Uair na cinniúna do stádas na Gaeilge san AE

Faraor tá beartaithe ag an Rialtas maolú na Gaeilge san AE a choinneáil i bhfeidhm ach is é is tábhachtaí anois ná a chinntiú go rachaidh an maolú céanna i léig de réir a chéile

EU Brussells

Ina fhreagra ar cheist Dála ar an 19 Bealtaine 2015, dhearbhaigh an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh TD, go raibh obair ullmhúcháin ar siúl ar dhréacht-Rialacháin maidir leis an maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Dóibh siúd a dteastaíonn aistriúchán uathu, b’admháil ag an Rialtas é sin, den chéad uair, go raibh beartaithe aige an maolú a athnuachan. Ní bheadh aon ghá le dréacht-Rialachán dá mbeifí chun ligean don mhaolú dul in éag. Dheimhnigh an tAire Stáit ina fhreagra nárbh fholáir don Stát a bheith tomhaiste agus réasúnach ina chur chuige, agus riachtanais earcaíochta agus úsáid reatha na Gaeilge sna hinstitiúidí a chur san áireamh. D’aontóinn leis ina leith sin.

Mar a mhíníos níos túisce i mbliana, an cinneadh i bprionsabal a bhí déanta ag an Rialtas go nathnuafaí an maolú, cuireadh é in iúl do na hinstitiúidí Eorpacha ag tús Dheireadh Fómhair 2014. Socraíodh le déanaí go ndéanfaí cinneadh críochnúil roimh dheireadh Mheitheamh 2015, agus go gcuirfeadh an Rialtas a iarratas oifigiúil scríofa faoi bhráid na Comhairle ansin.

Roimh lár an Mheithimh, chuaigh an Rialtas i gcomhairle go foirmiúil le hinstitiúidí an Aontais, agus chuir sé ar an eolas iad gur theastaigh uaidh síneadh ama eile a chur leis an maolú, agus a raon feidhme a leasú. Tá am na cinniúna tagtha.

Cad é an próiseas atá i gceist? I dtosach báire, ar an 7 Iúil 2015, is dóigh liom, iarrfar ar an meitheal Antici, cúntóirí Ambasadóirí na mBallstát, a shocrú go gcuirfear togra na hÉireann do dhréacht-Rialachán ar an gclár do chruinniú de chuid Coreper II, coiste na mBuanionadaithe (Ambasadóirí na mBallstát).

Is féidir le Coreper II teacht ar chomhaontú maidir le hábhar ar bith, ach is ag an gComhairle féin amháin atá an chumhacht cinntí a dhéanamh.

Creidim go gcuirfear togra seo na hÉireann don dréacht-Rialachán faoi bhráid Coreper II ag cruinniú ar an 15 Iúil 2015. Bheadh Rialtas na hÉireann ag súil go nglacfaí lena thogra agus go gcuirfí ar aghaidh é go dtí Comhairle an Aontais mar ‘A-phointe,’ is é sin, ábhar a nglacfaí leis gan díospóireacht.

Is féidir le haon Bhallstát a iarraidh go gcuirfí an plé ar athló go dtí cruinniú eile de Coreper II. Beidh ullmhúchán le déanamh ag na hinstitiúidí, go háirithe ag an gCoimisiún, maidir le socruithe buiséid agus earcaíochta sula gcuirfear an togra ar an gclár do chruinniú den Chomhairle. Is dóigh liom gur faoi chumraíocht na Comhairle Gnóthaí Ginearálta a dhéanfaidh an Chomhairle an cinneadh, agus gur san fhómhar a dhéanfar é – roimh dheireadh na bliana ar aon nós. Is gá do na Ballstáit ar fad glacadh leis an Rialachán molta d’aon toil, ós rud é go mbaineann sé le ceist na dteangacha oifigiúla.

