Caithfidh Ciarraí an umhlaíocht a adhradh arís más mian leo craobh na hÉireann a choiméad

Ní mór do Chiarraí aicíd an uabhair a leigheas chun buachtaint ar Chorcaigh san athimirt ar an 18 Iúil

Munster GAA Football Senior Championship Final, Fitzgerald Stadium, Killarney, Kerry 5/7/2015  Kerry vs Cork Kerry's  Kieran Donaghy leads his team during the parade  Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
©INPHO/Ryan Byrne

Nuair a chríochnaíonn cluiche ar comhscór is deacair i gcónaí a thomhas cé a thabharfaidh an lá leo san athimirt.

Is amhlaidh atá an scéal an tseachtain seo agus muintir Chiarraí agus Chorcaí ag tochas a gcinn, iad araon ag iarraidh sméaróid éigin a bhreith leo as bhladhmanna an Domhnaigh.

Caithfidh lucht na géarchúise sa dá champa na laethanta idir seo agus an 18 Iúil ag paidhceáil is ag fuirseadh san ionathar ag iarraidh teacht ar ionga nó orlach a thabharfadh an buntáiste dóibh i gcuid a dó den ndráma peile seo.

Ach n’fheadar an mbeidh aon tairbhe ann dóibh?

De réir annála na staire, ní furasta madraí rua Chiarraí a mhealladh dhá bhabhta i ndiaidh a chéile. Ach, de bharr na spride a nochtadh iontu sa dara leath i Stáid a’ Ghearaltaigh, beidh Corcaigh, leis, ag brúchtaíl le misneach agus iad ag teacht anoir seachtain ón Satharn seo chugainn.

Ach ní mar a chéile aon dhá chluiche. Agus muid ag iarraidh scagadh agus mionscrúdú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den imirt, b’fhéidir go gcaillfí cuid d’éirim an ruda leis.

Nuair a chuir Corcaigh a gcuid útamála ar leataobh agus nuair a chuadar i muinín na peile is dual dóibh a imirt, chuireadar an dubh ina gheal ar Chiarraí agus pé ealaín a bhí ar bun ag Ciarraí ó thús an dara leath, d’fhág an cruachás ina rabhadar go gcaitheadar siúd, leis, filleadh ar an múnla a thug ar Fhinn Mhic Gearailt an pointe breá sin a scóráil ag an deireadh.

Tá ceacht anseo don dá fhoireann. Fág na geáitsí agus na taicticí, mar a tugtar coitianta orthu, ar leataobh, dein na rudaí bunúsacha go maith agus éireoidh leat.

Rud bunúsach is ea é go mbeadh goile ar na leath-thosaithe don gcaid sciortha ón dá thaobh. Dá mbeadh aoinne istigh ó mheán lae Dé Domhnaigh agus fonn orthu rudaí a fhoghlaim ón gcluiche mionúir idir Ciarraí agus Tiobraid Árann, chífidis ná fuil aon teora leis an dtosaí a luíonn isteach ins an chosantóir atá ag iarraidh an chaid a bhreith leis amach as na cúil. Tréith í seo a bhaineann le gach aon fhoireann a chuireann Jack Ó Conchúir chun páirce agus is tréith í chomh maith atá ligthe i ndearmad ag foireann Éamoinn Mhic Mhuiris. Tá sé in am ag Ciarraí filleadh arís ar an umhlaíocht a bhuaigh craobh na hÉireann anuraidh dóibh.

Ós ag caint ar umhlaíocht mé, caithfear moladh a thabhairt d’imreoirí agus lucht bainistíochta Chorcaí a choimeád a mbéal iata faid is a bhí an saol is a mháthair ag caitheamh anuas orthu.

Colm O'Neill ag éalú ó Marc Ó Sé chun scór a aimsiú Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Colm O’Neill ag éalú ó Marc Ó Sé chun scór a aimsiú Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Deirtear gur beo duine tar éis a bhuailte ach nach beo tar éis a cháinte. Dá mb’fhíor a leithéid de ráiteas ní bheadh cuisle Chorcaí ag bualadh chomh láidir is a bhí sa dara leath Dé Domhnaigh.

