile ó Ní Loingsigh a choinneáil amach cúpla nóiméad ina dhiaidh sin ach tháinig an scór sin ródheireanach do Naomh Anna agus na mná ón nGleann ag ceiliúradh ar deireadh.

I gCraobh Shóisir na mBan, beidh Cill Chartha le Clann na nGael sa gcéad chluiche ceannais Dé Luain. Bhí bua cuimsitheach ag Cill Chartha ar Laochra Loch Lao ina gcluiche ceannais. Bhí iomaíocht níos géire sa gcluiche idir Clann na nGael agus Tuar Mhic Éadaigh ach ba iad mná na Mí a thug an lá leo agus iad ag iarraidh an corn a bhuaigh siad go deireanach in 2024 a thabhairt leo arís.
Bhí údar díomá do mhuintir na háit ei gCraobh Shinsir na bhFear agus Cill Chartha sáraithe ag Gaoth Dobhair i gcluiche leathcheannais a bhí ar ard-chaighdeán. Imreoidh Gaoth Dobhair, atá ag iarraidh an Corn an Aire a bhuachan den chéad uair ó 2013, in aghaidh churaidh na bliana seo caite, Bhulf Tón, sa gcluiche ceannais tar éis d’fhir na Mí an ceann is fearr a fháil ar Naomh Abán.
Bua trí phointe a bhí ag Gaoth Dobhair ar deireadh agus iss beag a bhí idir iad agus Cill Chartha i ndáiríre. Bhí an chuma ar an scéal gur am breise a bheadh romhainn nuair a chuir scór breá dhá phointe ó Mhiceál Ó Gallachóir Chill Chartha na foirne ar comhscór sa 58ú nóiméad. Bhí an ghaoth i seolta na foirne baile leis an scór sin agus neartaigh sí nuair a chuir cúl báire Ghaoth Dobhair an chéad chic amach eile thar an taobhlíne. Ach thug Cill Chartha an liathróid díreach ar ais dá gcéillí comhraic agus saothraíodh cic saor a shlánaigh Ethan Ó hEarcáin chun iad a chur chun cinn arís.
Bhuaigh Gaoth Dobhair seilbh ón gcic amach agus mhéadaigh Eoin de Búrca an bhearna le scór deas. Cé gur laghdaigh Mark McHugh, a tháinig isteach mar ionadaí, arís í, d’aimsigh an t-ógánach Colm Ó Dochartaigh an dá scór deireanach do Ghaoth Dobhair chun bua 1-20 in aghaidh 0-20 a thabhairt dóibh.
Bhí beagán den ádh ag baint leis an gcúl sin a d’aimsigh Gaoth Dobhair tar éis 50 nóiméad. D’éirigh le Mark McHugh lámh le hiarracht Adam Mhic Íomhair ach bhuaigh Fiachra Mac Giolla Chóil seilbh uirthi agus bháigh sé san eangach í.
Bhí Gaoth Dobhair ceithre phointe chun tosaigh ag an am sin ach tháinig Cill Chartha ar ais le scóranna ó leithéidí Micheál Ó Gallachóir agus Matthew McClean, a d’aimsigh deich bpointe sa gcluiche, chun cúrsaí a chothromú sular tháinig rúid dheireanach Ghaoth Dobhair.
Rúid eile cúig phointe as a chéile ag deireadh an chéad leath a d’fhág Gaoth Dobhair 0-12 in aghaidh 0-9 chun cinn ag leath ama agus Ethan Ó hEarcáin, a d’aimsigh sé phointe sa gcluiche, Éamonn Ó Colm agus Stiofán ‘Donna’ Mac Pháidín i measc na n-imreoirí a chabhraigh leo an farasbarr sin a fháil.
Tháinig an t-imreoir contae Dónall Mac Giolla Bhríde chun páirce don deich nóiméad deireanach agus bhí an painéal uile ag teastáil ó fhir Mhachaire Gathláin agus iad ag imirt a dtríú cluiche in imeacht 48 uair an chloig tar éis dóíbh Cill tSéadhna agus Maigh Cuilinn a shárú Dé hAoine agus Dé Sathairn.
Bhuaigh Bhulf Tón ar An Rinn sna babhtaí ceathrú ceannais Dé Sathairn ach thug foireann Mhuimhneach eile, Naomh Abán, dúshlán níos mó dóibh ar an nDomhnach. Farasbarr sé phointe a bhí idir na foirne ar deireadh, 1-16 in aghaidh 1-10. Cruthaíodh an bhearna sin a bhuíochas de chríoch láidir ag Bhulf Tón, a d’aimsigh an cúig phointe deireanach.
Nuair a d’aimsigh an t-imreoir mór láir páirce, Kevin Ó Donnchú pointe deireanach Naomh Abán, ní raibh ach an bhearna is lú idir na foirne agus fir Bhaile Bhuirne tagtha ar ais i gcoimhlint a bhí ag sleamhnú uathu. Bhí cuma i bhfad níos láidre ar Bhulf Tón sa gcéad leath agus d’fhág scóranna ó leithéid Kyle Ó Móráin, Saran Ó Fionnagáin, Rian Ó Beaglaoich agus Caolán Ward go raibh na curaidh 0-10 in aghaidh 0-4 chun cinn ag leath ama.
Mhéadaigh siad an bhearna sin luath sa dara leath ach ar ais le Naomh Abán agus iad spreagtha ag cúl ó Danny Ó Ceallaigh, a scóráil 1-3. Chuir an cosantóir Ciarán Ó Luasa agus Shane Ó Loingsigh scóranna breátha leis agus rith an ráis le Naomh Abán ach léirigh Bhulf Tón a dtaithí le greim a fháil ar an gcoimhlint arís.
I gCraobh Shóisir na bhFear, imreoidh Gaeil Fhánada in aghaidh Thuar Mhic Éadaigh. Chuir Tuar Mhic Éadaigh Na Gaeil Óga de dhroim seoil le taispeántas maith sa dara leath agus sháraigh Gaeil Fhánada Naomh Pádraig An Fhairche le cabhair cúpla cúl.
Fág freagra ar 'Girseacha Naomh Columba ag ceiliúradh agus cath na bhfathach romhainn i gCill Chartha'