Nuair b’eol dom go raibh cinneadh i bprionsabal déanta ag an Rialtas dul ar aghaidh le hathnuachan an mhaolaithe, chuireas litir chuig an Taoiseach agus na Ranna ábhartha éagsúla inar chuireas mo thuairimí i dtaobh an chinnidh in iúl.

Phléigh mé ábhar na litreach go mion leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Bhíos den tuairim go gcaithfí sa Rialachán dáta cinnte a shocrú d’éag an mhaolaithe, agus a leagan síos go mbeadh lán-seirbhís Gaeilge ar fáil ón dáta sin amach. Mholas go ndéanfaí méadú incriminteach ar líon na ndoiciméad, go háirithe líon na ndoiciméad reachtach, a bheadh á n-aistriú go Gaeilge, chun go bhforbródh na hinstitiúidí a n-acmhainní i dtreo lán-seirbhíse de réir a chéile, agus chun go dtosófaí ag earcú daoine gan mhoill.

Cé go raibh plé agam leis an Roinn ar fágadh na socruithe faoina cúram, níor thug an Taoiseach ná an státchóras trí chéile freagra substainteach ar mo litir, ná aon eolas dom faoina raibh á bheartú nach raibh agam féin cheana. Leanadh den rúndacht dhocht, den easpa trédhearcachta. Mar a chéile i gcás an ailt seo: níl aon eolas ann a tháinig ó fhoinse sa státchóras Éireannach.

Cad a bheidh sa mhaolú?

Leanfaidh an Rialachán an gnáthmhúnla do ghníomh dlíthiúil: teideal, brollach, téarmaí achtacháin, agus iarscríbhinní. Luafaidh an teideal gur Rialachán ón gComhairle é lena bhfadaítear tréimhse bhearta an mhaolaithe shealadaigh, agus lena modhnaítear a raon feidhme. Bheadh an dara cuid sin, leasú an raoin feidhme, éagsúil le Rialachán athnuachana 2010 nuair nach ndearnadh ach síneadh ama a chur leis an maolú.

Beidh trí chuid sa bhrollach: an institiúid a ghlacann an gníomh (sa chás seo, an Chomhairle), luanna, agus aithrisí. Lua amháin a bheidh ann: ‘Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 342 de’.

D’fhéadfadh cúig nó sé aithris uimhrithe a bheith ann, faoi réir an fhrása ‘De bharr an méid seo a leanas’. Tugann na haithrisí na cúiseanna atá leis na téarmaí achtúcháin.

Déanfaidh aithris amháin cur síos ar Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 lena gcinntear na teangacha oifigiúla, lenar tugadh isteach an maolú, agus lenar tugadh stádas teanga oifigiúla agus teanga oibre de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh don Ghaeilge.

Déanfaidh aithris eile cur síos ar ábhar an mhaolaithe a fhoráiltear le Rialachán 920/2005, agus ar an bpróiseas chun deireadh a chur leis. Tagróidh aithris eile do Rialachán 1257/2010 lenar cuireadh síneadh ama cúig bliana eile leis an maolú.

Déarfaidh aithris eile go meastar gur gá an maolú a fhadú ar feadh thréimhse cúig bliana ón 1 Eanáir 2017. Bheinn ag súil nach dtabharfaí míniú breise san aithris seo, mar gur chruthaigh míniú a tugadh i Rialachán 1257/2010 deacrachtaí breise.

Ach anois an pointe cinniúnach. Is é bun agus barr an scéil go gcaithfidh aithris a bheith ann a mhíneoidh go bhfuil gá le cur chuige réamhghníomhach incriminteach a ísleoidh, céim ar chéim, raon feidhme an mhaolaithe d’fhonn deireadh a chur leis an maolú ag deireadh a thréimhse nua reatha.

Is gá go gcuirfí in iúl go sonrach, mar aithris nó mar théarma achtacháin, gurb é seo an maolú deireanach – go rachaidh an maolú in éag agus go mbeidh seirbhís iomlán á cur ar fáil ag na hinstitiúidí ar fad trí mheán na Gaeilge ar bhonn comhionann leis na teangacha eile ón 1 Eanáir 2022 amach, ar a dhéanaí.

