Ainmneacha na hÉireann agus an ‘illogical position of men who translate their euphonious Irish names into English monosyllables’

Is iomaí fear a d’éist le hachainí Dhubhghlais de hÍde filleadh ar an dúchas, ach scéal eile ar fad is ea ainmneacha na mban, a deir ár gcolúnaí. An t-alt deireanach i sraith alt faoi ainmneacha na hÉireann…

Ainmneacha na hÉireann agus an ‘illogical position of men who translate their euphonious Irish names into English monosyllables’

Díol suntais é gur bheartaigh Daniel O’Connell an ‘O’ a choinneáil sa leagan Béarla dá shloinne. Bhí ‘Mac’ agus ‘O’ tite go mór i léig – fiú sa leagan Béarla de shloinnte daoine – de bharr an athraithe teanga a tharla i gcodanna den tír idir 1600 agus 1800. Faoin am a raibh athair Uí Chonaill suas, ba é an nós a bhí ann gan bacadh lena leithéid; Morgan Connell ab ainm dó siúd.

Léiriú ar thionchar an Fhuascailteora ab ea é gur tháinig méadú ar líon na ndaoine a ghlac an réimír ‘O’ ar ais sa leagan gallda dá sloinne. I gcás an tsloinne O’Connell go sonrach, deir Edward MacLysaght – nó Éamonn Mac Giolla Iasachta – gur mhéadaigh an figiúr thuasluaite ó 9% go 33% idir 1866 agus 1890, agus leagann sé an méadú ar thionchar fhear Uíbh Ráthaigh.

I bhfianaise an tionchair sin, ba dhíol trua é gur ghlac Ó Conaill seasamh poiblí in aghaidh na Gaeilge, pé cion a bhí aige uirthi go príobháideach. Osnaíl féin ní dhéanfadh sé dá n-imeodh sí le sruth, a dúirt sé. Fiú má sheasaimid siar ó aon dianbhreithiúnas a thabhairt air as ucht an tseasaimh sin, chaithfeá a rá gurbh ait an seasamh é i dtéarmaí cultúrtha.

Dála cuid de na comharsana a bhí timpeall air ag an am in Uíbh Ráthach, bhí an dá theanga ag Ó Conaill ó aois an-óg agus tá a fhios againn ó leabhar Aidan Doyle ar stair na Gaeilge go raibh meas agus cion thar na bearta aige ar thraidisiún na lámhscríbhinní a bhain le saol agus le saíocht na teanga dúchais.

B’fhiú do dhaoine éisteacht le comhrá Phádraig Uí Éalaí le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas aimsir a insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge chun tuiscint a fháil ar an bhfeiniméan seo. Níl aon amhras ach go raibh baint éigin ag an náire leis an scéal.

Faoin am a raibh an leagan O’Connell coitianta in athuair, bhí Dubhghlas de hÍde ag tathant ar mhuintir na hÉireann filleadh ar a gcuid Gaelachais ina óráid cháiliúil ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’.

‘I should like to call attention to the illogical position of men…who translate their euphonious Irish names into English monosyllables,’ arsa de hÍde san óráid chéanna.

Cuir lena bhfuil san óráid sin cúpla ráiteas eile a rinne sé agus tuigfidh tú cén fáth ar tháinig athrú meoin ar dhaoine agus ar bunaíodh Conradh na Gaeilge go luath ina dhiaidh:

It was…only after Aughrim and the Boyne that Irish names began to be changed in great numbers, and O’Conors to become ‘Conyers’, O’Reillys ‘Ridleys’, O’Donnells ‘Daniels’, O’Sullivans ‘Silvans’, MacCarthys ‘Carters’, and so on….In Connacht alone I know scores of Gatleys, Sextons, Baldwins, Foxes, Coxes, Footes, Greens, Keatings, who are really O’Gatlies, O’Sesnans, O’Mulligans, O’Shanahans, MacGillacullys, O’Trehys’, O’Honeens, and O’Keateys” (Breandán Ó Conaire).

Dá Ghaelaí iad, tabhair faoi deara nach bhfuil sa tarna sraith ainmneacha ag de hÍde thuas – leithéidí O’Mulligan – ach leaganacha cumtha ar tháinig ann dóibh de bharr na coilíneachta, ach oiread leis an litriú Béarla ar mo shloinne féin.

Dhéanfaí athGhaelú ar an sloinne sin agus ar na scórtha eile sa seomra ranga nuair a deineadh ábhar curaclaim den Ghaeilge sa bhliain 1909, toradh ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge agus fheachtasaíocht W.B. Yeats.

Ar scoil a casadh Caoimhín Ó hIcí orm, leagan a bhfuilim bródúil as i gcónaí.

