Díomá ar mhic léinn agus iarmhic léinn an Acadaimh faoi ‘aistriú’ cúrsa

Labhair Tuairisc.ie le scoláirí agus céimithe Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoin gcaint go mbeidh an cúrsa cumarsáide ann á aistriú go Gaillimh

acadu

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go bhfuil plé ar bun idir foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara agus foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoina bhfuil i ndán don chúrsa BA Cumarsáid.

Mar chuid den phlé sin, táthar ag moladh go n-aistreofaí an cúrsa ón gcampas Gaeltachta go príomhchampas na hollscoile i lár chathair na Gaillimhe.

Níl aon chinneadh oifigiúil déanta go fóill faoin gcúrsa ach dá gcuirfí i bhfeidhm é, dhéanfaí leasú ar struchtúr na céime agus ba ar champas na cathrach a reáchtálfaí an cúrsa ina iomláine.

Tá deich mbliana ann ó cuireadh an cúrsa ceannródaíoch ar bun agus is iomaí mac léinn a bhain an BA amach ann ó shin. Labhair cuid acu sin le Tuairisc.ie faoin taithí a bhí acu féin ar an ollscoil Ghaeltachta agus nocht a dtuairimí faoin scéal.

Ba ar aimhleas an chúrsa agus an Acadaimh féin a bheadh a leithéid d’aistriú, dar le gach uile dhuine de na mic léinn agus na hiarmhic léinn a labhair linn.

Ní fheilfeadh sé do “féiniúlacht an Acadaimh” dá mbogfaí isteach chuig an gcathair an cúrsa, a dúirt Séamus Ó Scanláin, a bhain a chéim sa chumarsáid amach anuraidh.

“Ní fhéadfá áit níos deise a fháil chun ionad tríú leibhéal a bhunú. Bhí An Cheathrú Rua ag teacht le haidhmeanna an chúrsa; tá an Ghaeilge nádúrtha ann agus tá sé in aice leis na heagrais mhóra chumarsáide freisin. Is cinnte go raibh buntáistí agus míbhuntáistí ag an áit; tá sé iargúlta go maith ach bhíothas ag déanamh rud ansin nach bhfuiltear ag déanamh áit ar bith eile ar domhan.

“Lonnaigh muintir na Galltachta iad féin sa cheantar nuair a tháinig siad agus bhí siad chomh compordach ann is a bheadh siad ag an mbaile. Cuireann an suíomh le féiniúlacht na háite mar institiúid oideachais agus lena uathúlacht mar ionad oideachais Gaeltachta. Dá mbogfaí chun na cathrach é, ní fhéadfaí an Béarla agus an Béarlachas a sheachaint,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

D’aithin Bronagh Ní Chuilinn, a bheidh ag tosú ar bhliain a céime i mí Mheán Fómhair, a thábhachtaí is atá an láthair Ghaeltachta don chúrsa cumarsáide. Tháinig Bronagh anoir as Uíbh Fhailí trí bliana ó shin le tabhairt faoin gcúrsa agus cé go n-admhaíonn sí go bhfuil sí ag “cailleadh amach ar shaol iomlán na hollscoile”, is fearr i bhfad, dar léi, an oiliúint atá á fáil aici ar champas na Ceathrún Rua d’earnáil na meán Gaeilge.

“Bhí samhraí caite agam ag obair in Indreabhán sular tháinig mé, mar sin bhí a fhios agam cad a bhí romham. Bhí mé ag iarraidh a bheith i mo chónaí sa Ghaeltacht; bhí rudaí maithe cloiste agam faoin gcúrsa ó chairde liom a bhí á dhéanamh, agus, déanta na fírinne, bím scanraithe roimh champais mhóra na gcathracha”.

Dá n-aistreofaí an cúrsa, is iad na mic léinn nua a bheadh thíos leis, a deir Ní Chuilinn.

Fiona Ní Fhlaithearta
Fiona Ní Fhlaithearta

“Ní bheidh siad sáite sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Is annamh a labhraítear Béarla san Acadamh. Ar an bpríomhchampas, bheadh Gaeilge acu sna rangnanna ach Béarla taobh amuigh díobh. Tá aithne agam ar chuile dhuine san Acadamh mar gheall ar cé chomh beag is atá sé agus chabhraigh sé sin ó thaobh na teanga de freisin,” a mhínigh Ní Chuilinn.

Thaitin an muintearas sin go mór le Fiona Ní Fhlaithearta freisin, bean Ghaeltachta a bhfuil aithne ag an bpobal uirthi mar chailín aimsire ar TG4, a dúirt gur ar nós “clann” a bhí pobal beag an Acadaimh nuair a thug sise faoin gcúrsa sa bhliain 2006.

Dúirt Ní Fhlaithearta le Tuairisc.ie go raibh “díomá” uirthi nuair a chuala sí caint faoin gcúrsa a bheith á aistriú. Dúirt sí gur idir dhá chomhairle a bhí sí maidir le cén cúrsa a dtabharfadh sí faoi tar éis di an Ardteist a dhéanamh i 2005, ach gur bheartaigh sí an dioplóma a dhéanamh san Acadamh mar go raibh caint ar BA a thosú an bhliain dár gcionn.

“Bhí mo chuid cairde ar fad imithe go Baile Átha Cliath, Sligeach, Luimneach agus coláistí eile agus iad ag baint taitnimh as saol na hollscoile. Bhí an-fhonn orm, dáiríre, an BA i nGnó agus Cumarsáid a dhéanamh istigh i nGaillimh ach tar éis píosa, thaitin cúrsa na Ceathrún Rua liom, na scileanna raidió agus an Ghaeilge go háirithe.

