Aithreacha na ngasúr agus muintir na máthar is mó a bhí freagrach…

Nuair a tháinig coimeádachas eacnamaíochta an phobail agus dearcadh stairiúil na hEaglaise ar mhná le chéile is fánach an seans a bhí ag an gcailín a bhí torrach cothrom na Féinne a fháil

Aithreacha na ngasúr agus muintir na máthar is mó a bhí freagrach…

Chomh fada agus is léir dhomsa is é Eoghan Harris ab fhearr a rinne léirmheas ar an tuarascáil faoi na hÁrais Máithreacha agus Páistí. Bhí a bhreithiúnas tuisceanach, fírinneach agus fíorbhunúsach.

Rud a chuir cantal ar Eoghan go raibh na tráchtairí eile ag iarraidh an milleán ar fad faoin méid a tharla a bhualadh ar an Eaglais agus ar an Stát.

Ní fear é Eoghan a bheadh ag cosaint na hEaglaise ná an Stáit mura mbeadh údar maith leis ach thuig sé go rímhaith gurbh iad aithreacha na ngasúr agus muintir na máthar is mó a bhí freagrach.

Níorbh iad na mná rialta a d’fhág torrach na cailíní bochta sin. Níorbh iad agus, mar a dúirt bean liom cheana, níorbh é an Spiorad Naomh a rinne an beart ach an oiread.

Ba iad muintir na mná a bhí ag iompar an linbh a thugadh go dtí an t-áras máithreachais í go hiondúil. D’fhágtaí ar láimh na mban rialta ansin í.

Tá an méid sin sách ráite go deimhin sa tuarascáil a foilsíodh.

Ní thugtar cothrom na Féinne i gcónaí don chléir…

Is iad aithreacha na ngasúr agus muintir na máthar a bhí freagrach den chuid is mó as an mbealach cruálach ar caitheadh leo. Chuidigh institiúidí an Stáit agus an Eaglais leis, a deirtear.

Luaigh Eoghan Harris an chaint a rinne Enda Kenny os cionn dhá bhliain ó shin:

“Ní hé an chaoi ar bhris na mná rialta isteach sna tithe cónaithe agus na páistí a fhuadach. Thugamar ar láimh dóibh iad le cúlchaint bhinbeach na gcráifeachán a sheachaint.”

Thóg sé tamall ar urlabhraí de chuid na hEaglaise labhairt ar son na mban rialta. Tá ceannairí na hEaglaise chomh mór ar a gcosaint ar an aimsir seo go mbíonn leisce orthu a mbéal a oscailt faoi ábhar ar bith den sórt seo.

Labhair an tArdeaspag Eamon Martin sa deireadh agus dúirt sé nár cheart a bheith ag déanamh ceap milleáin de na hoird chrábhaidh. Bhí sé in am aige.

Céard go díreach atá á chur i leith na mban rialta ar aon bhealach? Ón aithne a chuir mise ar mhná rialta dream an-éifeachtach a bhí iontu i gcónaí.

Chreidfinn go ndéanfaidís a ndícheall leis na páistí beaga a choinneáil slán.

An bhfuil aon duine ag maíomh go ligfidís chun báis iad le cion faillí?

Sea, a déarfar leat, ach cailleadh i bhfad níos mó páistí sna hárais sin ná a bhí de pháistí ag fáil bháis ar fud na tíre.

Sin í an fhírinne, ach níor chuala mé míniú soiléir ar bith fós ar an gcúis a bhí leis.

An bhféadfadh sé gur scaip galair go tréan sna hárais de bharr an oiread sin páistí a bheith in éineacht?

Bhí an Stát ceaptha súil a choinneáil ar riaradh na n-áras. Ní dhearna siad é agus is mór an náire nach ndearna.

Maidir leis na sagairt bhídís ar a mbionda i gcónaí ag seanmóireacht in aghaidh cailín ar bith ar tharla míthapa di.

An chéad Domhnach a ndeachaigh Pádraig Mac Piarais ag an aifreann i Ros Muc bhí an sagart le seanmóir mar é a thabhairt.

Dúirt sé nach mbacfadh sé leis an lá sin mar go raibh fear uasal i láthair.

‘An Deargadaol’ a thug an Piarsach ar an ngearrscéal a scríobh sé faoi.

Fear é Eoghan Harris a bhfuil an-tuiscint aige ar an stair. Thagair sé don athrú a tháinig ar dhearcadh na ndaoine faoin leanbh tabhartha, an páistín raithní, tar éis an Ghorta.

