Aiséirí na hIodáile, deacrachtaí na hÍsiltíre agus anois nó riamh don Bheilg…

Agus tús á chur an tseachtain seo le EURO 2020 caitheann Tuairisc.ie súil ar na foirne atá ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo, ag tosú le Grúpaí A-C

Aiséirí na hIodáile, deacrachtaí na hÍsiltíre agus anois nó riamh don Bheilg…

Gareth Bale. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Grúpa A

An Iodáil

Conas atá acu?

Bhí foireann na hIodáile in ísle brí le roinnt blianta agus theip ar an Azurri áit a bhaint amach ag Corn an Domhain 2018 sa Rúis.

Ceapadh Roberto Mancini ina bhainisteoir ina dhiaidh sin chun rudaí a chur ina gceart agus tá ag éirí leis den chuid is mó. Bhuaigh na hIodálaigh gach ceann de na deich gcluiche cáilithe a bhí acu ach níor casadh na boic mhóra orthu go fóill.

Bíonn imirt na foirne faoi cheannas Mancini níos scaoilte ná mar a bhíodh de ghnáth ag an Iodáil agus má éiríonn le Ciro Immobile barr a mhaitheasa a bhaint amach i rith an chomórtais, d’fhéadfadh na hIodálaigh a bheith san iomaíocht go fóill sna babhtaí ceannais. Cinnte, ba cheart dóibh na cosa a thabhairt leo as grúpa A.

Coinnigh súil ar…

Marco Verratti. Tá imreoirí lár páirce den scoth ag an Iodáil agus beidh Verratti agus Jorginho lárnach in imirt na foirne. Nuair a bhíonn Verratti ar a bhuille is beag imreoir atá níos fearr ná é ach is duine teasaí é freisin agus cailleann sé guaim air féin go minic.

Cluichí: v An Tuirc (2pm, 11 Meitheamh), v An Eilvéis (8pm, 16 Meitheamh), v An Bhreatain Bheag (5pm, 20 Meitheamh)

An Eilvéis

Conas atá acu?

Seo é an tríú mórchomórtas as a chéile atá bainte amach ag foireann na hEilvéise agus tháinig siad slán ó bhabhtaí na ngrúpaí sna trí cinn acu. Ceann de na fadhbanna atá ag an bhfoireann ná nach bhfuil go leor cluichí imeartha i mbliana ag cuid de na himreoirí is tábhachtaí acu. Bhí Fabian Schär gortaithe cuid mhaith den séasúr agus cé go bhfuil cosantóir Newcastle United sa scuad, is beag atá imeartha aige. D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi Xherdan Shaqiri agus cé go bhfuil roinnt cluichí imeartha ag an tosach Breel Embolo, níor scóráil sé ach cúig chúl do Borussia Mönchengladbach sa Bundesliga.

Xherdan Shaqiri. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Coinnigh súil ar…

Xherdan Shaqiri. Ní bheidh fear Liverpool sásta lena laghad cluichí a d’imir sé go dtí seo i mbliana ach tá cumas fós ann agus is é an t-imreoir is tábhachtaí ar fhoireann na hEilvéise go fóill.

Cluichí: v An Bhreatain Bheag (2pm, 12 Meitheamh), v an Iodáil (8pm, 16 Meitheamh), v An Tuirc (5pm, 20 Meitheamh).

An Tuirc

Conas atá acu?

Bhí Senol Gunes ina bhainisteoir ar fhoireann na Tuirce nuair a shroich siad cluichí leathcheannais Chorn an Domhain in 2002 agus tá sé ar ais i gceannas ar an bhfoireann is fearr a bhí acu ó shin.

Bhí an Tuirc ar fheabhas sna cluichí cáilithe agus an-mhí-ádh orthu nár chríochnaigh siad chun tosaigh ar na Francaigh. Bhuadar ar sheaimpíní an domhain i gcluiche amháin agus chríochnaigh an ceann eile ar comhscór, léiriú ar an mianach atá san fhoireann. Tá cosantóirí an-láidir acu agus tá imreoirí cruthaitheacha acu freisin, mar a léirigh an feachtas iontach a bhí ag an seanfhondúir Burak Yılmaz le Lille sa Fhrainc.

Coinnigh súil ar…

Caglar Soyuncu. Níor scaoil an Tuirc isteach ach trí chúl sna deich gcluiche cáilithe a bhí acu agus taispeántais Soyuncu ba chúis le cuid mhór den dea-obair sin. Chruthaigh sé ar fheabhas do Leicester City i bPríomhroinn Shasana le cúpla bliain anuas agus tá sé ar dhuine de cheannairí fhoireann seo na Tuirce.

