An bhfuil aithne agat ar Whitey Bulger? Nach mise a dheartháir?

Tá gradam mór le bronnadh in Boston ar William Bulger, cara le Conamara agus deartháir ‘Whitey’

An bhfuil aithne agat ar Whitey Bulger? Nach mise a dheartháir?

Céibh an Mhása i gCarna i gConamara leathscór blianta ó shin, Lá Fhéile Mhic Dara. Lá ar leith é sin ar chósta thiar Chonamara; lá naomhphátrún an cheantair agus naomhphátrún na n-iascairí. Bhí William (Billy) Bulger leagtha ar a dhul go hOileán Mhic Dara. Bhí tír agus talamh leagtha ar an turas céanna a dhéanamh ar an 16 Iúil ach, ní bheadh an Meiriceánach seo ina measc.

Bhuail taom lagachair William Bulger.

‘Ní raibh a fhios agamsa beo ná beirthe cérbh é féin’, a deir Micheál Ó Dúnaird a bhí ar fhoireann dheonach otharcharr pobail Charna an lá sin. ‘Thug muid isteach san otharcharr é agus cuireadh ina luí é ar an gcnaiste. Dúirt sé go mba as Boston é nuair a chuir mé ceist air. Tharraing mé ‘Whitey Bulger’ anuas mar chineál greann. Ach, ar aon nós, tháinig sé chuige féin go maith ach socraíodh gurbh fhearr nach rachadh sé ar an oileán.’

Chuile sheans go raibh go leor caitheamh ina dhiaidh sin ag William Bulger, nó Billy Bulger mar ab fhearr aithne air.

Gael-Mheiriceánach a bhí ann; deirtí go mba as Corcaigh a shinsir ach ní dheachaigh sé ag fiosrú an scéil ariamh. Choinnigh sé a cheangal Éireannach le Carna. Ba as an gceantar sin athair agus máthair a chéile, Mary Folan. ‘That connection is the link I keep to Ireland,’ a deir sé liom geábh i mBoston.

D’fhéadfadh go gcuirfeadh an turas go hOileán Mhic Dara an sméar mhullaigh ar an gceangal sin ach go mí-ádhúil tharla an tinneas. Bhí neart i bpobal Charna a bhí in ann Micheál Ó Dúnaird a chur ar an eolas faoi Bhilly Bulger.

Ba mhór é cáil William Bulger i mBoston agus i Massachusetts; is mór é a cháil fós.

Bhí an mí-ádh air go raibh deartháir aige a raibh eolas níos fearr fós air – James ‘Whitey’ Bulger. Fiú is gur éirigh le Billy stádas cumhachtach a bhaint amach sa bpolaitíocht bhí scáil ‘Whitey’ sa mullach air.

The Brothers Bulger – How they Terrorized and Corrupted Boston for a Quarter century an teideal a bhí ar leabhar a foilsíodh in 2006. Howie Carr, iriseoir agus craoltóir go mba bheag é a ghean ar Bhilly, a scríobh an leabhar.

I mbeagán focal, bhí sé ráite ag Carr go raibh eolas ag Billy faoi imeachtaí, agus faoi choireanna, a dhearthár agus nár thug sé an t-eolas sin d’údaráis ná do phóilíní. Scríobh Carr faoi fhiosrúchán parlaiminte in Washington in 2003 nuair, a deir Carr, a bhí Billy Bulger ag cur an scéil faoina chaidreamh lena dheartháir anonn agus anall ar sheastán na bhfinnéithe. Tamall ina dhiaidh sin a d’éirigh Bulger as Uachtaránacht Ollscoil Massachusetts, áit a raibh an-mholadh don obair a rinne sé ansin ar feadh seacht mbliana.

Bheadh daoine ann a bhréagnódh an leagan a bhí ag Howie Carr ar shaol William Bulger agus bheadh daoine ann a thuigfeadh do Bhilly ó tharla gur cúrsaí teaghlaigh agus clainne a bhí ann. Ach den chuid ba mhó, lig muintir Chonamara i mBoston agus sa mbaile anseo an scéal tharstu. Ba chara mór leo é William Bulger, agus ba chara cumhachtach é.

Dúradh go minic faoi Bhilly Bulger go raibh sé ar an bpolaiteoir ba chumhachtaí i Massachusetts. Ar feadh cuid mhaith de scór blianta óna 1970óidí go dtí na 1990aidí, bhí sé ina Uachtarán ar an Sheanad Stáit Massachusetts. Fear é a raibh intleacht den scoth aige agus a bhí stuama agus ábalta ar an bpolaitíocht. Tá siad ann a déarfadh go mbeadh sé ar stáitse náisiúnta murach an droch-cháil a bhí ar a dheartháir.

Ina dhúiche féin i South Boston thaitin Bulger leis an bpobal Gael-Mheiriceánach. Sheas sé leo in aimsir an ‘bhusáil’ díreach glan leathchéad bliain ó shin. Cás conspóideach a bhí ann; bhí gasúir dhubha agus bhána le cur chuig na scoileanna in éindí agus bheadh busanna ann a thabharfadh iad anonn agus anall. Bhí éirí amach i measc phobal South Boston, go leor acu de bhunadh Chonamara. Bhain Bulger cáil náisiúnta amach – nó droch-cháil ag brath ar an dearcadh a bhí ag an éisteoir. Ach bhí bua na cainte agus na loighce aige freisin. Glacadh leis go forleathan le himeacht na haimsire gur drochphlean a bhí sa mbusáil i mBoston. Ach tá go leor uisce gaibhte le fána ó shin.

Nócha bliain d’aois atá William Bulger anois. D’imigh sé as an saol poiblí beagnach 20 bliain ó shin. Tarraingíodh a ainm anuas aríst go minic le cúpla bliain de bharr imeachtaí a dhearthár, ‘Whitey’ Bulger. Is trua sin ar bhealaí mar go raibh cumas thar na bearta ag baint le William Bulger, fiú agus nach bhféadfaí coróin shollúnta a chur air. Ach beag beann ar chuile chonspóid tabharfar ómós do William Bulger i measc na nÉireannach i mBoston i mí Dheireadh Fómhair.

Eagraíonn an nuachtán The Boston Irish Reporter ócáid chuile bhliain ag a dtugtar onóir agus ómós do dhaoine céimiúla sa bpobal Éireannach, idir iadsan a rugadh in Éirinn agus na Gael-Mheiriceánaigh. Ócáid mhór a bhíonn i gceist a tharraingíonn aird ar dhiaspóra na hÉireann sa gcuid sin de Mheiriceá. Tá siombalachas mór ag baint le hionad na hócáide, Leabharlann agus Ionad Cuimhneacháin John Fitzgerald Kennedy ar Columbia Point i mBoston. Ar ndóigh, tá ionad ómóis Ted Kennedy ar an láthair chéanna anois. Bhí aithne mhaith ag William Bulger are na Cinnéidigh uilig, nach bhfuil 90 bliain slánaithe aige. Ach beidh suim ar leith fós san ócáid seo de bharr Bulger a bheith ar cheathrar atá dá insealbhú i Halla na Laochra.

Beidh triall cuimse daoine ar an ócáid sin ar an 25 Deireadh Fómhair. Dá mbeadh triall Bulger ar áit ar bith eile ina dhiaidh sin, chuile sheans go mbeadh Oileán Mhic Dara fós ar cheann an chomhairimh.

Fág freagra ar 'An bhfuil aithne agat ar Whitey Bulger? Nach mise a dheartháir?'