Os cionn dhá bhliain ó shin scríobh mé féin alt anseo faoin athrú mór. Tá sé le fáil anseo.

Tháinig feirmeoirí láidre chun cinn tar éis an Ghorta. Éiríodh as foroinnt na talún. An mac ba sine a gheobhadh an fheirm feasta. Fadhb a bhí sa gcuid eile den chlann, go háirithe na hiníonacha.

Ba iad clann na bhfeirmeoirí céanna a chuaigh le sagartóireacht.

Nuair a tháinig coimeádachas eacnamaíochta an phobail agus dearcadh stairiúil na hEaglaise ar mhná le chéile is fánach an seans a bhí ag an gcailín a bhí torrach cothrom na Féinne a fháil.

Fág freagra ar 'Aithreacha na ngasúr agus muintir na máthar is mó a bhí freagrach…'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá an ceart ag Seosamh.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Aithreacha na ngasúr agus muintir na máthar is mó a bhí freagrach…’, tuairisc.ie, Dé Máirt, Eanáir 26, 2021.

    Fear misnigh is ea Seosamh Ó Cuaig. Tá de mhisneach aige gan aontú leis an gcomhdhearcadh ag an Eite Chlé agus ag na Liobrálaithe, gurbh í an Eaglais Chaitliceach ba mhó ba chiontach sa tslí ar caitheadh le máithreacha gan pósadh, agus lena gcuid leanaí, in Árais na Máithreacha agus na Leanaí. Ag aontú le hEoghan Harris atá Seosamh ‘gurbh iad aithreacha na ngasúr agus muintir na máthar is mó a bhí freagrach’.

    Áitíonn Seosamh in alt Eanáir 26, 2021, agus in alt eile leis, ‘Ní thugtar cothrom na Féinne i gcónaí don chléir…’, [Meán Fómhair 4, 2018], gurbh as coimeádachas eacnamaíochta na bhfeirmeoirí láidre a tháinig chun cinn, tar éis an Drochshaoil sa 19ú céad, agus as coimeádachas na sagart den chúlra sin, a tháinig meon na déine, ar mháithreacha gan pósadh, agus ar a gcuid leanaí.

    Téann Seosamh i leith línte as Cúirt an Mheon–Oíche le Brian Merriman mar thacaíocht leis an oipineon gur liobrálaí go mór tuairimí daoine roimh Ghorta Mór an 19ú céad, ná ina dhiaidh, ar na cúrsaí sin. I gcead do Sheosamh, is míléamh atá déanta aige ar Chúirt an Mheon–Oíche. Léigh mise páipéar do Chumann Merriman, Lúnasa 20, 1989, i Leacht Uí Chonchúir, páipéar dar teideal, ‘Cúirt an Mheon–Oíche, Apologia ag Mac, Marbhna ar Chine, Fáthchiall iar Stíobhardach’. Níor foilsíodh an páipéar sin, ach foilsíodh páipéar eile liom ar an ábhar céanna, ‘An Chairt Bheathaisnéise ag Pilib Barún ar Bhrian ‘Merriman’ Mac Con Mara (1836), Studia Hibernica 30 (1998/1999) lgh 155–166.

    Is é rud a dhéanaim amach sa dá pháipéar sin gur cosaint ar chúlra ‘Mherriman’ féin atá sa Chúirt; gur in Inis Díomáin a saolaíodh eisean, gur mhac do Dhonnchadh Ruadh Mac Con Mara é. Déanaim amach leis gur de chlann uasal Mhic Con Mara Fhinn sa Chreatalach sa taobh thoir theas de Cho. an Chláir ba ea ‘Merriman’; go raibh Donnnchadh Ruadh tamall ag gabháil leis an tsagartacht, ach gur éirigh sé as noibhíseacht sa Róimh, Noibhíseacht Doiminiceach, de réir dealraimh. Meas sagairt loicthe a bhí as sin amach ar Dhonnchadh Ruadh, agus bhíodh sé á lua le Máire Ní Ógáin, agus ina dhiaidh sin le bean de Mhuintir Mhic Uilcín. Is é mo thuairim féin nach sagart loicthe ba ea Donnchadh Ruadh, agus nach raibh grádh an fhodheochain bronnta air nuair a d’éirigh sé as an noibhíseacht. Ní chaitheadh ábhar sagart, faoin seanreacht, móid na haontumha a thabhairt go dtí go mbronnfaí grádh an fhodheochain air. Bhíodh beagnach a oiread drochmheasa ar ábhar sagart a d’éireodh as cliarscoil nó noibhíseacht, is a bhíodh go dtí ár linn féin ar mháithreacha gan pósadh.