Bhí an ísle brí agus an éiginnteacht a bhí ar phobal Chorcaí roimh chluiche an Domhnaigh le braistint san ardán agus an dá fhoireann ag leanúint an bhanna ceoil sa pharáid. Ní cuimhin liom, dá fhaid atáim ag freastal ar chluichí idir an dá chontae, lucht leanúna Chorcaí a bheith chomh támáilte ach is dócha go raibh an gortú agus an goineadh a bhain le borb-bhréithre Thomáis Uí Shé á choimeád istigh ina mbolg acu agus ba gheall le fuascailt do Chorcaigh é nuair a thosnaíodar ag imirt sa dara leath.

Bhí an t-ainmhí múscailte agus b’fhéidir a gceacht foghlamtha ró-dhéanach ag na Ciarraígh – gur binn béal ina thost.

Mar sin, cén sórt cluiche a bheidh againn seachtain ó Dé Sathairn?

An bhfuil a gcártaí ar fad taispeánta ag Corcaigh? An bhfuil aon chíoná fós á cheilt acu?

An bhfuil aicíd an uabhair dulta go smior i gCiarraí nó an féidir leo an t-ocras thar cuimse a bhí anuraidh orthu a ghiniúint in athuair?

An mbeidh cosaint níos fearr á tabhairt ag na tosaithe dá gcomhghleacaithe i measc na gcosantóirí nó an bhfuilid siúd, leis, ar a gcosa rófhada chun an chosaint sin a dhéanamh?

An fiú aon ní do Chiarraí bheith ag imirt i Staid ársa an Ghearaltaigh, áit ná fuil cluiche craoibhe caillte le fiche bliain acu agus áit a mbíonn siad ag cleachtadh a gcuid imeartha ón uair a thosnaíonn na laethanta ag dul i bhfaid gach aon bhliain? Nó an amhlaidh gur dána gach madra i ndoras a thí féin agus nach dtéann an dánaíocht níos faide ná sin?

Taibhsíodh Dé Domhnaigh dom go raibh imreoirí agus lucht bainistíochta Chorcaí ag imirt do rud éigin i bhfad níos mó ná craobh caide na Mumhan. Taibhsíodh dom ar uairibh gur beag ag cuid d’imreoirí Chiarraí an chraobh chéanna.

Tuigeann an uile dhuine anois cad atá i ndán don té a chaillfidh ar 18 Iúil – ceann de cheithre fhoireann (Fear Manach, Ros Comáin, Cill Dara, nó Longfort) ag iarraidh na cosa a bhaint díobh an seachtain dár gcionn, agus ansan cluiche ceathrú ceannais seachtain ina dhiaidh sin arís i gcoinne Átha Cliath, b’fhéidir.

Tá an luach atá le cur ar chraobh caide na Mumhan 2015 tar éis dul i méid.

An cheist anois ná cé acu a chuirfidh an luach is mó uirthi?

– Is clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta é Dara Ó Cinnéide

Fág freagra ar 'Caithfidh Ciarraí an umhlaíocht a adhradh arís más mian leo craobh na hÉireann a choiméad'

  • frainc

    Ráite go feillbhinn ag Dara mar is dual dó. Dhein TÓ Sé an-ghar do na Corcaígh agus is léir go rabhadar líofa chun imeartha ó thús deireadh, ní raibh an cneasú thar gomh féin déanta ach an ghomh chéanna á ndó agus á ngriogadh chun cinn. Ach ní fhéadfá a rá ag an am gcéanna go raibh na Ciarraígh iad féín ar séirse ag iarraidh an cluiche seo a bhuachtaint, bhí mairbhití éigint ag gabháil dóibh …easpa umhlaíochta …dar le Dara. Má thagann clab go cluasa ar T Ó Sé a la Joe Brolly arís idir an dá linn b’fhé’ go bhfeabhsóidh Corcaigh tuilleadh fós agus go mbeidh an lá leo. Is dóibh nár mhiste sin óir beidh Ciarraí lándúistithe don athimirt agus iad réidh chun dul i ndeabhaidh lainne leis an drong anoir ar móide a nglam ná a mbuille….de ghnáth.