Ólaimis sláinte ‘lucht an chúpla siolla’…

FRIOTAL: Tá siad ag teacht...Fáiltíonn ár gcolúnaí roimh na ceirdbheoracha nua gaelacha

Cartún

Is tráchtaire géarchúiseach é Alan Titley agus bhuail sé an sprioc arís in alt a bhí aige ar Comhar mhí an Mheithimh. Comhartha cinnte ar imeallú na Gaeilge, a mhaíonn sé, mar atá an stát i ndiaidh éirí as ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar eagraíochtaí nuabhunaithe agus fiú amháin ar longa nuasheolta de chuid an chabhlaigh. Is fíor dó nach scéal gan bhrí é sin, ach deimhniú nach bhfuil tábhacht shiombalach féin ag an teanga i measc lucht cumhachta níos mó.

Bíodh sin mar atá, tá dream amháin ann a bhíonn ag teacht i dtír ar an rud teibí sin ar a dtugtar ‘dea-thoil an phobail’ i leith na teanga, mar atá, lucht fógraíochta is margaíochta. Gabh isteach i siopa biotáille ar bith agus chífidh tú amach romhat raidhse beoracha de dhéantús comhlachtaí beaga. Idir Brú Rí, Curim agus Tarbh, b’fhurasta don Ghael babhta ólacháin a dhéanamh nach bhfacthas a leithéid ó bhí Mesca Ulad ann.

Tá leas tráchtála á bhaint as an Ghaeilge ag na comhlachtaí móra le fada an lá. Iarr ar dhuine sampla d’fhógra Gaeilge a lua agus, chomh dócha lena mhalairt, is ‘Tá siad ag teacht’ de chuid Guinness a thiocfaidh chun cuimhne. Beidh cuimhne ag cuid agaibh mar a baineadh tuisle as lucht margaíochta Guinness nuair a chuir siad beoir chruithneachta darb ainm Breó ar an mhargadh in 1998. Dar ndóigh, is Bro an fuaimniú a úsáideadh sna hábhair phoiblíochta ar fad – cruthú cinnte nach ionann lucht fógraíochta agus lucht foghraíochta. Mhaígh muintir Guinness gur ‘bladhaire’ nó ‘laom’ an chiall a bhí leis an ainm, ach ba ghairid gur aimsigh fear magaidh éigin iontráil i bhfoclóir an Duinnínigh nach raibh díreach chomh fileata céanna:

Fire, flame, phosphorus; fire that proceeds from putrid matter, as fish etc.

Ní léir dom cad é mar a chuirfeadh iasc, dá lofa é, bladhairí amach as féin ach sin scéal thairis: baineadh Breó den mhargadh i ndiaidh cúig mhilliún punt Éireannach a chaitheamh leis. Ar a bhfaca tú riamh, a léitheoir, ná tarraing mallacht an Duinnínigh ort féin.

Teachtaireacht eile ar fad atá ag na comhlachtaí beaga a úsáideann an Ghaeilge chun críocha margaíochta – go bhfuil tuiscint acu ar chultúr ólacháin na tíre siar go haimsir na meá agus an leanna fraoigh, gur earraí Éireannacha atá á ndíol acu agus nach ollchomhlachtaí santacha droch-chríocha iad. Dhera, is geall le caitheamh aimsire a gcuid beoir bhaile a roinnt le daoine eile. Ní baol dóibh ach oiread an pobal a chur thar a n-acmhainn le carraigeacha ilsiollacha Gaeilge. Caolseans go bhfeicfear arís go deo mana fógraíochta chomh dúshlánach le ‘Is fearrde thú Guinness’ – nath a raibh múinteoirí gramadaí thar a bheith ceanúil air. Agus má tá an chuma air nach dtuigfear an focal simplí féin is féidir i gcónaí é a litriú ina fhocal Béarla, ar nós Ishka Irish Spring Water. Sin nó do chóras litrithe féin a cheapadh, mar a rinneadh i gcás An Brain Blásta, an bheoir is ansa le Hannibal Lecter.

Ach tá siad le moladh, na fiontraithe seo atá sásta culaith Ghaeilge a chur ar a gcuid earraí. I bhfianaise theirce na Gaeilge sa saol poiblí, is maith iad ‘lucht an chúpla siolla’ féin.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Ólaimis sláinte ‘lucht an chúpla siolla’…'

  • Eoghan ONeill

    Sin ceann iontach ‘an brian blasta’

  • frainc

    piúnt guinnéise le do thoil!

  • Feardorcha

    Mór an náire ceardghrúdlann na Ceathrún Rua nach bhfuil Gaeilge dá laghad ar a mbuidéil acu. Amaideach an mhaise dóibh é mar ní dhéanfadh sé díobháil dóibh agus seans go ndíolfaidís cúpla galún eile dá bhuíochas. Seans go léifidh siad colún seo Antaine!
    Bhíodh Beoir Chorca Dhuibhne níos fearr ach táid tite siar anois.
    Mmmm, Carraig Dubh …

  • Eibhlįn Uí Ęalaithe

    B’fhéidir go bhfuil siad ag léamh Amú san Aistriúchán agus iad ag lorg inspioráid !
    https://atasteof-ireland.com/2014/04/09/a-taste-of-ireland-presents-beoir-a-tale-of-irelands-craft-ale

    Is lucht glic iad Tionscal na nDeochanna agus Alcól .Ceapadh duine go bhfuil na fôgraí sin amaideadach go minic ach bíonn an lucht sin ag smaoineamh ar spriocphobail an óg .,ach tar éis é sin á rá tâ an alt seo go h iontach