CEOL
Taifead nua de cheoltóirí ó Ghaeltacht na nDéise á sheoladh
Beidh Teampall Geal na nDéise, taifead nua de cheoltóirí agus amhránaithe ó Ghaeltacht na nDéise á sheoladh i Halla Colmán, An Sean-Phobal ar an Satharn, 19 Iúil ag a 7 i.n.
Is é Comhlucht Forbartha na nDéise a chuir an CD seo le chéile agus beidh sé á sheoladh le tacaíocht ó Choiste Forbartha an tSean-Phobail. Seolfaidh an craoltóir Helen Ní Shé an cnuasach nua atá bailithe le chéile ag an gceoltóir agus comhalta ar bhord an chomhlachta boird Tomás Ó Gealbháin in éineacht le ceoltóirí agus amhránaithe as ceantar na nDéise. I measc na ndaoine atá le cloisteáil ar an albam, tá Cór Fear na nDéise, Grúpa ceoil na Meánscoile, Odí agus Sorcha Ní Chéilleachair, Eoin Breathnach, Áine Uí Fhoghlú agus go leor eile.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Chomhlucht Forbartha na nDéise.
FÉILTE

Diarmuid Johnson ag léamh ag Féile Gerard Manley Hopkins i gCill Dara
Beidh dhá ócáid i gCill Dara an deireadh seachtaine seo ag ceiliúradh seoladh an leabhair nua Conamara agus Tíortha Eile le Diarmuid Johnson. Cuirfear na himeachtaí ar bun mar chuid d’Fhéile Gerard Manley Hopkins a bheidh ar bun ó 18 go 24 Iúil. Cnuasach dánta a scríobhadh idir na blianta 2015 agus 2025 atá san áireamh sa leabhar agus iad scríofa i dtrí theanga, Gaeilge, Fraincis agus Béarla.
Léifidh an file dánta ón gcnuasach ag ócáid in áras Newbridge Silver i gCill Dara ar an Domhnach, 20 Iúil ag a 2 i.n. agus beidh cóipeanna den leabhar ar fáil. Cuirfidh sé an dlúthdhiosca Sáile i láthair freisin ag an ócáid, tá roinnt de na dánta á n-aithris ar an albam seo a thaifead Diarmuid Johnson i gcomhar le Buda Musique agus an cumadóir ceoil Alain Genty.
Lá arna mhárach ar an Luan an 21 Iúil, beidh oíche filíochta á heagrú ag an bhféile i gcomhar le hÉigse Éireann i gColáiste an Droichid Nua. Beidh Diarmuid Johnson ag léamh ag an ócáid sin in éineacht le beirt fhilí eile, Des Egan agus Gabriel Fitzmaurice. Níl aon táille ar an doras.
Tá clár na féile le fáil anseo.

Ceardlann amhránaíochta le Domhnall Ó Braonáin ag Scoil Acla
Beidh ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós leis an bhfonnadóir Domhnall Ó Braonáin ar bun mar chuid de chlár imeachtaí Scoil Acla i mbliana. Cuirfear an cheardlann ar siúl gach maidin ó Luan go hAoine i rith na scoile agus tá na ticéid ar fáil ar shuíomh idirlín Scoil Acla.
Cuirfear scoil na bliana seo ar bun ón Domhnach an 27 Iúil go dtí an Satharn, an 2 Lúnasa, agus iad ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bunaíodh an scoil sa mbliain 1985 agus tá nasc dlúth acu le Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar bun, beidh Ceolchoirm na Féile, Tráth na gCeist Boird, Ceadal Ceoil agus ceardlann scéalaíochta le Niall de Búrca. Beidh sraith turas treoraithe den cheantar á gcur ar fáil freisin i rith na scoile leis an scéalaí agus staraí áitiúil John Mhaidhcí Ó Gallachobhair. Cuirfear na turais i láthair go dátheangach i nGaeilge den chuid is mó, ach beidh roinnt Béarla i gceist freisin.
Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.

Breanndán Ó Beaglaoich ag Féile Ealaíon an Sciobairín
Beidh Breanndán Ó Beaglaoich ag caint le Caragh Bell ag ócáid sa Deelish Garden Centre a bheidh á reáchtáil mar chuid de shraith an fhocail labhartha ag Féile Ealaíon an Sciobairín ar an Aoine an 1 Lúnasa. Labhróidh siad ar chúrsaí an tsaoil chomh maith lena leabhar nua dírbheathaisnéise Clann an tSeanamhuintire atá foilsithe ag a mhac, Cormac, faoi chló nuabhunaithe, Airt. Beidh cóipeanna den leabhar ar fáil ag an ócáid.
Cuirfidh an ceoltóir Róis ceolchoirm ar bun mar chuid den fhéile ar an gCéadaoin an 30 Iúil i Halla an Phobail i Sciobairín ag a 9:30 i.n. agus í ag seinm ceoil agus ábhar físe aici ón albam Mo Léan. Cumadóir, ealaíontóir leictreonach, fonnadóir agus ceoltóir il-uirlise í Róis as Co. Fhear Manach a cheanglaíonn seantraidisiúin cheoil na hÉireann leis an gceol comhaimseartha. Thuill a halbam ardmholadh ó éisteoirí agus léirmheastóirí nuair a eisíodh é i dtreo dheireadh 2024.
Tá ticéid agus clár na féile le fáil anseo.
LEABHAIR
Clár léitheoireachta an tsamhraidh i Leabharlanna Dhún na nGall
Tá tús curtha ag seirbhís leabharlainne chontae Dhún na nGall le clár léitheoireachta an tsamhraidh a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le daoine óga síol an ghrá don léitheoireacht a chur. Gheobhaidh na gasúir ar fad a chláraíonn do chlár an tsamhraidh leabharmharc speisialta a bhfuil síol lus na gréine istigh ann. Beifear in ann na síolta a chur agus an samhradh a chaitheamh ag léamh is ag coinneáil súil ar a gcuid bláthanna agus iad ag fás.
Tá réimse gníomhaíochtaí éagsúla leagtha amach mar chuid den chlár. I measc na n-imeachtaí beidh galf, dúshláin Lego, ranganna ealaíne agus péinteála, ealaín manga, ceol teicneo do pháistí óga, puipéadóireacht agus ceardlanna déanta bráisléad.
Le spriocanna léitheoireachta a spreagadh, beidh duaiseanna ar fáil dóibh siúd a chláraíonn don chlár ina leabharlann áitiúil. Lena chois sin, beidh deis ag páistí a thógann leabhair Ghaeilge ar iasacht duaiseanna speisialta a bhuachan, a bhuíochas do chomhpháirtíocht Rannóg na Gaeilge i gComhairle Contae Dhún na nGall.
Tá tuilleadh eolais le fáil ón leabharlann áitiúil nó ar shuíomh idirlín leabharlanna Dhún na nGall.
Fág freagra ar 'Albam nua ó Ghaeltacht na nDéise, Domhnall Ó Braonáin ag Scoil Acla, Síol na léitheoireachta i nDún na nGall, ‘Conamara agus Tíortha Eile’ i gCill Dara'