Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí

 

Comhar14-0170

Comórtas – Cláraigí! Cláraigí! Cláraigí!

Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil deis ag ár léitheoirí ar shíntiús bliana don iris liteartha Comhar a bhuachtaint ach clárú le Nuachtlitir Tuairisc.ie anseo.

Buaiteoir!

Lóistín do bheirt in Óstán City West i gcomhair Oireachtas na Gaeilge 2015 an chéad duais a thairgíomar i mbliana dóibh siúd a chláraigh dár Nuachtlitir agus is é buaiteoir na duaise sin ná Éamonn Ó Gribín. Déanaimid comghairdeachas le hÉamonn agus go mbaine sé taitneamh as lóistín álainn Óstán City West! Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hOireachtas na Gaeilge freisin as ucht an duais seo a chur ar fáil dúinn.

Glór an phobail

Amach ó scéal an Oireachtais, tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil tús á chur againn an tseachtain seo chugainn le togra nua i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht. Gach seachtain ar Tuairisc.ie, beidh údar Gaeilge le cloisteáil ag léamh sliocht as saothar leis agus téacs an tsleachta sin le feiceáil ar an suíomh chomh maith. Beidh idir phrós, dánta agus amhráin le cloisteáil agus le léamh mar chuid den togra closamhairc seo.

An tseachtain seo chugainn, beidh an scríbhneoir iomráiteach Joe Steve Ó Neachtain le cloisteáil againn agus sliocht óna leabhar ‘An Lámh Láidir’ á léamh os ard aige. Mar sin, cuirigí cluas oraibh féin lena aghaidh sin!

Na scéalta is mó a léadh

Is iomaí duine a chuir spéis sa ghné-alt nua againn, Amú san aistriúchán, agus is é atá ar bharr an liosta an tseachtain seo.  Go deimhin, táimid á ndalladh ag ríomhphoist atá tagtha an treo chugainn faoin gceist seo agus gabhaimid buíochas lenár léitheoirí as a n-ucht sin.

Shílfeá gur chuir cuid de na leaganacha céanna lucht monatóireachta youtube amú leis, óir tá daoine glice ag baint úsáide as an nGaeilge anois chun ábhar pornagrafach a chur in airde ar an suíomh roinnte físeán. Tá an scéal sin sa dara háit ar an liosta an tseachtain seo.

Is é an chéad scéal eile is mó a léadh ná fógairt RTÉ go bhfuil ceannasaí seánra a mbeidh cúram na gclár Gaeilge air le ceapadh acu den chéad uair le cúig bliana anuas.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt Rónán Mac Con Iomaire gur “mór an t-easnamh” atá ann ó ceapadh a leithéid de dhuine cúig bliana ó shin agus nárbh “aon comhtharlúint é go raibh laghdú tagtha ar an méid Gaeilge ar chainéil teilifíse RTÉ le linn na tréimhse ama sin”.

Easnamh den tsaghas céanna, b’fhéidir, a bhí ag dó na geirbe ag an bhfile Seán Ó Ríordáin sa dán ‘Fill Arís’ agus é ag tathaint orainn ‘Gleann na nGealt thoir’ a fhágáil inár ndiaidh. Faoi mar a scríobh Daithí de Mórdha, ‘Is dócha gur beag a cheap an Ríordánach agus a aistear meafarach ó Ghleann na nGealt á bhreacadh aige gur achrann agus aighneas a bheadh á spreagadh ag an gconair ón ngleann céanna siar go Corca Dhuibhne, an N86.’

Tá alt Dhaithí sa cheathrú háit ar an liosta an tseachtain seo. Áitíonn Daithí san alt céanna gur ‘siombail a bheadh sa bhóthar seo go bhfuil an Stát sásta freastal ar’ phobail tuaithe na tíre, seachas dearúd a dhéanamh orthu.

Pé seasamh atá ag eagraíochtaí Stát i leith na bpobal seo, ní léir go bhfuil siad sásta na moltaí a fhaigheann siad uathu a chur i bhfeidhm, más aon slat tomhais é scéal Sheáin Tadhg Uí Ghairbhí ar fhoilsiú tuarascála faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tuairiscítear go bhfuil nuashonrú déanta ar an tuarascáil a foilsíodh sa bhliain 2007 agus go raibh an leagan is déanaí di réidh le foilsiú roimh Nollaig 2014. Tá an chuma ar an scéal anois, áfach, nach bhfuil oifgigh i Roinn na Gaeltachta sásta go bhfoilseofaí í de bharr moltaí atá déanta ag a húdair i leith na Roinne céanna. Bí ag caint ar pholaitíocht agus maorlathas.

Sin é ár mbuillne tugtha an geábh seo.

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil liomsa, Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

 

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'