Ní minic a bhím ag cosaint na hEaglaise Caitlicí ach feictear dom nach dtugtar cothrom na Féinne i gcónaí don chléir sa díospóireacht theasaí atá ar bun faoin drochbhail a cuireadh ar mhná agus ar pháistí san am a caitheadh.
Ní fhéadfadh duine réasúnach ar bith leithscéal a dhéanamh faoi na hionsaithe gnéis a rinneadh ar pháistí ach maidir leis na mná a cuireadh i neachtlanna Mhaigdiléana níorbh iad an chléir amháin a bhí ciontach: bhí a gcuid tuismitheoirí agus a gcuid comharsan páirteach sa gcomhcheilg freisin.
Maidir le ceannairí an Stáit dhún siad a súile ar fad ar a raibh ag tarlú.
Nuair a d’fhaightí amach go raibh cailín óg torrach mheasadh a cuid tuismitheoirí go raibh siad náirithe go deo. Níorbh é an Spiorad Naomh a d’fhág mar sin í ach is iondúil go ligtí an fear saor ó cháineadh.
Leanbh mídhlisteanach, leanbh tabhartha, a bheadh aici de réir an Stáit.
Ní spáráladh na comharsana an teanga ag scaipeadh an scéil. Ní dhéanaidís dearmad an focal bastard a rá go minic.
An réiteach ab éasca a bhíodh ag na tuismitheoirí ar an gcás an iníon a chur go Sasana faoi rún dá mb’fhéidir é, sin nó a dhul i muinín na hEaglaise lena sacadh isteach i gceann de na hinstitiúidí a bhfuil caint mhór á déanamh fúthu anois.
Scaití eile théadh an sagart go dtí athair an pháiste go míníodh sé dhó go gcaithfeadh sé an cailín a phósadh. Scannal a bhí ann agus ní fhéadfaí an scéal a ligean ní b’fhaide.
Taitníodh an pósadh leis an mbeirt nó ná taitníodh chaithfí ordú an tsagairt a chomhlíonadh.
Tá an lá sin imithe agus, mar a dúirt Tomás de Bhaldraithe faoin tuiseal ginideach, ní fearr ann é. Sagart gan mórán céille a thosódh ag pápaireacht anois faoin gceangal ba chóir a bheith idir fear agus bean.
Tá lánúineacha ag pósadh sna clárlanna
inniu. Tá lánúineacha eile a mbíonn searmanas daonnachach acu lá a bpósta.
Tá beirteanna eile fós ann nach mbacann le pósadh ar chor ar bith ach a théann ag maireachtáil in aontíos.
I gcás go socraíonn siad pósadh tar éis roinnt blianta is minic go mbíonn beirt nó triúr dá gcuid páistí sa séipéal an lá a dtugann siad a n-aghaidh ar an altóir.
Roimh aimsir an Ghorta ní raibh gráin ar bith ar an bpáiste a thiocfadh ar an saol taobh amuigh den phósadh. ‘Dá mba isteach faoi thír sa bhfeamainn reatha a thiocfadh an maicín cuirigí fáilte roimhe,’ a deirtí.
Ní bhíodh an fháilte chéanna roimh an gcailín beag ach sin scéal eile.
Bhíodh ainmneacha éagsúla acu ar a leithéid de pháiste – páiste ceo, páiste díomhaointis, páiste gréine, páiste raithní, páiste seoigh, páiste toir.
Mar a thuigfeadh ár gcara Karl Marx go maith, cúrsaí eacnamaíochta ba bhun leis an dá dhearcadh. Ar an dúshraith eacnamaíochta a bhíonn nósanna agus cultúr an phobail bunaithe.
B’fhurasta déileáil leis an iníon thorrach roimh an nGorta. Ní raibh ann ach garraí le haghaidh fataí a thabhairt di féin agus dá fear. Ba ghearr an mhoill orthu ansin teachín a thógáil as clocha, as scraith agus as cíb.
Bhí na gabháltais á roinnt go tréan ag an am – foroinnt mar a tugadh air.
D’athraigh an scéal ó bhun tar éis an Ghorta: an mac ba shine a gheobhadh an gabháltas ar fad feasta.
Tháinig coimeádachas uafásach as sin. Tháinig sagairt choimeádacha as freisin: clann mhac eile na bhfeilméaraí is mó a chuaigh sna sagairt as sin go dtí gur athraigh an saol aríst.
Má tá tú ag iarraidh léargas ar an leagan amach a bhí ag daoine faoin scéal ar fad níl beart is fearr a d’fhéadfá a dhéanamh ná an dán ‘Cúirt an Mheán Oíche’ a léamh.
Moladh ansin go mbeadh cead ag na sagairt pósadh. Moladh ann freisin go mbeadh ‘saorthoil síolraigh’ ag cách.
Seo véarsa as an dán san áit a bhfuil an seanfhear ag cur síos ar an bpáistín raithní le fear eile a bhí a bhean a iompar nuair a phós seisean í:
A’ bhfeiceann tú thall go ceansa ciúin é!
Deisigh anall i dteannta an bhoird é.
Breathain go cruinn é, bíodh gurb óg é
Is dearfa suite an píosa feola é,
Is preabaire i dtoirt i gcorp is i gcnámh é
Cá bhfuil a locht i gcos ná i lámh de?
Ní seargach fann ná seandach feosach,
Leibide cam nó gandal geoiseach,
Meall gan chuma nó sumach gan síneadh é
Ach lansa cumasach, buinneamhach, bríomhar.
Ní deacair a mheas nach spreas gan bhrí
Bheadh ceangailte ar nasc ar tasc ag bean,
Gan ghrá gan chumann gan fuinneamh gan fonn,
Do scaipfeadh i mbroinn d’aon mhaighre mná
Le catachas draighin an graíre bhreá.
Claire e lyons
Alt suimiúil cothrom