Maidir leis na téarmaí achtacháin, déarfaidh Airteagal amháin go bhfuil an maolú á fhadú.

Sonróidh sé nach mbeidh feidhm ag an maolú maidir le Rialacháin a ghlacfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle go comhpháirteach: sin an status quo.

Ach is dóigh liom, agus iarraim go láidir, thar ceann phobal na Gaeilge agus na ndaoine oilte atá agus a bheidh ar fáil chun seirbhísí an Aontais a chur ar fáil i nGaeilge, go ndéarfaidh an tAirteagal seo ina theannta sin nach mbeidh feidhm ag an maolú i gcás na ngníomhartha dlíthiúla a liostófaí in iarscríbhinn ó na dátaí a bheadh luaite ann.

Is mar seo a chruthófaí na postanna de réir a chéile, a thabharfaí muinín don chóras oiliúna a bhfuil airgead an Stáit á chaitheamh air, agus a chuirfí deireadh leis an éiginnteacht a bhain an bonn de phleananna earcaíochta na n-institiúidí agus den chóras oiliúna Éireannach araon go dtí seo.

Déarfaidh Airteagal 2 go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus go mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2017.

San iarscríbhinn bheadh liosta na ngníomhartha dlíthiúla a bheadh i gceist mar incrimintí, agus na dátaí óna gcaithfí iad a dhréachtú agus a fhoilsiú i nGaeilge.

Is dóigh liom gur chóir an chéad incrimint a bheith ann ar dháta tosaithe an mhaolaithe nua, is é sin an 1 Eanáir 2017. Tá dóthain ama ann chun go ndéanfaí daoine a earcú. D’fhéadfaí, mar shampla, a fhoráil go ndéanfaí na Treoracha sa ghnáthnós imeachta reachtach (Parlaimint agus Comhairle) a aistriú ón 1 Eanáir 2017; cinntí sa ghnáthnós imeachta a aistriú ón dáta céanna; Rialacháin ón bParlaimint, Rialacháin ón gComhairle, agus Cinntí ón gCoimisiún a aistriú ón 1 Eanáir 2018; Treoracha ón gComhairle, Cinntí ón gComhairle, agus Treoracha ón gCoimisiún a aistriú ón 1 Eanáir 2019; agus Rialacháin agus Treoracha, nach den ghnáthnós imeachta reachtach iad, a aistriú ón 1 Eanáir 2020. Tagann institiúidí eile ar nós na Cúirte Breithiúnais i gceist freisin.

Ó thaobh na hidirbheartaíochta de, tá seans ann go luafadh an Coimisiún dhá ábhar: laghdú foirne agus an acquis communautaire. Níl aon deacracht iontu sin don togra Éireannach. Tuigeann an Coimisiún ó chinntí áirithe de chuid an Ombudsman Eorpaigh nach féidir idirdhealú a dhéanamh ar bhonn teanga, ná caitheamh go díréireach le teanga oifigiúil ar leith. Maidir leis an acquis, is mian liom go dtuigfeadh an taobh Éireannach go bhfuil tuairim dhlíthiúil curtha i scríbhinn ag an gCoimisiún trína Sheirbhís Dlí a dheimhníonn nach gá go mbeadh an acquis ar fáil i nGaeilge chun deireadh a chur leis an maolú agus lán-seirbhís Gaeilge a chur ar fáil, agus nach bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann go n-aistreodh Éire an acquis.

Is dóigh liom go bhfeicfear go bhfuil Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin, fabhrach leis an togra Éireannach. Is aimhrialtacht sa chóras é an maolú sealadach seo nár mhiste deireadh a chur léi.

Maidir le taobh na hÉireann de, tá cur chuige nua á bheartú don Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge a thiocfaidh i bhfeidhm ó fhómhar na bliana seo.