    Rud eile atá sa scéal is ea nach raibh d’aitheantas ar an bpósadh Caitliceach faoi dhlí Shasana, go dtí isteach sa 19ú céad, ach aitheantas pósta faoin dlí coiteann, is é sin le rá nach pósadh dleathach ba ea in aon chor é. Aon duine a mbeadh aon speilp air, a mbeadh fonn pósta air, is i séipéal de chuid Eaglais na hÉireann a chaitheadh sé féin agus a ghrá geal, a chéile a phósadh. Dá bhfaighfí amach gur Caitliceach ba ea duine a mbeadh talamh aige abair, agus nach pósadh de réir Eaglais na hÉireann a bheadh déanta aige, bhí an baol ann go gcaillfeadh seisean a chuid talún ar fad faoi phéindlí a dtugtaí coitianta the Gavel Act air –– 2 Anne, c. 6 (Márta 4, 1704), agus péindlí gaolmhar leis siúd, 8 Anne, c. 3 (Lúnasa 30, 1709). Níor aisghairmeadh the Gavel Act go dtí 1778, 2 bhliain sular cumadh Cúirt an Mheon–Oíche, agus thug an tAcht úd ar an–chuid d’uaisle Caitliceacha na tíre iompú ina nAnglacánaigh. Rinne Liam de Paor amach, trócaire air, gur iompaigh an tríú cuid d’uaisle Caitliceacha Cho. an Chláir ina nAnglacánaigh fad a bhí an tAcht sin i bhfeidhm. Bhíodh cead ón Eaglais Chaitliceach ag uaisle Caitliceacha pósadh i séipéal Anglacánach, agus bhíodh cead acu toiliú le searmanas adhlactha Anglacánach, agus cead, ón Eaglais Chaitliceach, iad a chur i reilig Anglacánach. Is i séipéal Anglacánach a phós Dónall Ó Conaill agus a bhean siúd, Mary, a chéile, abair.
    Ó thaobh na hEaglaise Caitlicí de, ordú pósta de chuid Chomhairle Thrionta, ba ea Tametsi (1563), ordú nár tosaíodh ar é a chraobhscaoileadh i gceart in Éirinn, go dtí 1775, ar a thúisce. Ba é an chéad chúige eaglasta ar tosaíodh ar Tametsi a chraobhscaoileadh i gceart ann, Cúige Chaisil, an cúige a bhfuil formhór Cho. an Chláir ann. Ba é an chúis ar fhan an Eaglais Chaitliceach chomh fada sin gan an t–ordú sin a chraobhscaoileadh i gceart, gur faoi Mhonarc Anglacánach a bhí Éire ó aimsir Anraí VIII, agus nach raibh saoirse chreidimh ag Caitlicigh go dtí 1829, nuair a bhain an Conallach, agus a chuallacht, Saoirse na gCaitliceach amach. Ba iad Ard–Deoise Bhaile Átha Cliath agus Deoise na Gaillimhe, ba dheireanaí a chraobhscaoil an t–ordú sin, tharla a oiread sin póstaí idirchreidmheacha a bheith sa dá dheoise. Níor craobhscaoileadh in Ard–Deoise Bhaile Átha Cliath go dtí 1827 é, 2 bhliain sular baineadh amach Saoirse na gCaitliceach.
    De réir Tametsi, ní bheadh pósadh bailí Caitliceach ann feasta mura mbeadh sagart ann chun an bheirt a phósadh, mura mbeadh beirt fhinnéithe air, agus mura ndéanfaí an pósadh a thuairisciú i gclárleabhar an pharóiste, ar a bheith ann don chlárleabhar. Go dtí gur craobhscaoileadh Tametsi i ndeoise ar bith in Éirinn, is pósadh bailí a bheadh ann 1) dá gcuirfí in iúl don phobal go raibh an bheirt le pósadh; 2) dá mbeadh toil athair na mná leis an bpósadh; agus 3) dá mbeadh toil na mná féin leis an bpósadh. Tá de chuma ar chuid d’amhráin mhóra na Gaeilge nach raibh aon bheann ag na daoine ar dhlí pósta na hEaglaise Caitlicí. Is é fírinne an scéil go raibh beann acu air, ach gurbh é an seandlí a bhí i bhfeidhm le linn chumadh na n–amhrán mór. Ní hé amháin go raibh beann ar an seandlí ag na daoine, ach gur léir ar chuid mhaith amhrán, gur ghlac lucht a gcumtha leis gur peaca marfach is ea daoine a bheith i mbun collaíochta gan a bheith pósta.
