Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agaibh le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie thar an deireadh seachtaine agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Alex Hijmans agus Mártan Ó Ciardha i mbun pinn againn.

Caithfimid súil ghéar as seo go ceann cúpla lá chomh maith ar conas mar atá ag éirí le Joe McHugh, Aire Stáit na Gaeltachta, ó fuair sé ardú céime bliain ó shin.

Anuas air sin, tá lucht Ar Son na Cúise ag obair faoi láthair ar ‘The Aire Tapes 2’ agus comhrá rúnda eile idir an Taoiseach agus Aire na Gaeltachta aimsithe againn!

Is féidir éisteacht le ‘The Aire Tapes 1’ anseo.

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

1. Díomá ar mhic léinn agus iarmhic léinn an Acadaimh faoi ‘aistriú’ cúrsa

Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil plé ar bun idir foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara agus foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoina bhfuil i ndán don chúrsa BA Cumarsáid.

2. ‘Bheadh imní ar an bPiarsach faoin mbail atá ar an nGaeilge’ – An Taoiseach i Ros Muc

Bheadh imní ar Phádraig Mac Piarais faoin mbail atá ar an nGaeilge ar na saolta seo, a dúirt an Taoiseach Enda Kenny i Ros Muc. Bhí an Taoiseach ag labhairt le tuairisceoirí ag Teach an Phiarsaigh, áit ar thug sé cuairt sular iompaigh sé an chéad fhód ar shuíomh Ionad Cultúir an Phiarsaigh.

3. D’fhéadfadh suas le 50,000 logainm Gaeilge a bheith ‘mícheart’ ar chóras nua Eircode

Tá ‘na mílte bearna’ sa bhunachar ar ar bunaíodh Eircode, atá le seoladh an tseachtain seo chugainn, agus tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an Aire Cumarsáide, Alex White an córas a chur ina cheart.

4. Téarma príosúin seacht mbliana gearrtha ar thógálaí ó Chonamara as Noel Hill a ionsaí

Gearradh téarma príosúin seacht mbliana ar thógálaí ó Chonamara as ionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar an gceoltóir traidisiúnta Noel Hill i leithreas i dteach tábhairne ar oíche Lá ‘le Stiofáin seacht mbliana ó shin.

5. Uair na cinniúna do stádas na Gaeilge san AE

Tá beartaithe ag an Rialtas maolú na Gaeilge san AE a choinneáil i bhfeidhm ach is é is tábhachtaí anois ná a chinntiú go rachaidh an maolú céanna i léig de réir a chéile, a deir Págraig B. Ó Laighin.


Pictiúr na seachtaine…

Eoin Mac Diarmada.
Eoin Mac Diarmada i radharc as an dráma ‘Maum’ sa Taibhdhearc. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

A ndúirt siad…

Is dócha go raibh an gortú agus an goineadh a bhain le borb-bhréithre Thomáis Uí Shé á choimeád istigh ina mbolg acu agus ba gheall le fuascailt do Chorcaigh é nuair a thosnaíodar ag imirt sa dara leath. Bhí an t-ainmhí múscailte agus b’fhéidir a gceacht foghlamtha ródhéanach ag na Ciarraígh

DARA Ó CINNÉIDE

Ach, bíonn na siógaí in ann chuile shórt a fheiceáil agus cuireann siadsan scéala chuig Santaí,’ a dúirt sí. Is ansin a fuair mé léargas ar an domhan faoi scáth Big Brother ina maireann na daoine beaga.

BRIDGET BHREATHNACH

Teachtaireacht eile ar fad atá ag na comhlachtaí beaga a úsáideann an Ghaeilge chun críocha margaíochta – go bhfuil tuiscint acu ar chultúr ólacháin na tíre siar go haimsir na meá agus an leanna fraoigh, gur earraí Éireannacha atá á ndíol acu agus nach ollchomhlachtaí santacha droch-chríocha iad.

ANTAIN MAC LOCHLAINN

Agus sin é ár mbuille tugtha an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'