Déanfar cúrsaí a mhaoiniú a chuirfidh béim ar chumas i dtrí theanga agus ar chumais éagsúla réasúnaíochta, chun go mbeidh na céimithe ullmhaithe go cuí i gcomhair earcaíochta sna hinstitiúidí Eorpacha.

Tá an Tionscnamh Téarmaíochta LEX fós á mhaoiniú, agus ina leith sin is dóigh liom go mba chóir díriú freisin ar EuroVoc, teasáras ilteangach an Aontais, a bhfuil na teangacha oifigiúla ar fad ann, ach amháin an Ghaeilge.

Má chuireann Rialtas na hÉireann togra do dhréacht-Rialachán faoi bhráid na Comhairle a thagann leis na critéir atá molta agam maidir le dáta cinnte a bheith ann d’éag an mhaolaithe, agus incrimintí i dtreo lán-seirbhíse a bheith ann, beidh mé ag tacú leis ar an tslí.

Ar ndóigh, is i mBéarla a bheidh an dréacht-Rialachán molta a chuirfidh an Stát faoi bhráid na Comhairle. Ní ghlacfaí le leagan i nGaeilge – de dheasca an mhaolaithe!

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna do stádas na Gaeilge san AE'

  • Bríd

    A lucht na Roinne Gaeltachta, a chairde,

    Má léann sibh Tuairisc (agus cén fáth nach léifeadh?), ar mhiste libh a rá liom cé mhéad focal in aghaidh na bliana a bheadh le haistriú go Gaeilge murach an maolú a bheith i bhfeidhm, de bhreis ar an líon focal faoi láthair?

    Le dea-mhéin,
    Bríd

  • alan

    Saghas mantra ag daoine áirithe is ea é an maolú seo a bhaint, ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn, admhaím ach nár fhéach isteach i gceart sa scéal. I mbeagan focal, níl go leor sáraistritheoirí incháilithe ann a d’fhéadfadh aistriúchán casta a chur díobh go cruinn, go slachthmhar agus go cúirialta. Ná ní lú ná mar atá dóthain dlítheangeolaithe le Gaeilge mhaith ann ach oiread , ná ní móide go mbeidh, is oth liom a rá.
    Is í an Ghaeilge an t-ábhar is éasca san Ollscoil chun céim a bhaint amach inti, an fáth go roghnaíonn an-chuid daoine í, agus tá an caighdeán ag díochlaonadh i gcónaí. An fhírinne shearbh.

  • Fearn

    Míle buíochas dhuit as ucht faillí (eile) an Rialtais i leith beocht na Gaeilge i saol cumarsáide an AE a chur ar ár súile dúinn, agus iarrachtaí a dhéanamh go buan á leigheas.
    Faraor ghéar nach bhfuil lucht uile na Gaeilge ar do chúl nuair atá an tíolachadh seo ar na gaobhair.
    Dearna leat, a Phádraig.

  • Seán Mag Leannáin

    Ní dóigh liom go dtuigeann mórán Gaeilgeoirí tábhacht na ceiste seo do thodhchaí na teanga. Gan réimse úsáide níos leithne a chruthú don Ghaeilge sa saol poiblí leanfaidh a chúlú ar aghaidh gan stad. Tabharfaidh an t-aitheantas oifigiúil di mar theanga riaracháin ar chomhchéim leis na teangacha eile sa chomhphobal stádas nua agus réimse inúsáidte thar a bheith tábhachtach di. Lena chois sin b’fhéidir go gcuirfidh sé iachall ar an rialtas anseo rud éicint a dhéanamh, nó ar a laghad náire a chur orthu, faoin a laghad aitheantais atá ann d’úsáid na Gaeilge sa chóras riaracháin ag baile. Is cinnte go bhfuil a chion déanta ag Pádraig B. Ó Laighin faoin gceist murab ionann agus maithe agus móruaisle eile na Gaeilge sna hollscoileanna agus áiteanna eile. Tacaím le Fearn thuas – dearna leat, a Phádraig.