A bhua tuillte ag sárchnuasach Barrett

Tá gradam an Guardian First Book buaite ag Colin Barrett na hÉireann dá úrscéal Young Skins agus é tuillte go maith aige, dar le John-Paul McCarthy

000205_8e20b504574225dc3a5ee3188a6513e3

“Love is simply a word. It joins separate things. Lyndon and I, though you would disagree, agree that we do not properly love one another anymore. Because we ceased long ago to be enough apart for a ‘love’ to span the distance. Lyndon says he shall cherish the day when love and right and responsibility, when these words he says, are understood by you youths of America to be nothing but arrangements of distance.”

Chuir David Foster Wallace an méid sin i mbéal Lady Bird Johnson agus a fear céile cáiliúil á chur os ár gcomhair aige ina úrscéal, ‘Lyndon’.

Ní foláir nó go raibh tionchar ar leith ag smaointe den chineál seo ar chur chuige liteartha Colin Barrett, an sárscríbhneoir óg Éireannach atá go mór fé chomaoin ag saothar Wallace, agus a thug leis gradam an Guardian First Book inné.

Ina chéad chnuasach, Young Skins, a bhfuil cumhacht ar leith ag baint leis, is ionann an na húdair imní ag Lady Bird agus na téamaí atá á chíoradh ag Barrett; an grá fé bhláth agus in éagmais, an bhearna dhodhúnta a bhíonn idir daoine a chasann ar a chéile gach aon lá, an leochaileacht agus an leigheas uirthi, agus an cairdeas a mhaireann san áit imeallach nach mbíonn fáilte roimh dhuine ann.

D’fhoglaim Barrett ó Wallace nach uirlis stocaireachta nó meán bolscaireachta a bhíonn sa litríocht ar chor ar bith, ach iarracht sinn a mhisniú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin laethúla a bhíonn le sárú againn.

An t-uaigneas an namhaid is measa sa chosmos a chruthaíonn siad beirt, agus tugann Barrett le fios go healaíonta gur gá an t-uaigneas a aithint sular féidir é a ruaigeadh.

Agus sin an rud a dhéanann sé in Young Skins, cnuasach gearrscéalta ina léiríonn sé a bhuanna neamhghnácha mar scríbhneoir.

Tuigeann Barrett an tsáinn ina mbíonn alcólaithe mar aon lena gcuid nósanna, “[t]he way they stared down into the weathered grain of the counters, mulling their special soak-head grievances and depletions. The way they were invariably alone.”

Is foirfe mar a shamhlaíonn sé siceolaíocht máthar atá céasta agus í ag feitheamh sa dhorchadas istoíche ar fhilleadh a mic lag tinn:

“This is what a mother must do: pre-emptively conjure the worst-case scenarios in order to avert them….There is a part of her that hates her son, the enormous, fatiguing fragility of him.”

(Is fiú an leabhar a cheannach ar mhaithe leis an gcur síos ar thimpiste a mic sa chipper áitiúil, ní áirím feabhas na scríbhneoireachta tríd síos ann).

Cé go mbraitear rian Wallace ar na haltanna sin a bhaineann leis an aimsir go háirithe (“The midland skies were huge, drenched in pearlescent light and stacked with enormous chrome confections of cloud, their wrinkled undersides greyly streaked and mottled, brimming with whatever rain is before it becomes rain”), níl éalú ná é ó thaibhsí William Carleton agus Patrick Kavanagh ach oiread, beirt a chuir béim ar a lárnaí is atá an foréigean i saol na tuaithe. Baineann Barrett greann dubh as a thuiscint ar an ábhar.

Ach, thar aon ní eile, éiríonn leis anseo scrúdú ríshuimiúil a dhéanamh ar na teorainneacha a leagtar roimh an ghrá agus an cairdeas.

Fág freagra ar 'A bhua tuillte ag sárchnuasach Barrett'

  • Bríd

    Seachnaím de ghnáth na leabhair a bhíonn ró-fhileata is iad ag cur síos ar an spéir, ach tá brath agam seans a thabhairt don cheann seo. Déanfaidh me pre-emptive conjuring ar an worst-case scenario go bhféadfadh fileatacht níos cruthanta fós a bheith ann.

  • Roibeard Ó Conaing

    Ní léimse leabhair Bhéarla. Is cuma sa deoch liom faoi ábhar an ailt seo.