Amú san aistriúchán…(2)

Tá Tuairisc.ie ag lorg cúnaimh ónár léitheoirí chun teacht ar na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

FSS9111aBhain eagrán na seachtaine seo caite ó leithreas Leisureland i mBóthar na Trá go leor gáire agus cainte asaibh. Go raibh míle maith agaibhse uilig a chuir chugainn ag nuacht@tuairisc.ie samplaí den ‘praistriúcháin’ a bhíonn le feiceáil in áiteacha poiblí. Bhí sé sách deacair an ceann is fearr (nó is measa?) a roghnú ach sílim go luíonn an sampla seo a chuir fear i gContae an Chláir chugam le hainm an cholúin seo:

Amú san aistriúchán…(2)

Áit: Ospidéal na hInse, Contae an Chláir

An Béarla: No exit

An Ghaeilge: Cosc ar iontráil

Focal ó na moltóirí: Níl muid cinnte cé acu drochaistriúchán Béarla nó drochaistriúchán Gaeilge é seo. Feictear Béarla breá agus Gaeilge fhileata ar an gcomhartha seo, tá an litriú ceart, níl locht ar an ngramadach ach is cosúil go bhfuil riail dhifriúil i bhfeidhm do Bhéarlóirí ná mar atá do Ghaeilgeoirí. Níl cead ag Gaeilgeoirí dul isteach chuig an ospidéal. Feall! a deir sibh. Éagóir! Leatrom! Easpa cearta don Ghael arís! Ach gabh i leith, cé nach gcuirfear cóir leighis ar Ghaeil na hInse, ar a laghad ní choinneofaí áit ar bith in aghaidh a dtola ach an oiread iad. Más Béarlóir thú, fearacht Óstán California na Eagles, beidh míle fáilte romhat in Ospidéal na hInse ach ní fhágfaidh tú go brách é. ‘Sea, ‘You can check-out any time you like, but you can never leave!’

An leagan ceart: ‘Níl slí amach anseo’ a mholann focal.ie ar ‘No Exit’. Cineáilín fada ach theip orainn teacht ar bhealach níos gonta lena rá. ‘Ná cuimhnigh fhéin ar fhágáil an bealach seo!” a d’fheicfí i gCois Fharraige, is dóigh.

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(2)'

  • Mise Áine

    @ Níl slí amach anseo.’

    Tá ‘slí amach’ ann, i ndáiríre…is féidir dul isteach agus is amach tríd an spás atá ann, nach féidir?

    Sa gcaoi chéanna, tá slí isteach san áit ina bhfuil ‘No Entrance’ scríofa, mar shampla, agus tá slí amach san áit ina bhfuil ‘No Exit’ scríofa, má thuigeann tú leat mé..:-)

    Céard a bheadh cearr le ‘Entrance/Exit’ nó ‘Bealach Isteach/Bealach Amach.’ ach an dá theanga a bheith, ahem, ar aon tuairim faoin treo ina bhfuil siad ag dul, más comhartha dátheangach atá ann!

    An fiú bacadh le ‘Cosc/No/Níl’ sa chás seo,ar chor ar bith, meas tú?

    Agus, fainic an dtósódh sibh mé ag scríobh faoin gcomhartha ‘Saor In Aisce’…cuir Béarla ar an gceann sin…’Cheap ‘n Free,’ meas tú…chuirfeadh an ceann sin na Bearlóirí soir, gan dabht ar bith..;-)