Tá moill curtha ar fhoilsiú tuarascála faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht toisc nach raibh oifgigh i Roinn na Gaeltachta sásta go bhfuil moltaí déanta ag údair an taighde.
Ba é Údarás na Gaeltachta a choimisiúnaigh an saothar taighde atá bunaithe ar an tuarascáil inar tugadh le fios i 2007 gur fiche bliain a bhí fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht muna ndéanfaí beart fónta láithreach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga.
Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil moill le foilsiú na tuarascála nua toisc go raibh ceist ag oifigigh i Roinn na Gaeltachta faoi mholtaí a bheith déanta ag údair an taighde mar chuid dá saothar.
Tá amhras anois ann faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh na moltaí a bhí déanta ag na húdair mar chuid den tuarascáil nuair a fhoilseofar í.
Dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta tráthnóna inné freagra a thabhairt ar cheist shonrach faoina ról sa mhoill a bhaineann le foilsiú na tuarascála – ‘Nuashonrú ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch’.
“Is ceist í seo d’Údarás na Gaeltachta, is é an tÚdarás atá ag plé le nuashonrú ar an Staidéar,” a dúirt urlabhraí ón Roinn.
Chuir Tuairisc.ie ceist chomh maith ar an Roinn an gnáthchleachtas é go mbíonn inchur acu i bhfoilsiú tuarascálacha taighde a dhéantar go neamhspleách d’eagraíochtaí a thagann faoina scáth.
“Is féidir a bheith cinnte go leanfaidh an Roinn ag obair i gcomhar leis an Údarás chun a chinntiú go mbeidh toradh fónta ar an obair a bhaineann le nuashonrú an chuid sin den fhaisnéis chainníochtúil a bhí cuimsithe sa bhunstaidéar sa chaoi is go mbeidh faisnéis shoiléir, inúsáidte ar fáil i ndeireadh báire a mbeidh gach páirtí leasmhar in ann é a chur chun fónaimh,” a dúirt urlabhraí ón Roinn.
Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil súil acu go mbeadh “dáta á aontú go luath i ngeall ar fhoilsiú na tuarascála tábhachtacha seo”.
Maidir le cé acu an bhfoilseofar nó nach bhfoilseofar na moltaí ar fad atá déanta ag na húdair mar chuid dá dtaighde, dúirt urlabhraí an Údaráis go mbeadh “tátail sa tuarascáil nua ag léiriú bunús staitistiúil an staid reatha i ngeall ar phróifíl na Gaeilge mar theanga phobail ag leibhéal na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT)”.
Dúirt an t-urlabhraí go mbeadh an tuarascáil nua “mar acmhainn eolais agus forbartha” don Údarás féin, do Roinn na Gaeltachta agus do na Ceanneagraíochtaí a bheidh i mbun obair phleanála teanga sa Ghaeltacht.
Thug an t-urlabhraí le fios go raibh “plé leanúnach ar siúl idir An Roinn agus an tÚdarás i ngeall ar gach gné d’fheidhmiú chlár forbartha an Údaráis” agus go raibh “plé ar leith” ar bun le tamall anuas faoi chúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht, an taighde nua “san áireamh”.
Dúradh “go raibh roinnt plé fós ar siúl” maidir leis an dtuarascáil taighde agus go raibh an tÚdarás ag fanacht “leis an leagan is deireanaí ó na húdair”.
Dheimhnigh duine d’údair na tuarascála, an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, tráthnóna inné go raibh an tuarascáil fós “á plé” leis an Údarás ach ní raibh sé sásta tagairt go sonrach do thorthaí an taighde ná don mhoill a bhaineann lena fhoilsiú.
Dheimhnigh an tOllamh Ó Giollagáin cheana do Tuairisc.ie go gcruthaítear sa ‘Nuashonrú ar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch’ go bhfuil an “éigeandáil teanga” sa Ghaeltacht “ag leathadh”.
Mar a tuairiscíodh anseo cheana, léiríonn an taighde neamhfhoilsithe atá bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach gur in olcas atá cás na Gaeilge sa Ghaeltacht imithe ó foilsíodh an buntaighde i 2007.
Sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch rangnaíodh na ceantair Ghaeltachta ar fad de réir trí cinn de chatagoírí – A, B agus C – bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna cheantair éagsúla Ghaeltachta.
Bronnadh stádas ‘Catagóir A’ ar na ceantair is láidre teanga agus cuireadh na ceantair is laige i ‘gCatagóir C’.
Tuigtear do Tuairisc.ie go léiríonn an t-athrangú atá déanta sa taighde nua gur isliú stádais atá i gceist i gcás ceantair éagsúla agus tuigtear leis nach bhfuil ardú stádais i ndán d’aon cheantar.
Tá laghdú tagtha chomh maith ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcuid de na ceantair i gCatagóir A, na ceantair is láidre ó thaobh na teanga.
Ba i mí Bealtaine 2013 a bhronn Údarás na Gaeltachta conradh ar fhoireann taighde de chuid Ollscoil na Éireann Gaillimh agus An Institiúid um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad chun nuashonrú a dhéanamh ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007.
Ba é an aidhm a bhí leis an gconradh, a deir Údarás na Gaeltachta, ná nuashonrú a dhéanamh “ar na príomhfhoinsí staitistiúla a bhí mar bhunsraith faisnéise de chuid na chéad tuarascála”.
Is iad “na príomhfhoinsí” nua sin ná an t-eolas a bailíodh le linn Dhaonáirimh 2006 agus 2011 agus na torthaí a bhain le Scéim Labhairt na Gaeilge don tréimhse chéanna.
Fág freagra ar 'Moill ar fhoilsiú tuarascála faoi staid na Gaeilge mar gheall ar mhíshástacht faoi mholtaí'