    Gach uile sheans nár éirigh le Donnchadh Ruadh bean den uasaicme a phósadh. Ar feadh i bhfad bhí an Eaglais Chaitliceach ag iarraidh tabhairt ar na huaisle pósadh in facie ecclesiae, is é sin, i bpóirse an tséipéil. Ba mhar a chéile é sin agus pósadh go bhfios don phobal. Ní raibh aon aitheantas ag Rialtas Shasana ar uaisleacht Dhonnchaidh Ruaidh. Dá réir sin, dá mbeadh fonn pósta airsean, ní in facie ecclesiae, go litriúil, a chaithfeadh sé pósadh, i dtuiscint na hEaglaise Caitlicí. An chuid d’uaisle Cho. an Chláir a bhí iompaithe ina nAglacánaigh faoi sin, bheidís ar an tuairim nach pósadh dleathach a bhí déanta ag Donnchadh Ruadh le pé bean a phós sé. Chuaigh teist na mban, agus na mídhílseachta, is dócha, amach ar Dhonnchadh Ruadh. Dá réir sin, le linn dó a bheith ag plé le bean ar bith, gach uile sheans gurbh í teist na striapaí a bheadh uirthise. Tá pearsa sa Chúirt ar meas striapaí a bhí ag boicíní an Chláir uirthi. Is ise máthair Mherriman, i mo thuairimse. Mar a dúirt mé i dtosach an ríomhphoist seo, is ag cosaint a chúlra féin, agus a mháthar féin a bhí Merriman. Chuir sé craiceann an mhagaidh ar an ábhar, mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain. Is ag Charles–Louis de Secondat [Montesquieu], [1689–1755], údar Lettres Persanes, a fuair Merriman an moladh go ligfí do na sagairt pósadh. Scéal thairis é sin aige. Cuimhímis gur ‘sagart loicthe’, má b’fhíor, ba ea athair Mherriman. D’aimsigh mise fianaise dhoiciméadach sa Leabharlann Náisiúnta gurbh é ‘Mac Con Mara’ an sloinne a bhí ar Mherriman. Níl in ‘Merriman’, ach Béarlú ar ‘Mac Meanman’. Ba é Meanma Taoiseach Chlann Chuiléin i gCath Chluain Tarbh [1014]. Ba ó Mheanma a shíolraigh Muintir Mhic Con Mara. Scoláire ar bith Gaeilge lena linn a mbeadh stair na hÉireann aige, thuigfeadh sé gur códainm é sin ag Merriman air féin. Ba de thréithe Ghaeilge Cho. an Chláir go ndéantaí –r– de –n– i gcomhthéacsanna áirithe; agus –e– de –ea–. Thabharfadh sin ‘Merman’, agus le guta cúnta a bheith idir –r– agus –m–, thabharfadh sé ‘Meraman’. Níl airde léim giorria idir ‘Meraman’ agus Merriman i dtaobh foghraíochta. Chomh maith leis sin, is focal Fraincise ar ‘muir’ is ea mer. Comhleagan ar ‘Mac Con Mara’ i nGaeilge Cho. an Chláir ba ea ‘Mac na Mara’. Bhíodh an chiall ‘drúisiúil’ le merry i mBéarla an 18ú céad. Ag magadh faoin léitheoir, ar shlí, atá Merriman. Ach ba leor nod d’eolaigh dheireadh an 18ú céad.
