‘Géarghá’ le scéim Ghaeltachta chun spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí óga nach bhfeiceann ‘aon bhuntáiste’ sa Ghaeilge

Deir Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair nach bhfeiceann tuismitheoirí óga na Gaeltachta go bhfuil ‘buntáiste ar bith ann a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge’

‘Géarghá’ le scéim Ghaeltachta chun spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí óga nach bhfeiceann ‘aon bhuntáiste’ sa Ghaeilge

Dónal Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair

Tá ráite ag Dónal Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair agus urlabhraí de chuid na heagraíochta nua, Gaeltacht Bheo, nach bhfeiceann tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil “aon bhuntáiste” ann a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge.

“Sin an dúshlán mór a bheas romhainn mar oifigigh pleanála teanga – feasacht an phobail a ardú agus a chur in iúl daofa (tuismitheoirí) go bhfuil go leor buntáistí go fóill ann,” a dúirt sé.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Cnáimhsí gur tuismitheoirí óga “is mó” nach n-aithníonn go bhfuil “aon bhuntáiste” ann an Ghaeilge a labhairt lena bpáistí.

Tá “géarghá” dar leis, le “scéim macasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge, a thabharfadh spreagadh do thuismitheoirí a bpáistí a thógáil le Gaeilge”.

Ba ghnách le teaghlaigh a raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí acu liúntas airgid a fháil trí Scéim Labhairt na Gaeilge go dtí gur tháinig deireadh leis an scéim sin in 2011.

“Caithfear rud éigin a chur ar fáil le tuismitheoirí óga na Gaeltachta a mhealladh i dtreo na teanga ina dtiocfadh leo a rá ‘tá buntáiste anseo agus caithfidh muid cloí leis an teanga’.

“Bhí Scéim Labhairt na Gaeilge an-mhaith ar an dóigh sin. Bhí sé ceangailte le cuid mhór rudaí agus chonaic siad an t-airgead ag teacht isteach ag deireadh na scoilbhliana.”

Creideann Ó Cnáimhsí go bhfuil gá le beart “níos coincréití” anois ó Roinn na Gaeltachta chun dul i ngleic leis an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht.

“Nuair a cuireadh deireadh leis an scéim sin, dúradh go mbeadh an t-airgead á chaitheamh ar dhóigh níos cruthaithí agus ar dhóigh a rachadh i bhfeidhm ar dhaoine. Creidim go ndeachaigh cuid den airgead sin isteach sa phleanáil teanga agus cuid eile isteach i bPacáistí Teaghlaigh ón Roinn, nach mbaintear mórán úsáide astu. Ghlacfadh sé rud éigin níos coincréití le daoine a mhealladh,” a dúirt fear Ghaoth Dobhair.

Deir Ó Cnáimhsí freisin go bhfuil foghlaim na Gaeilge á fágáil “go minic” faoi chúram na scoileanna agus nach bhfeiceann “tuismitheoirí go bhfuil ról ar bith acu ann”.

“Seans go raibh na tuismitheoirí seo thar lear le fada nó nár smaoinigh siad ar chúrsaí teanga riamh. Mura bhfuil tú ag dul i ngleic leis go coinsiasach is féidir le rudaí sleamhnú go furasta.

“Tá sé damanta níos éasca ar thuismitheoirí a gclann a thógáil le Béarla. Labhraíonn siad Gaeilge leis na múinteoirí ceart go leor ach tiontaíonn siad agus is é an Béarla a bhíonn á labhairt acu lena bpáistí ag geataí na scoile.”

Údar imní ag múinteoirí scoile “an easpa scileanna cumarsáide i measc daoine óga go ginearálta” agus dúirt sé go bhfuil “an easpa Gaeilge” mar chuid de sin, a dúirt sé.

Cé go bhfuil “polasaí láidir Gaeilge” ag cuid de na clubanna áitiúla ar nós CLG agus an Chrannóg i nGaoth Dobhair a thacaíonn le cur chun cinn na teanga, deir Ó Cnáimhsí go bhfuil “bearnaí móra taobh amuigh de sin’.


Measann sé gurb é an dúshlán is mó atá roimhe ina ról nua ná dul i bhfeidhm ar dhaoine nach bhfuil bainteach le saol na Gaeilge.

“An dream is mó a bhfuil muid ag iarraidh dul i bhfeidhm orthu, sin iad an dream is deacra le teagmháil a dhéanamh leo. Cén fóram atá ann le dul i dteagmháil leo?

“Tá na dúshláin chéanna in achan cheantar Gaeltachta agus is maith go bhfuil eolas anois á roinnt ag coistí agus ag na hoifigigh pleanála teanga le dul i ngleic leis na deacrachtaí teanga sa Ghaeltacht,” a dúirt Dónal Ó Cnáimhsí.

Fág freagra ar '‘Géarghá’ le scéim Ghaeltachta chun spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí óga nach bhfeiceann ‘aon bhuntáiste’ sa Ghaeilge'

  • Carraig

    Buntáistí ollmhóra ag roinnt le sealbhú an dara teanga. Bhí Dónal Ó hAnaiféin (COGG) ag labhairt air sin ar RnG an lá eile. B’fhiú aiste a fháil uaidh ar an ábhar sin agus í a dháileadh ar thuismitheoirí na Gaeltachta. Dhearúd sé na deiseanna iontacha fostaíochta ar ardchoinníollacha oibre agus ar ardtuarastal atá ann do Ghaeilgeoirí. In Éirinn agus san Eoraip. Cuireann tuismitheoirí suntas i nithe mar sin agus ba cheart iad a chur ar a súile dóibh. Tapaigí an deis.

  • Mairéad

    Níl buntáiste mór leis an Ghaeilge do aon duine óg mura bhfuil siad in ann iad fhéin a chur in iúl i nGaeilge comh maith is atá siad i mBéarla.
    Mura bhfuil tú in ann labhairt i nGaeilge faoi na mothúcháin agus na smaointe casta atá agat agus faoi chúrsaí nua-aimseartha tiontóidh tú ar an mBéarla.
    Ar éigean go léann daoine óga thar 8 mbliain d’aois aon rud i nGaeilge seachas na téacsleabhair scoile. Jóc atá sa gcuraclam náisiúnta Gaeilge i gcomthéacs na Gaeltachta agus na Gaelscoileanna.
    Tá na milliúin Euro á chur amú sa Bhruiséil ag aistriú rudaí go Ghaeilge nach léann duine ar bith. Nárbh fhearr na milliúin sin a chaitheamh ar Ciclipéidí, leabhair eolas agus na céadta leabhar ficsin den scoth a aistriú go Ghaeilge. Tá gantannas mór aistritheoirí toisc nach bhfuil dúshlán ar bith sa gcúrsa Ardteiste Gaeilge ná sna chúrsaí céime Gaeilge.

  • Pól Ó Braoin

    Aontaím go hiomlán le Mairéad. Tá sí théis cur síos maith a dhéanamh at an gcaoi a bhfuil an scéal faoi láthair…