Comhtharlúint ab ea é go raibh pósadh comhghnéis faoi chaibidil sa Tionól i Stormont ar an lá céanna a chuir a dhearcadh ar hómaighnéasacht deireadh le ré Jim Wells mar Aire Sláinte. Ba thráthúil mar a tharla, áfach, mar léirigh sé nach raibh polasaí an DUP athraithe agus nach cadhan aonair sa DUP é Wells.
Eachtra as an gcoitiantacht ab ea é go n-éireodh Aire as an bhFeidhmeannas. Rinneadh iarracht cheana brú a chur ar Edwin Poots agus Nelson McCausland ón DUP ach chuir an pairtí gach ionsaitheoir ó dhoras. Ní béas leo géilleadh do cháineadh ar a gcuid airí.
Drochsheans go mbeadh Wells ruaigthe, nó imithe dá dheoin féin nó cibé meascán den dá rud a tharla, murach an DUP a bheith sa tóir ar éisteacht agus tionchar i Westminster faoi cheann coicíse. Níor ruaigeadh ionadaithe cheana nuair a rinneadar ráitis fhrithaeracha ach ní raibh siad ariamh cheana faoi scrúdú sa Bhreatain, féachaint an raibh siad feiliúnach nó inghlactha mar chúltaca do Phríomh-Aire.
Dúirt an Príomh-Aire Aire Cameron – an té is dóichí a mbeadh an DUP ag tacú leis i ndiaidh an toghcháin, nach nglacfadh sé go deo lena leagan amach i leith na hómaighneasachta. B’in sula ndúirt Jim Wellls ag cruinniú feachtais gur mhó an seans a bhí ann go mbainfí mí-úsáid as leanaí i bpósadh aerach. Ní hamhain sin ach mhaígh sé gur chruthaigh ‘taighde’ go raibh an ceart aige. Dúirt Nick Clegg, ceannaire na Liobrálaithe Daonlathacha, gur chruthaigh an chaint sin nach raibh an DUP oiriúnach mar phairtnéir nó taca do rialtas.
Sa chéad ráiteas ó Jim Wells, dúirt sé go raibh tuairisciú ar a chuid cainte míchruinn. Bhí fístéip den chruinniú feicthe ag daoine ar you tube aoin am a heisíodh an dara ráiteas inar ghabh sé leithscéal – ba thrua go ndúradh na focail sin. Sheas a cheannaire leis agus dúirt narbh é sin dearcadh Wells ná an DUP agus go raibh an tAire faoi strus mór.
Níl aon dabht ach go raibh ualach trom ar Jim Wells, a bhean go dona tinn le trí mhí agus eisean ag dul i dtaithí ar an roinn sláinte ina bhfuil fadhbanna go seasta cheal maoine. Ach chuir sé an stró breise air féin seasamh sa Dún Theas mar iarrthóir do thoghchán Westminster agus is ar an bhfeachtas sin arís a rinne sé an chéad bhotún eile. Bhí sé páirteach in argóint ag an tairseach le lánúin leisbiach agus dúirt leo go raibh a rogha stíl mhaireachtala do-ghlactha aigesean agus ag an DUP.
Nuair a bhris an scéal sin, bhí an DUP agus an ceannaire ina dtost. Chaithfí a thuilleadh damáiste a sheachaint agus faoi cheann ceithre huaire fichead, bhí Wells ag fógairt a imeacht ón Roinn Slainte. Aisteach go leor, d’fhógair an DUP go mbeadh sé ina Aire, le cabhair ón Aire Airgeadais, Simon Hamilton, go dtí an Luan i ndiaidh an olltoghcháin. Is ansin a chífimid cé a roghnóidh Peter Robinson mar chomharba ar Wells. Bunchreidmheach eile ar nós Wells agus Poots nó duine le dearcadh níos liobrálaí? Mura n-athróidh an páirtí, ní fiú tada é eirí as Wells – cur i gcéill ar mhaithe le páirtithe sa Bhreatain.
Tá seantaithí ag pobal Thuaisceart Éireann ar leagan amach an DUP i leith na hómaighnéasachta. Ó fheachtas ‘Save Ulster from Sodomy’ sna seachtóidí go dtí an lá inniu, is iomaí ball sinsearach den pháirtí a chuir racht de faoin ábhar. “Adhfhuafaireacht” nó abomination ab ea é, dar le Iris Robinson nuair a bhí sí fós ina feisire Parlaiminte; chosain a fear céile Peter, ceannaire an DUP, an ráiteas ag maíomh gurb é breithiúnas Dé é. Is minic tagairtí don Bhíobla ag lucht feachtais an DUP. Tharraing tuairimí Ian Paisley óg achrann blianta ó shin nuair a dúirt sé gur chuir aerachas déistin air agus go ndearna an hómaighneasacht dochar don tsochaí. Níor cuireadh smacht air; tuige a gcuirfí, bhí an pairtí sásta leis. Anois arís, ar an lá a mb’éigean do Wells fógairt go n-imeodh sé as oifig, sheas Ian Paisley óg lena bhriathra is é ag caint leis an Irish Times.
Tá iarrthóirí sa toghchán i gceantair ina raibh súil acu le vótaí ó dhaoine nach de thraidisiún an DUP iad buartha faoi íomhá an pháirtí sa bhaile. Tá Robinson agus cuid den chinnreacht buartha faoin íomhá sa Bhreatain. Gach seans go scoiltfeadh an páirtí dá gcuirfí smacht ar na daoine a dhéanann an chaint ainmheasartha ach má tá an DUP ag iarraidh crot forásach a chur air féin, caithfear dul i ngleic leis an gceist seo agus leis an gcomhionannas go ginearálta.
Fág freagra ar 'Aire éirithe as le damáiste a sheachaint'