    Cad as an déine i gcúrsaí máithreacha gan pósadh? Mar atá ráite cheana agamsa, bhí uasaicme Chaitliceach na hÉireann an–mhór ar son an Bháiánachais agus an Jansenachais i ndeireadh an 16ú céad, agus i dtosach an 17ú céad. Is gnách go samhlaítear déine leis an Jansenachas i gcúrsaí moráltachta, i gcúrsaí collaíochta go háirithe. Go bhfios domsa, ní mór an spéis a bhí ag Jansen féin sa chollaíocht. Ach bhí déine nó Dochtachas ag baint leis an Jansenachas i gcoitinne, agus i gcaitheamh na haimsire chloígh Jansenaigh na Fraince leis an dochtachas i gcúrsaí mhoráltacht na collaíochta. Dar leis an Eaglais Chaitliceach is earráid is ea an Dochtachas. Is é rud is Dochtachas ann gurb é an léamh is déine ar dhlí ar bith an t–aon léamh amháin atá ceart. Rinne Pól VI soiléir an méid sin –– i dtaobh mhoráltacht na collaíochta san fhógra uaidh siúd, Persona Humana (1975). Déantar amach gur thug diagairí na Fraince an Dochtachas úd leo, agus iad ag teitheadh go hÉirinn ó Ré an Uafáis sa Fhrainc, aimsir Réabhlóid na Fraince. An ghlúin Éireannach a saolaíodh in 1751, is Béarlóirí ba ea a bhformhór. Aimsir Pharlaimint Ghrattan i mblianta 1780, ní raibh ach dhá dtrian de mhuintir na hÉireann ina gCaitlicigh. Ní foláir nó chuaigh Cailvíneachas na bProtastúnach, agus Dochtachas na Fraince i gcion ar an uasaicme Chaitliceach a bhí éirithe naimhdeach leis an nGaeilge faoi sin. Thug mise faoi deara agus mé ag déanamh taighde ar chúlra Dhonnchaidh Ruaidh, agus ar ghinealaigh Mhuintir Mhic Con Mara, na litreacha d.s.p. a bheith faoi ainmneacha cuid mhaith fear sna ginealaigh. Is nod ar decessit sine prole iad na litreacha sin. Is é sin ‘fuair [sé] bás gan sliocht’. Ba é an tslí a bhíodh ag an uasaicme an uair úd chun maoin a gcine féin a chaomhnú, gan pósadh in aon chor, ach a gcuid talún a fhágáil ag céadghin an mhic ba shine den teaghlach. Is é is dóichí nach miste an léamh ‘fuair [sé] bás gan sliocht dlisteanach’ a dhéanamh ar d.s.p. . Dá mbeadh sliocht ar bith dlisteanach orthu féin, laghdódh sé sin ar mhaoin na céadghine ag an mac ba shine den teaghlach. Ach dar ndóigh, dúirt Críost féin nach don uile dhuine an aontumha [an neamhphósadh], agus is cinnte go raibh leanaí tabhartha thall is abhus ag cuid den teaghlach nach raibh ag éirí leo cloí leis an aontumha. Leanadh de nós sin an neamhphósta go dtí isteach san 20ú céad. Ba í Éire an tír ba lú póstaí san Eoraip i mblianta 1920. Tá scéal ar Phiaras Feirtéar gur chuir sé teachtaire go dtí áit dhúchais mná a raibh spéis aige inti, féachaint cén teist a bhí san áit sin uirthi. Tháinig an teachtaire abhaile go dtí Piaras, agus d’inis do Phiaras: ‘thit crú ón láir bhán,’ is é sin go raibh leanbh tabhartha ag an mbean, nó ‘leainbhín beag mistéic’ mar a deirtear i nGaeltacht Cho. na Gaillimhe.
    Mar atá ráite cheana agam féin, bean de Mhuintir Mhic Con Mara ba máthair mháthair m’atharsa, agus dhéanadh m’athair amach, idir mhagadh agus dáiríre, go raibh gaol againne le Donnchadh Ruadh. Go ndéana Dia trócaire ar anamacha na marbh!