Cluichí: v An Iodáil (2pm, 11 Meitheamh), v An Bhreatain Bheag (5pm, 16 Meitheamh), v An Eilvéis (5pm, 20 Meitheamh).

An Bhreatain Bheag

Conas atá acu?

Ní dhéanfaidh lucht tacaíochta na Breataine Bige dearmad go deo ar EURO 2016 nuair a bhain an fhoireann áit amach sna cluichí leathcheannais. Gaisce ar leith a bheadh ann dá n-éireodh leo sin a dhéanamh arís.

Níl Gareth Bale chomh maith céanna agus a bhí sé cúig bliana ó shin ach d’fhéadfaí a rá go bhfuil na himreoirí ina thimpeall níos cumasaí ná a bhí siad sa Fhrainc. Tá Daniel James, Ethan Ampadu, Joe Rodon agus Neco Williams tagtha chun coinlíochta le roinnt blianta anuas.

Robert Page a bheidh i gceannas ar an bhfoireann toisc Ryan Giggs a bheith cúisithe as beirt bhan a ionsaí.

Coinnigh súil ar…

Gareth Bale. Is cinnte nach bhfuil an stádas céanna ag Bale is a bhí in 2016 ach níl aon amhras ach gurb é an t-imreoir is tábhachtaí ar fhoireann seo na Breataine Bige. Spreagann sé na fir timpeall air agus is léir go mbaineann sé an-sult as a bheith ag imirt don fhoireann. Scóráil sé roinnt cúl do Tottenham i dtreo dheireadh an tséasúir, b’fhéidir go bhfuil sé ag teacht chuige féin ag an am ceart.

Cluichí: v An Eilvéis  (2pm, 12 Meitheamh), v An Tuirc (5pm, 16 Meitheamh), v An Iodáil (5pm, 20 Meitheamh).

Grúpa B

An Bheilg

Conas atá acu?

Anois nó riamh ag sárfhoireann seo na Beilge. Tá deireadh ag teacht le ré órga na Beilge agus cé go mbeidh Corn an Domhain sa Chatar an bhliain seo chugainn, tá an aois ag breith ar na Beilgigh. Sa chosaint, tá Toby Alderweireld 32, tá Jan Vertonghen agus tá Thomas Vermaelen 35. I measc na dtosaithe, tá Dries Mertens 34, tá Eden Hazard 30 agus beidh Kevin De Bruyne 30 roimh dheireadh an chomórtais.

Ní raibh aon mheirg ar na Beilgigh sna cluichí cáilithe, áfach. Bhuadar gach ceann de na deich gcluiche a bhí acu, scóráil siad 40 cúl agus níor ghéill siad ach trí cinn. Tá cúig bliana anois caite ag Roberto Martinez i gceannas ar an bhfoireann agus tá an-chur amach ag na himreoirí ar an gcóras 3-4-3 a bhíonn in úsáid acu. Beidh siad sách maith chun teacht slán ón ngrúpa ach caithfear fanacht go bhfeicfear ina dhiaidh sin.

Romelu Lukaku. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Coinnigh súil ar…

Romelu Lukaku. Fágann an droch-chúpla bliain a bhí ag Eden Hazard agus an gortú atá ag cur as do Kevin De Bruyne go mbeidh níos mó brú ar Lukaku an beart a dhéanamh don Bheilg. Is maith an rud mar sin go raibh an tosach ar fheabhas do Inter Milan agus an Serie A buaite acusan an séasúr seo. Fear mór láidir é Lukaku ach tá sé breá ábalta titim siar agus deiseanna a chruthú d’imreoirí eile freisin nuair is gá.

Cluichí: v An Rúis (8pm, 12 Meitheamh), v An Danmhairg (5pm, 17 Meitheamh), v An Fhionlainn (8pm, 21 Meitheamh).

An Danmhairg

Conas atá acu?

Ba cheart go mbeadh aithne mhaith ag lucht tacaíochta na hÉireann ar fhoireann na Danmhairge agus scata cluichí imeartha idir na foirne le blianta beaga anuas. Tháinig bainisteoir nua, Kasper Hjulmand, isteach anuraidh agus an chuma ar chúrsaí go bhfuil an Danmhairg ag dul ó neart go neart faoina cheannas.

Tá cúl báire maith acu, Kasper Schmeichel agus tá croílár na foirne láidir chomh maith – na cosantóirí Simon Kjaer, Andreas Christensen agus Thomas Delaney agus Pierre-Emile Højbjerg i lár páirce. Bíonn an fhoireann ag brath an iomarca, b’fhéidir, ar Christian Eriksen chun deiseanna a chruthú, áfach, agus ní raibh bliain iontach ag Yussuf Poulsen ná ag Martin Braithwaite, beirt de na tosaithe is mó taithí ar an bhfoireann.