Mar sin féin, sa mhéid is go bhfuil a leithéid de thuiscint le fáil ag duine ar bith ar an saol seo, is fearr an tuiscint agus an aithne atá agam orm féin faoin ainm a baisteadh orm agus faoin leagan de mo shloinne a cumadh faoi réimeas na coilíneachta.

Sin é agat scéal na tíre seo agus cumhacht na coilíneachta is an choncais ar an aigne. Ní galar aon duine amháin é.

Dá chasta an méid sin ó thaobh na féiniúlachta de, tá gné eile den fhéiniúlacht nach bhfuil pléite go dtí le gairid, is é sin, cinneadh na mban gan ainm a bpáirtithe pósta a ghlacadh. Ní gá gur baol do leithéidí Mhic Mhathúna (iníon) Uí Chonchúir (bean chéile) de bharr a leithéide, ach seans gur túisce chugainn Mac Mathúna agus Ó Conchúir amach anseo sa chás go dtograíonn bean ainm a fir a ghlacadh.

Sa chás nach dtogróidh, braithfidh cruth a hainm – nó a sloinne le ceart – ar an dream dár díobh í. Ceist eile ar fad cén sloinne a bheidh ar pháistí lánúine má bhíonn d’ádh orthu leanaí a thabhairt ar an saol. Beidh tionchar ag na hathruithe sóisialta seo go léir ar chruth ár n-ainmneacha is ár sloinnte Gaeilge amach anseo.

Ceist atá ag dó na geirbe ag m’athair le fada an lá is ea ‘When did Ó Ceallaigh become Kelly, and how?’ A bhuíochas do scoláirí ar nós Liam Mhic Mhathúna, tá freagra na ceiste sin anois againn, sa deireadh thiar thall.

An té a déarfadh nach bhfuil sa mhéid thuas ach stair arbh fhearr dúinn dearmad a dhéanamh uirthi agus ‘bogadh ar aghaidh’, níor ghá dó ach féachaint ar an bhfaillí atá déanta sa Ghaeilge ag an Stát seo ó bunaíodh é, agus ar na deacrachtaí a bhíonn ag leithéidí Dhónail Uí Chnáimhsí sa lá inniu a chur i gcion ar thuismitheoirí Gaeltachta gur fiú dóibh a gcuid páistí a thógáil lena dteanga dhúchais.

Gan eolas a chur ar ár stair, ní féidir linn aghaidh a thabhairt ar scáth na náire iarchoilíní sa tír seo mar is ceart. In éagmais scrúdú dá leithéid, leanfar den easpa gnímh agus den lagmhisneach a thagann as, agus ní thiocfaidh puinn athrú ar chúrsaí.

Níorbh fhíor an méid a dinceadh isteach inár n-intinn faoi scáth na coilíneachta. Dá mb’fhíor, ní fhéachfaí lena dhinceadh isteach ionainn sa chéad áit. Is cine uasal sinn, lán le saibhreas fealsúnachta, intleachtúlachta, spioradáltachta, saoithiúlachta, litríochta, amhránaíochta, lúthchleasaíochta, ceoil agus teanga. Ní haon údar náire dúinn an méid sin ach a mhalairt glan. 

Cuirimis le chéile agus éalaímis ár gcuid go neamh-leithscéalach agus go bródúil – agus tuigimis go bhfuil údar maith leis an méid sin. Mar a dúirt de hÍde, ‘…upon Irish lines alone can the Irish race once more become what it was of yore – one of the most original, artistic, literary, and charming peoples of Europe’.

Fág freagra ar 'Ainmneacha na hÉireann agus an ‘illogical position of men who translate their euphonious Irish names into English monosyllables’'

  • Seán Ó Ruain

    Alt fíorshuimiúil! Fillimis uile ar ár n-ainmeachas dúchais is caithimis uainn náire an choilíneachais! Léimis dán breá an Ríordánaigh “Fill arís”!

  • Philip Bebbington

    Bhuel is minic a mbíonn fadhbh ag daoine in Éireann le mo ainm is ar mo sloinne, chuirfheann síad ceisteanna ormsa chómh síúil le ” cad é a Gaeilge ar Phil Bebbington ” bhuel níl aon Gaeilge ar mo sloinne ná ar sloinne Giuseppe Verdi ( ní hé Seósamh Ó hÚaine é ) ná ar Giacomo Casanova (ní hé Séamus úa Tigh-Núa é) Napoleon Bonaparte ( Ó Chnámha-Trí na Chéile bhféidir ? ) Gabh mo leithscéal le haigh mo litríocht is ar mo graimeadach, táimse in ann beagán Gaeilge a labhairt ach tá mo scríobhneóireacht go dona ar fad …le dea guí ó Phil B.

  • Rob

    Tá an t-alt seo ar fheabhas. Maith thú a Chaoimhín. Ba chóir é a bheith ar fáil i mBéarla chun dul i bhfeidhm ar na Béarlóirí bochta!