RTÉ ag lorg Ceannasaí Seánra a mbeidh cláracha Gaeilge faoina chúram

Tá próiséas earcaíochta tosaithe ag RTÉ chun teacht ar Ceannasaí Seánra a mbeidh cláracha Gaeilge faoina chúram

Ronan Man an Iomaire
Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire

 

Tá ceannasaí seánra a mbeidh cúram na gclár Gaeilge air le ceapadh ag RTÉ den chéad uair le cúig bliana anuas. Tá an folúntas do Cheannasaí Seánra do réimse na Gaeilge, an oideachais agus na heolaíochta le líonadh go luath.

Beidh an ceannasaí nua i gceannas ar chláir Ghaeilge teilifíse ar stáisiúin RTÉ.

Ní raibh ceannasaí seánra ann a raibh cúram air maidir le cláir Ghaeilge le cúig bliana anuas. Ba í Mairéad Ní Nuadhain, Ceannasaí Gnóthaí Seachtrachta RTÉ, an duine deireanach a raibh a leithéid de phost aici.

Beidh an té a cheapfar freagrach as coimisiúniú a dhéanamh ar chláracha do RTÉ One agus RTÉ Two agus as ábhar do TG4 a choimisiúnú agus a fhorbairt. Breathnóidh sé i ndiaidh an chaidrimh idir RTÉ agus TG4 ó thaobh cúrsaí teilifíse freisin.

Beidh an Ceannasaí ag obair i gcomhpháirt le Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, chun an Ghaeilge a chur chun cinn san eagraíocht agus cur leis an méid Gaeilge a bhíonn ar an aer.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie gur mór an cúnamh a bheas i gceapachán an Cheannasaí nua dó agus é i mbun a chuid oibre.

“Tá sé cúig bliana ó bhí ceannasaí seánra ar chláracha Gaeilge in RTÉ. Is mór an t-easnamh a bhí ansin agus ní haon comhtharlúint é go raibh laghdú tagtha ar an méid Gaeilge ar chainéil teilifíse RTÉ le linn na tréimhse ama sin.

“Is cuid an-tábhachtach é an ról seo ins an obair a thagann faoi mo chúram féin faoi fhorbairt na Gaeilge go ginearálta agus go sonrach sa réimse seo, réimse na teilifíse,” a dúirt an Grúpcheannasaí Gaeilge.

Tá na hiarratais istigh cheana don phost a fógraíodh go hinmheánach in RTÉ agus tús curtha leis an bpróiseas agallaimh.

Fág freagra ar 'RTÉ ag lorg Ceannasaí Seánra a mbeidh cláracha Gaeilge faoina chúram'