A gcúiseanna féin ag Ciarraí faobhar a chur ar na sceana arís

Deimhniú é ar thairbhe agus ar mhealltacht Chomórtas an tSárochtair go bhfuil dearmad déanta cheana féin ar bhua na seachtaine seo caite ag Ciarraí agus ag Dún na nGall

A gcúiseanna féin ag Ciarraí faobhar a chur ar na sceana arís

Más leis an gcroí, le heagla a dtreascartha agus le sprid foirne a bhuaigh Ciarraí ar Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite, is dúshlán ana-dhifriúil atá rompu an deireadh seachtaine seo in aghaidh Dhún na nGall. 

Dúshlán ar leith é a chinnteoidh go gcaithfear dul i muinín tréithe eile ar nós intleacht agus éirim chaide agus seifteanna a bheadh bunaithe ar ghrinnanailís seachas ar an rabharta fuinnimh a shuncáil Maigh Eo.

Ag déanamh isteach ar Staid an Ghearaltaigh Dé Domhnaigh seo caite ní raibh aon amhras orm ná go dtógfadh sé ana-iarracht go deo ó Mhaigh Eo chun Ciarraí a chloí ar a bpaiste féin. 

Bhí rud le cosaint – oidhreacht ceithre bliana fichead de chathanna beaga buaite i gCill Airne, agus bhí rud le tabhairt fé chomh maith ag imreoirí Chiarraí agus an tuairim seo abhus nach raibh aon ní fónta bainte amach as seacht gcinn de chraobhacha as a chéile a bhí buaite i gCúige Mumhan. 

Anuas air sin ar fad, bhí duine de phiardaí móra na caide, Seán Cavanagh ó Thír Eoghain, tar éis an chairt a raideadh le baothchaint mhíthuisceanach fé lucht leanúna na caide sa chontae. Dhein Cavanagh amhlaidh trí leas a bhaint as ceann de na coraí cainte ba mhó iomrá a d’éalaigh as béal Pháidí Uí Shé. Ní dóigh liom, áfach, gur léigh Cavanagh éirim na cainte ó Pháidí i gceart. 

Nílim chomh dall ná chomh bodhar nach n-aithním gur féidir le mo threibh féin bheith sotalach, searbhasach agus scaoilte lena mbriathra agus lena ngníomhartha nuair a thagann sé go dtí cúrsaí caide ach b’ainnis an mhaise ag Cavanagh é gan an léamh ceart a bhaint as an urraim a léiríodh do Mhickey Harte agus dá chlann an lá úd i gCill Airne sa bhliain 2012. 

Tá a rian air, bhí tine ar chraiceann lucht leanúna na Ríochta ag déanamh ar chaitheamh in airde na caide Dé Domhnaigh seo caite. Bhí spréacha sin an lucht leanúna braite, coigilte agus coimeádta i dtaisce ag imreoirí Chiarraí chomh maith agus ba léir faoin am ar chaith an réiteoir, Seán Hurson, an chaid in airde ná raibh fonn ar aon imreoir ó Chiarraí cúlú ón gcath. 

Deimhniú é ar thairbhe agus ar mhealltacht Chomórtas an tSárochtair go bhfuil dearmad déanta cheana féin ar bhua na seachtaine seo caite ag Ciarraí agus ag Dún na nGall agus an dá fhoireann seo ag dul in adharca a chéile amárach. 

Bhí, gan amhras, ceachtanna le foghlaim agus iniúchadh le déanamh ar imirt na seachtaine seo caite ach i gcás na bhfoirne, tuigeann siad araon gur ainmhí difriúil ar fad atá chucu an deireadh seachtaine seo i gcomórtas le soineantacht na Mí agus támáilteacht Mhaigh Eo. 

I gcás Dhún na nGall, tuigfidh siad go maith go luífidh Ciarraí an bhróg go maith ar an scornach má fhaigheann siad fáiscthe isteach iad, mar a bhí na Conallaigh ag contae na Mí. Bhí naoi bpointe d’fharasbarr ag Dún na nGall sa deireadh ach tar éis do Dharragh Campion contae na Mí a chur pointe chun cinn 1-12 le 1-11 agus ceithre nóimeataí le cois an leathchéid caite, thaibhseofaí dhuit gur le contae na Mí a bheadh an lá. Níor chuaigh Dún na nGall amú sa cheo áfach agus le spreagadh iontach óna gcaptaen, Michael Murphy, agus roinnt neafaiseach óna gcéilí comhraic, d’éirigh leo contae na Mí a chur de dhroim seoil don tríú babhta i mbliana, beart a dheineadar sa tslí chéanna na trí bhabhta. Ní cleas é go ndeintear trí huaire é agus tá sé déanta go paiteanta ag na Conallaigh. 

Maidir le Ciarraí, aithneoidh siad i dtaispeántas Mhaigh Eo na comharthaí sóirt a bhaineann le foireann thnáite. Ní mar a chéile in aon chor é bheith ag iarraidh Ryan McHugh a cheansú agus Keith Higgins a choimeád fé chois. Tá láthair an chatha siúlta fé ghradam go minic ag Higgins ach leis an dteas i gCill Airne Dé Domhnaigh, ní raibh rian a choise chomh tiubh ar an bhfód. Thuigfeá canathaobh ná beadh.

Ní hionann Aidan O’Shea agus a pháirtí Donal Vaughan agus Michael Murphy nó Hugh McFadden agus Jason McGee. Seans nach ionann ach an oiread David Moran na seachtaine seo caite agus Moran na seachtaine seo más fios go bhfuil gortú colpa ag gabháil dó. B’fhéidir áfach gurb é an gortú mí-ámharach a bhaineann le hEoghan Bán Gallagher an ionga bheag de dhifríocht a bheidh idir na foirne i ndeireadh an lae. Is deacair macasamhail imreora a aimsiú in imeacht seachtaine agus is buille mór do Dhún na nGall é. 

N’fheadar an bhféadfadh Ciarraí bheith chomh tógtha, chomh spreagtha céanna an tseachtain seo is a bhíodar an tseachtain seo caite ach tá a gcúiseanna féin acu chun faobhar a chur ar na sceana arís, ní lú ina measc ná fuil buaite i bPáirc an Chrócaigh acu an cheithre bhabhta deireanach ann acu. 

Ní leis an gcroí ná leis an gcolainn a bhuafar an ceann seo áfach ach le haigne luath thapaidh agus le híogaireacht intinne. 

Is dóigh liom go bhfuil san leis i gCiarraí.    

——————————————

Fág freagra ar 'A gcúiseanna féin ag Ciarraí faobhar a chur ar na sceana arís'