Curtha ag An Tearmann agus Cill Chartha le gaiscí na gConallach ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Ba iad mná an Tearmainn agus Chill Chartha a bhuaigh craobhacha na sinsear agus na sóisear ar an Luan

Curtha ag An Tearmann agus Cill Chartha le gaiscí na gConallach ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Ní raibh sárú le fáil ar mhná Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus na trí chorn ag fanacht i dTír Chonaill.

Naomh Columba a chur tús le cruinniú na gcorn do na Conallaigh inné agus chuir An Tearmann agus Cill Chartha leis an taisce nuair a bhuaigh siad na craobhacha sinsir agus sóisir Dé Luain.

Ba é an cúl a scóráil Ciara Nic Ghairbheith sa 62ú nóiméad a chinntigh go mbeadh an bua ag an Tearmann ar churaidh 2024 agus 2025, Baile Chláir na Gaillimhe, i gcluiche ceannais na sinsear. Ní raibh na Conallaigh ach pointe chun tosaigh ar Bhaile Chláir nuair a bhí an 60 nóiméad caite i ngéarchoimhlint agus bhuail Nic Ghairbheith raspar go cúl na heangaí chun bearna chinniúnach a chur idir na foirne.

D’éirigh le himreoir sinsir na Gaillimhe Kate Slevin an bhearna a laghdú lena seachtú cic saor ach níor éirigh le Baile Chláir an cúl a bhí ag teastáil uathu a chruthú. Léiriú ar chosaint dhíograiseach na gConallach nár éirigh le Slevin scór ar bith ón imirt a aimsiú agus Ailbhe Nic Dhaibhéid ón Tearmann á leanúint fud fad na páirce.

 

 

 

Is ó na ciceanna saora is mó a tháinig scóranna sa gcéad leath, ceithre cinn an duine aimsithe ag Slevin agus naoscaire an Tearmainn Geraldine McLaughlin, agus bhí an Tearmann 0-7 in aghaidh 0-5 chun tosaigh ag an mbriseadh. Chuir an Tearmann, a bhuaigh an chraobh seo go deireanach in 2023, tús maith leis an dara leath nuair a d’aimsigh Megan Ní Riain scór ón imirt sa gcéad nóiméad agus méadaíodh an bhearna nuair a chuir McLaughlin iarracht álainn thar an trasnán ó thaobh na láimhe deise den pháirc.

Ba iad mná Bhaile Chláir ab fhearr i lár an dara leath agus pointí aimsithe ag Charlotte Cooney, Alannah Ní Ghríofa agus Kate Slevin. Choinnigh a gcúl báire, Leah Ní Hallaráin, sa gcluiche iad le sábháil dhochreidte ó Chiara Nic Ghairbeith leath bealaigh tríd an dara leath.

Ní raibh cúl báire Bhaile Chláir in ann tada a dhéanamh chun Nic Ghairbheith a choinneáil amach an dara babhta in am cúitimh, áfach, agus bhí an corn ag dul ó thuaidh abhaile leis an Tearmann.

Bhí údar ceiliúrtha ag muintir na háite ar maidin nuair a thug foireann ban Chill Chartha leo craobh na sóisear sa gcéad chluiche. Bhí sárchoimhlint idir iad agus Clann na nGael sa gcluiche ceannais ach ba iad mná Bhaile an Droichid a thug Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta leo le bua 2-5 in aghaidh 1-6.

Tar éis dóibh seacht gcúl déag a scóráil sa dá chluiche a bhí acu roimhe sin, coimhlint iomlán difriúil a bhí sa gcluiche ceannais do Chill Chartha.

Ba í an t-imreoir contae Eva Ní Ghallachóir laoch na himeartha agus tionchar ollmhór aici ar an imirt tar éis di teacht isteach mar ionadaí luath sa gcéad leath. Bhí Cill Chartha chun deireadh ag am agus cúl agus cúilín faighte ag Éabha Ní hÁinle do Chlann na nGael sa gcéad deich nóiméad. Níor thóg sé i bhfad ar Ní Ghallachóir a lorg a fhágáil ar an imirt agus fuair sí an chéad dá scór do Chill Chartha chun iad a shocrú isteach sa gcoimhlint.

Cúl glan a bhí idir na foirne ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-3, agus cath idir Éabha agus Eva ar chlár na scór – fuair siad chuile scór sa gcéad 30 nóiméad eatarthu.

Scóráil Éabha Ní hÁinle arís do Chlann na nGael ag tús an dara leath ach thóg Cill Chartha céim mhór i dtreo an choirn go luath ina dhiaidh sin le 2-2 laistigh de sé nóiméad. Saoirse Ní Dhomhnaill a d’aimsigh an chéad phointe ach ba iad an dá chúl ina dhiaidh a d’athraigh cúrsaí. Ciara Ní Dhuibhir a fuair an chéad cheann sa 36ú nóiméad agus chuir Maria Ní Dhuibhir an liathróid san eangach ansin nuair a fuair Cill Chartha seilbh na liathróide arís ón gcic amach.

Bhí cuma na maitheasa ar Chill Chartha nuair fuair Eva Ní Ghallachóir pointe iontach chun iad a chur ceithre phointe chun tosaigh agus beagán os cionn 20 nóiméad fágtha ach ní raibh Clann na nGael sásta géilleadh. D’aimsigh – cé eile? –Éabha Ní hÁinle dhá scór chun an bhearna a laghdú go dtí dhá phointe agus bhí na deiseanna ag mná na Mí chun an cluiche a bhuachan.

Chuir Ní hÁinle iarracht mhaith ar chúl cúpla orlach ar thaobh na láimhe deise den phosta agus cúig nóiméad fanta. Is beag nár bhuaigh sí an cluiche do Chlann na nGael in am cúitimh ach rinne cúl báire Chill Chartha, Fiona Nic Fhionnghaile, sábháil den scoth chun an liathróid a choinneáil amach. Thit an liathróid os comhair Ella Uí Thuathail agus chuir sise san eagnach í ach dúirt an réiteoir Pól Ó hArdaigh gur chaith sí sa gcúl í. Níor ceadaíodh an scór agus bhí seans Chlann na nGael imithe.

Fág freagra ar 'Curtha ag An Tearmann agus Cill Chartha le gaiscí na gConallach ag Comórtas Peile na Gaeltachta'