Coinnigh súil ar…

Christian Eriksen. Laoch na foirne go fóill, breis is deich mbliana ó d’imir sé a chéad chluiche don Danmhairg. Ní raibh rudaí éasca ag Eriksen ó bhog sé go dtí Inter Milan mí Eanáir 2020 agus rinne an cumann iarracht fáil réidh leis ag tús na bliana. Ní dheachaigh sé aon áit, áfach, agus d’fheabhsaigh cúrsaí dó roimh dheireadh an tséasúir.

Cluichí: v An Fhionlainn (5pm, 12 Meitheamh), v An Bheilg (5pm, 17 Meitheamh), v An Rúis (8pm, 21 Meitheamh).

An Rúis

Conas atá acu? Bhain na Rúisigh áit amach ag an gcomórtas éasca go maith ach bhuaigh an Bheilg, a bhí sa ghrúpa cáilithe céanna leo, orthu faoi dhó i gcluichí aontaobhacha. Is beag seans mar sin go bhfaighidh siad an ceann is fearr ar an bhfoireann chéanna nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar a chéile sa chéad chluiche Dé Sathairn. Beidh na Rúisigh ag súil go mbeidh seans fós acu teacht slán ón ngrúpa faoin am a n-imreofar a gcluiche deireanach in aghaidh na Danmhairge.

Foireann mhór láidir í ceann na Rúise. Tá an tosach Artem Dzyuba sé troithe sé orlaí ar airde agus cé nach é an t-imreoir is ealaíonta, tá 29 cúl scóráilte aige i 52 cluiche don Rúis.

Coinnigh súil ar…

 Aleksandr Golovin. Fear amháin a bhfuil beagáinín scile aige ná Golovin, a bhíonn ag imirt do AS Monaco sa Fhrainc. Bhí sé gortaithe ag tús an tséasúir ach nuair a d’fhill sé ar pháirc na himeartha mí Eanáir, bhí sé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ar an bhfoireann a chríochnaigh sa tríú háit sa tsraith.

Cluichí: v An Bheilg (8pm, 12 Meitheamh), v An Fhionlainn (2pm 16 Meitheamh), v An Danmhairg  (8pm, 21 Meitheamh).

An Fhionlainn

Conas atá acu?

Bhain an Fhionlainn áit amach ag mórchomórtas sacair den chéad uair riamh nuair a chríochnaigh siad sa dara háit taobh thiar den Iodáil ina ngrúpa cáilithe. Iarmhúinteoir é an bainisteoir Markku Kanerva agus tá aithne mhaith aige ar na himreoirí óna thréimhse mar bhainisteoir ar fhoireann faoi 21 na Fionlainne breis is deich mbliana ó shin.

Níl aon réalta mhór ar an bhfoireann agus is é an bua is mó atá acu an caidreamh iontach atá ag na himreoirí agus an bainisteoir lena chéile. Beidh siad ag iarraidh sampla na hÍoslainne ag EURO 2016 a leanúint.

Coinnigh súil ar…

Teemu Pukki. Is é tosach Norwich City an t-aon imreoir a mbeadh aithne mhaith air taobh amuigh den Fhionlainn. Thóg sé tamaillín air barr a chumais a bhaint amach ach tá sé sin déanta anois aige le roinnt blianta anuas. Chabhraigh sé le Norwich ardú céime a bhaint amach arís i mbliana agus má éiríonn leis an Fhionlainn aon bhua gan choinne a bhaint amach an mhí seo, beidh baint ag Pukki leis.

Grúpa C

An Ísiltír

Conas atá acu?

 Is mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí san Ísiltír ó cuireadh an comórtas seo ar ceal anuraidh. Tá an bainisteoir a bhí i gceannas nuair a bhain an fhoireann áit amach ag EURO 2020, Ronald Koeman, imithe go Barcelona agus Frank de Boer tagtha isteach ina áit. Tá captaen na foirne Virgil Van Dijk ar iarraidh freisin ó bhain drochghortú glúine dó agus é ag imirt le Liverpool.

Cé gur theip ar an Ísiltír áit a bhaint amach ag EURO 2016 agus arís ag Corn an Domhain 2018, measadh tamall ó shin go raibh seans acu an comórtas seo a bhaint. Is beag duine a shíleann sin anois.

Tá imreoirí den scoth acu go fóill, an fathach Matthijs De Ligt sa chosaint agus Frenkie de Jong agus Georginio Wijnaldum i lár na páirce, ach níl an fhoireann ag bláthú mar a bhí.

