An Bhrasaíl agus An Bheilg ag súil le háit a bhaint amach sa bhabhta ceathrú ceannais

Rachaidh péire de na foirne is láidre sa chomórtas, an Bhrasaíl agus an Bheilg, chun páirce tráthnóna agus súil acu Meicsiceo agus An tSeapáin a chur de dhroim seoil

An Bhrasaíl agus An Bheilg ag súil le háit a bhaint amach sa bhabhta ceathrú ceannais

Lucht tacaíochta na Beilge. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níl ach cluiche díbeartha amháin buaite ag Meicsiceo riamh ag Corn an Domhain agus beidh sé deacair acu an dara ceann a bhuachan in aghaidh na Brasaíle inniu.

D’éirigh le Meicsiceo an 16 Deiridh a bhaint amach i mbliana ach ní dhearna siad go héasca é. Chaill siad 3-0 i gcoinne na Sualainne Dé Céadaoin ach nuair a chaill An Ghearmáin i gcoinne na Cóiré Theas, is iad na Meicsicigh a chuaigh tríd chomh maith leis an tSualainn.

Bhí Meicsiceo go hainnis sa chluiche sin i gcoinne na Sualainne agus tá neart oibre le déanamh acu más fúthu seans ar bith a bheith acu i gcoinne na Brasaíle. Is ar an bhfrith-ionsaí a fhaigheann siad an chuid is mó dá gcuid cúl agus, ar a laghad, ba cheart go bhfaigheadh siad cúpla deis tráthnóna.

Níl a mbuaic bainte amach fós ag imreoirí na Brasaíle sa Rúis ach tá a ndóthain déanta acu chun na babhtaí díbeartha a bhaint amach.

Níl mórán feicthe againn ó Neymar go dtí seo, seachas pleidhcíocht, agus ní raibh tionchar ar bith ag Gabriel Jesus ar aon cheann de na cluichí. D’fhéadfadh go mbeadh imreoir Liverpool, Roberto Firmino níos éifeachtaí ach is mar ionadaí amháin a fuair sé aon deis go dtí seo. Murach Philippe Coutinho, a bhí ar fheabhas i mbabhta na ngrúpaí, bheadh siad i dtrioblóid.

Beidh ar réaltaí eile na Brasaíle a gcuid a dhéanamh más fúthu a gcosa a thabhairt leo tráthnóna ach ba cheart go mbeadh siad in ann é sin a dhéanamh.

Tuar Tuairisc.ie: An Bhrasaíl

Is i gcoinne na Seapáine a imreoidh An Bheilg anocht tar éis d’fhoireann Roberto Martinez críochnú ar bharr Ghrúpa G. Bhí buanna cumasacha acu ar Phanama agus ar an Túinéis sa ghrúpa sin agus cé gur bhuadar ar Shasana chomh maith, ní fhéadfá an iomarca suntais a chur sa chluiche sin mar gur thug an dá fhoireann scíth do na himreoirí is fearr atá acu.

Tá imreoirí den scoth ag na Beilgigh i lár na páirce, Kevin de Bruyne agus Eden Hazard go háirithe, agus chruthaigh siad go leor deiseanna sa chéad chúpla cluiche sin. D’aimsigh Romelu Lukaku ceithre chúl i mbabhta na ngrúpaí agus beidh sé deacair ag na Seapánaigh é a choinneáil faoi chois.

Chruthaigh na Seapánaigh go maith sa chomórtas go dtí seo. Fuair siad an ceann is fearr ar An Cholóim sa chéad chluiche agus bhí comhscór acu i gcoinne na Seineagáile. Chaill siad in aghaidh na Polainne sa chluiche deireanach ach níor chuir siad na himreoirí is fearr atá acu chun páirce sa chluiche sin.

Tá Shinji Kagawa agus Takeshi Inui ar bheirt de na himreoirí sin nár thosaigh i gcoinne na Polainne agus má bhíonn bua gan choinne acu anocht, is ar ghuaillí na beirte sin a bheidh sé. Cé go bhfuil laigí áirithe i bhfoireann na Beilge ar na cliatháin, tá siad sách láidir gur cheart go mbeidís in ann teacht slán dá ainneoin.

Tuar Tuairisic.ie An Bheilg

Fág freagra ar 'An Bhrasaíl agus An Bheilg ag súil le háit a bhaint amach sa bhabhta ceathrú ceannais'