Teidil Ghaeilge curtha ar scannáin phornagrafacha ar YouTube

Tá físeáin ina dtaispeántar gníomhaíochtaí éagsúla gnéis á gcrochadh faoi theidil Ghaeilge ag roinnt cainéal ar YouTube

Screen Shot 2015-02-05 at 00.14.55
Ceann de na scannáin phornagrafacha a bhfuil teidil Ghaeilge curtha orthu

 

Tá sé tagtha chun solais le deireanas ar na meáin shóisialta go bhfuil scannáin earótacha á gcur suas ar an suíomh idirlín YouTube faoi ainmneacha Gaeilge.

Ní léir go fóill cén bhaint atá ag na scannáin seo le hÉirinn nó go deimhin leis an teanga.

Is i dteangacha éagsúla a rinneadh na scannáin, agus de réir dealraimh, is i dtíortha éagsúla a rinneadh iad. Tá cuid de na scannáin i mBéarla freisin.

Feicfidh an té a chuardóidh an focal ‘scannán’ ar YouTube liosta fada de scannáin faoi theidil éagsúla ar nós FÁSTA Te Iodáilis Eroitca Scannán Docteur Popaul, Hot Scannán Fad Iomlán Deis Deiridh HD 2014 agus Scannáin Hot Seapáin Gnéas 2014 Gnéas Múinteoir. 

Tá na físeáin á n-óstáil ar chúpla cainéal éagsúil ach is beag eolas faoi na cainéil atá le fáil ar YouTube féin seachas gur cláraíodh iad ar fad ar an 13 Deireadh Fómhair 2014 é. Tá seinnliosta ar leathanaigh na gcainéal dar teideal Scannán do Dhaoine Fásta 2014 HD Iomlán a bhfuil ceithre scannán air. Theip ar iarrachtaí Tuairisc.ie teagmháil a dhéanamh le riarthóirí na gcainéal.

Tá na físeáin seo in aghaidh an ‘treoir don phobal’ a leagann YouTube síos d’úsáideoirí an tsuímh. Luaitear go sonrach sna treoirlínte céanna nach gceadaítear ábhar pornagrafaíochta ar YouTube.

“YouTube is not for pornography or sexually explicit content. If this describes your video, even if it’s a video of yourself, don’t post it on YouTube. Also, be advised that we work closely with law enforcement and we report child exploitation. Please read our Safety Center and stay safe on YouTube,” a deirtear ag barr liosta na dtreoirlínte ag YouTube.

Fág freagra ar 'Teidil Ghaeilge curtha ar scannáin phornagrafacha ar YouTube'

  • Charles

    O hó hó cathain a bheidh ár gcuid físeán féin againn inár dteanga féin!

  • PólÓ

    Cúpla bliain ó shin, dúirt Des Bishop gur mhaith leis bheith ina stiúrthóir den chéad scannán pornografach i nGaeilge, thug sé an teideal “Súil Eile” don scannán.