 

Coinnigh súil ar…

Memphis Depay. Tá De Ligt agus de Jong mar chuid de ghlúin úr na hÍsiltíre agus is imreoir ealaíonta é de Jong go háirithe. Ach tá Depay i mbarr a mhaitheasa faoi láthair agus tá cúil chinniúnacha faighte aige don fhoireann. Is geall le himreoir difriúil é ón imreoir nár éirigh leis ag Manchester United blianta ó shin.

Cluichí: v an Úcráin (8pm, 13 Meitheamh), v An Ostair (8pm, 17 Meitheamh), v An Mhacadóin Thuaidh (5pm, 21 Meitheamh).

An Ostair

Conas atá acu?

Níor éirigh leis an Ostair teacht slán óna ngrúpa ag EURO 2008 ná EURO 2016, an t-aon dá uair a bhain siad áit amach ag príomhchomórtas sacair na hEorpa. Beidh dóchas ag na himreoirí, áfach, ag na himreoirí go n-éireoidh leo gaisce stairiúil a dhéanamh an uair seo. Beidh an cluiche i gcoinne na hÚcráine thar a bheith tábhachtach más leo sin a dhéanamh.

Imreoirí cumasacha iad leithéidí Marcel Sabizter, Aleksandar Dragovic, Marko Arnautovic agus Christoph Baumgartner ach níl ach aon réalta amháin ar an bhfoireann…

David Alaba. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Coinnigh súil ar…

David Alaba. Ní bheadh an Ostair anseo gan é. Bhain sé cáil amach agus é ag imirt mar chosantóir ar chlé le Bayern Munich ach is mar chosantóir láir atá sé ag imirt le cúpla bliain anuas. Bíonn sé ag bogadh idir an chosaint agus lár na páirce don Ostair, ach b’fhéidir gurbh fhearr dóibh é a choinneáil in aon áit amháin.

Cluichí: v An Mhacadóin Thuaidh (5pm, 13 Meitheamh), v An Ísiltír (8pm, 17 Meitheamh), v An Úcráin (5pm, 21 Meitheamh).

An Mhacadóin Thuaidh

Conas atá acu?

Comórtas stairiúil é seo don Mhacadóin Thuaidh agus iad ag imirt ag mórchomórtas idirnáisiúnta den chéad uair riamh. Bhain siad áit amach sa chomórtas i Sraith na Náisiún ach ba é an bua a bhí acu ar an nGearmáin níos luaithe i mbliana an bua is fearr a bhí riamh acu.

Imríonn Ezgjan Alioski le Leeds United i bPríomhroinn Shasana agus tá na himreoirí eile scaipthe ar fud na hEorpa.

Coinnigh súil ar…

Goran Pandev. Laoch náisiúnta é Pandev, a bhuaigh Sraith na gCuradh le Inter Milan in 2010. D’éirigh sé as a bheith ag imirt leis an bhfoireann idirnáisiúnta in 2013 ach mealladh ar ais é in 2016. Tá an tosach 37 bliain d’aois ach tá sé fós ag imirt i Serie A le Genoa. Tá sé scór bliain ag imirt leis an bhfoireann idirnáisiúnta.

Cluichí: v An Ostair (5pm, 13 Meitheamh), v An Úcráin (2pm, 17 Meitheamh), v An Ísiltír (5pm, 21 Meitheamh).

An Úcráin

Conas atá acu?

Chríochnaigh an Úcráin os cionn na Portaingéile sa chomórtas cáilithe agus tá an ceann is fearr faighte acu ar an Spáinn agus ar an Eilvéis le roinnt míonna anuas. Fágann sin go bhfuil cuma na maitheasa orthu roimh thús EURO 2020.

Is é an t-iarimreoir de chuid AC Milan, Andriy Shevchenko, an t-imreoir is cáiliúla acu, ach is í an chosaint agus lár na páirce na hionaid is láidre ag foireann seo na hÚcráine. Ní ghéilleadar ach ceithre chúl in ocht gcluiche cáilithe.

Coinnigh súil ar…

Oleksandr Zinchenko. Cosúil le David Alaba na hOstaire, is mar chosantóir a bhain Zinchenko cáil amach, ach imríonn fear Manchester City i lár na páirce don Úcráin. Bíonn deis níos mó aige dul i gcion ar an imirt ansin agus é féin agus Ruslan Malinovskyi is cúis le go leor d’imirt mhaith na hÚcráine. Déanann Taras Stepanenko obair na gcapall taobh leis an mbeirt.

Cluichí: v An Ísiltír (8pm, 13 Meitheamh), v An Mhacadóin Thuaidh (2pm, 17 Meitheamh), v An Ostair (5pm, 21 Meitheamh).

 

Fág freagra ar 'Aiséirí na hIodáile, deacrachtaí na hÍsiltíre agus anois nó riamh don Bheilg…'