  • Meon Oíche

    Is ait liom nach luann an colúnaí freagracht mhuintir an athar chor ar bith, an dream is mó a d’fhágfadh a rian ar mheon an athar. Maidir leis na mná rialta, is é an cháil a chloisinn orthu i gCarna go raibh fabhar acu le lucht gnó, airgid agus maoine agus drochmheas ar mhuintir na háite go háirithe an dream a bhí bocht agus gaelach. Ligtí an maide ar na créatúir sin agus thugtaí Roisín na Mallacht go maslach ar an mbaile arbh as iad, an baile céanna a raibh an scoil agus an clochar suite ann. Léiriú ar a gcuid baothghalántachta é seoladh an chlochair, Clochar na Trócaire, Carna. Ní fheilfeadh an t-ainm, Roisín na Mainiach, dá leithéid.
    Ba é an t-aicmeachas, cúrsaí maoine, measúlachta agus stádais a d’fhág go leor ban ar an bhfaraor géar.
    Ní meabhrach amháin atáir, a Shéamais de Barra, ach meidhreach freisin!

  • Séamas de Barra

    Táimse ag aontú le Seosamh Ó Cuaig nár cheart freagra a fhoilsiú ó dhuine nach mbíonn sásta a ainm féin/a hainm féin a chur leis an bhfreagra. Tá meas agamsa ar Sheosamh Ó Cuaig, ainneoin gan mé ag aontú leis ar gach uile ábhar. Tá cion fir á dhéanamh ar son na Gaeilge aige le blianta fada, agus rinne sé a dhícheall ar son a phobail féin le linn dó a bheith ina ionadaí poiblí.

  • Ciarán Ó Coiglilgh

    A Sheosaimh Uí Chuaig, Go maire tú an bharúil chothrom a nocht tú i dtaobh na dTithe Máithreachais agus Leanaí. Is fiú aird a thabhairt ar chúpla rud dá ndeirtear sa Tuarascáil Deiridh a foilsíodh an lá cheana go h-áirithe: (1) B’fhearr an chóir a cuireadh ar mháithreacha agus ar leanaí sna Tithe a thúsaigh na mná rialta ná sna Tithe a bhí faoi chúram an Stáit Ghallda (ar dtús) agus an tSaor-Stáit (Phoblacht na hÉireann ar ball). (2). Níl aon fhianaise ann gur chaith mná rialta go dona le máithreacha ná le leanaí. (3) Is dá ndeoin féin a thaobhaigh for-mhór na máithreacha na Tithe de cheal cúnaimh ar bith eile. (4) Ba iad bochtanas fhor-mhór na mban, a ndroch-shláinte agus a n-easpa oiliúna ó thaobh cothú leanaí chomh maith leis na coinníollacha plódaithe agus easpa áiseanna freagracha faoi deara an ráta báis a bheith a oiread sin níos airde sna Tithe ná i measc an ghnáth-phobail. (5) Bhí máithreacha go leor ann a mb’fhearr leo scaradh lena gcuid leanaí. B’in é an t-údar go mb’éigean do roinnt Tithe diúltú do mhná áirithe mura mbeidís sásta a ghealladh go dtabharfaidís leo a gcuid gasúr nuair a d’fhágfaidís na Tithe. (7) Bhí an ceart uilig agat, a Sheosaimh, aird a thabhairt ar aithreacha na leanaí. Is iad sin na daoine a mba chóir a éileamh orthu go n-íocfaidís cúiteamh lena gcuid gasúr agus le máithreacha na ngasúr céanna.

  • Súil eile

    An ceart ar fad ag Seosamh – Agus mé ag éisteacht leis na meáin le cúpla seachtain anuas níl mórán acu ag cur an mhilleáin ar mhuintir na mban féin a dhíbir í sa gcéad áit/ agus ar aithreacha an pháiste nach nglacfadh aon fhreagracht. An milleán ar fad curtha ar na mná rialta agus ar na sagairt agus tuigim go raibh cumhacht ollmhór ag an Eaglais i leith mheon na ndaoine &srl. An rud atá suimiúil dar liomsa ná anois go bhfuil an oiread cainte ag daoine faoi na páistí beaga a bhásaigh agus a caitheadh sa ‘septic tank’ gan aon uaigh cheart orthu- Ba iad an Chomhairle Condae a bhi freagrach as seo cloisim, ach ar aon nós, agus tuigim gur cuireadh drochbhail ar na mná sna hárais seo, ach arís féach pointe a haon – dá mbeadh tacaíocht aici óna teaghlach nó ó athair an pháiste ní bheadh sí san áras…. ba mhaith liom a fháil amach an dtuigeann daoine cá bhfaightear réidh leis na páistí a mharaítear sa lá atá inniu ann le ginmhilleadh? Agus díreach le bheith soiléir – ní le héigniú a gineadh/ a ghintear gach páiste! Moltar an leithreas a úsáid ar shuíomh an HSE, ní áirím céard a tharlaíonn le ginmhilleadh i suíomh an ospidéil. Cearta na mBan? Céard faoi na cailíní bochta a ndiúltaítear dóibh a theacht ar an saol seo?
    Ná luaigh m’ainm/ sheoladh ríomhphoist le bhur dtoil)

  • Seán Mac Cearáin

    Tá mé ag dúil leis an tuairisc a léamh.Go háirithe nuair atá lucht cáinte na heaglaise chomh ciúin faoi.