“D’fhéad mé gabháil isteach Gaillimh agus an cúrsa sin a dhéanamh ach ní bheadh caighdeán na Gaeilge baileach chomh maith céanna. Tá mise an-dílis do Ghaeilge Chonamara, mo chuid Gaeilge féin, agus bhí sí sin ar an Acadamh, ach bhí caighdeán ard Gaeilge ó cheantair eile Ghaeltachta freisin ann,” a dúirt sí.

Níorbh é an oiliúint trí Ghaeilge amháin ar thug na mic léinn suntas di ach na scileanna praiticiúla a múineadh dóibh le linn a dtréimhse ar an gCeathrú Rua freisin. Dúirt Rónán Mistéil a chríochnaigh a chéim sa bhliain 2012 gurbh é an “cúrsa is praiticiúla” a rinne sé riamh.

“Ón gcéad lá istigh, tugadh amach ag taifeadadh muid. Níl sé sin ar fáil in aon chúrsa eile in aon ollscoil eile sa tír. Bhí deis againn agallamh a chur ar dhaoine, ceamradóireacht a dheánamh, cláracha a chur le chéile ón gcéad bhliain ar aghaidh. Is ag leibhéal na hiarchéime nó sa tríú nó sa cheathrú bliain a chuirtear an oiliúint sin ar mhic léinn in áiteanna eile. Bhí sé go maith go raibh muid in ann é sin a dhéanamh agus nár leagadh róbhéim ar na leabhair,” a dúirt sé.

Bhí Bronagh Ní Chuilinn ar aon fhocal leis an Mistéalach faoin méid sin. Thagair sí d’ardchaighdeán na hoiliúna sna meáin chumarsáide agus ardchaighdeán na Gaeilge sna ranganna, ach ba thrua léi nach mbeadh aon cháilíocht Ghaeilge aici ag deireadh an chúrsa.

“Taitníonn an cúrsa go mór liom; tá sé thar a bheith praiticiúil agus tá an taithí oibre a dhéantar sa tríú bliain thar cionn ar fad. Fiú sa chéad bhliain agus sa dara bliain, cuirtear amach i measc an phobail thú ag taifeadadh agus ag foghlaim scileanna na hearnála. Bhí orainn deich gclár raidió beo a dhéanamh chomh maith le cláracha eile a léiriú.

“An t-aon rud a chuireann isteach orm ná nach bhfaighidh mé aitheantas don fheabhas atá tagtha ar mo chuid Gaeilge. Cuireann sé sin isteach orm mar is trí Ghaeilge a dhéantar an cúrsa agus is Gaeilge mhaith atá ag na léachtóirí. Tá mic léinn i gColáiste Phádraig agus i Má Nuad agus áiteanna eile ag fáil céime sa Ghaeilge nach mbeadh ar comhchéim linne. Ní thógfadh sé mórán cáilíocht Ghaeilge a chur ar fáil dúinne freisin,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Chuilinn go raibh “an-bhrón” uirthi a fheiceáil go bhfuil líon na mac léinn atá ag gabháil don chúrsa tar éis titim le cúpla bliain anuas, ach “nár cheart go mbeadh ionadh ar aon duine faoi”.

“Chonaic muid ag teacht é; bhí na huimhreacha ag titim le blianta beaga anuas. Dá gcuirfí cáilíocht sa Ghaeilge leis an gcéim, b’fhéidir go gcabhródh sé sin [leis an scéal],” a mhol sí.

Tá laghdú tagtha ar líon na mac léinn a fhreastalaíonn ar an gcúrsa BA sa Chumarsáid ar an gCeathrú Rua. Tráth dá raibh, bhíodh suas le fiche duine i rang amháin ach níor chláraigh ach seisear leis an gcúrsa sa bhliain 2014.

Dúirt Séamus Ó Scanláin le Tuairsic.ie go raibh easpa deiseanna fostaíochta ann do chéimithe an chúrsa, cé go bhfuil post faighte aige féin in earnáil na meán Gaeilge.

Dúirt sé go raibh an t-ádh air post a fháil le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus nach raibh aon súil aige nuair a d’fhág sé an tAcadamh anuraidh gur ann a bheadh sé anois.

“Níl a ndóthain deiseanna ann do na daoine a bhain an chéim amach. Caithfidh tú a bheith sásta obair go crua le rud éigin a fháil. Caithfidh tú go leor tochailte a dhéanamh le haghaidh poist agus a bheith sásta é sin a dhéanamh. Níl na fostóirí ag gabháil a bhualadh an dorais le post a thabhairt duit.

“Ní raibh aon súil agam gur sa raidió a bheadh mé bliain ó shin. Bhí mé ag cur isteach ar rudaí ar fud na háite, agus bhí an t-ádh orm deis a fháil mo cháilíocht a úsáid san áit a bhfuilim ach tá daoine eile a bhí sa rang liom nach bhfuair an deis chéanna,” a dúirt sé.

D’oibrigh Rónán Mistéil in earnáil na meán Béarla agus Gaeilge araon tar éis dósan a chéim a bhaint amach ach is ag obair sa tseirbhís phoiblí atá sé anois.

“D’fhanfainn san earnáil dá mbeadh tuilleadh postanna ar fáil. Bhí mé ag obair sa raidió nuair a chríochnaigh mé ach b’éigean dom obair eile a chuartú mar ní raibh aon chinnteacht ag baint leis an obair sin.

“Ach cabhraíonn na scileanna cumarsáide a d’fhoghlaim mé san Acadamh leis an bpost atá anois agam. Is scileanna trasghairme iad agus ní gá go bhfanfadh tú in earnáil na meán. D’fhéadfaí a bheith ag obair i go leor réimsí eile freisin, in oifig nó leis an bpobal, mar shampla,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Díomá ar mhic léinn agus iarmhic léinn an Acadaimh faoi ‘aistriú’ cúrsa'