Súil siar ar an nGaeltacht Dhigiteach in 2017 – na meáin shóisialta

Bhí bliain shuimiúil go maith ag an nGaeilge ar na meáin shóisialta i mbliana idir gheo-scagairí Gaeilge ar Snapchat agus eolas nua faoi Ghaeil Twitter

Súil siar ar an nGaeltacht Dhigiteach in 2017 – na meáin shóisialta

Tháinig an drochscéala chugainn i mbliana ón bPríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil an Ghaeltacht fós á lagú agus go bhfuil titim ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa stát trí chéile. Ach tá sólás beag éigin le baint as an bhfás atá tagtha ar an nGaeltacht Dhigiteach le bliain anuas agus forbairtí spéisiúla tarlaithe ó mhí Eanáir 2017.

Ar na scéalta is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal i mbliana bhí na geo-scagairí Gaeilge do Snapchat a eisíodh mí Lúnasa agus an scéala go mbeidh cúrsa ar-líne sa Ghaeilge ar fáil saor in aisce ó DCU an bhliain seo chugainn.

Na Meáin Shóisialta

D’fhógair Conradh na Gaeilge comórtas mí Lúnasa na bliana 2016 le geo-scagairí Gaeilge a dhearadh do chontaetha uile na hÉireann agus chuir na scórtha daoine isteach ar an gcomórtas sin. Bhí fanacht bliana ann sula a raibh na geo-scagairí ar fáil ach nuair a tháinig siad bhí an-tóir go deo orthu. Cuireann úsáideoirí Snapchat geo-scagairí lena gcuid Snapanna chun a thaispeáint cá bhfuil siad, agus léirigh na figiúirí úsáide a chuir Snapchat ar fáil gur seoladh os cionn 1,200,000 Snap sa chéad dhá lá agus os cionn 10,000,000 Snap a raibh geo-scagaire Gaeilge air in imeacht míosa. Tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh na scagairí ar fáil go deo ar Snapchat ach go bhféadfadh an dearadh ar roinnt scagairí athrú amach anseo. Is féidir na dearaí go léir, mar a eisíodh iad an chéad lá, a fheiceáil anseo.

Ar ndóigh ba é Snapchat an meán sóisialta ba mhó a bhí in úsáid ag óige na hÉireann in 2017, ach tá tóir mhór freisin ar theachtairí ar nós Viber, Facebook Messenger, agus iMessage. Tá WhatsApp ar cheann de na teachtairí is mó ar domhan agus i Meitheamh na bliana seo thug an comhlacht le fios do Tuairisc.ie go raibh leagan Gaeilge á fhorbairt. Tá cuid d’úsáideoirí na haipe in ann an leagan Gaeilge a fheiceáil cheana féin ar fhóin de chuid Apple agus ar an leagan ríomhaire den teachtaire.

Dúirt ‘An tAcadamh Um Logánú’ gurbh iad féin a chuir an leagan Gaeilge de WhatsApp ar fáil ar an gcóras iOS agus go bhfuil leagan Android den aip le teacht “go luath”. Níl an leagan sin ar fáil go fóill.

Cuireadh feachtas ar bun i mí Eanáir 2015 chun brú a chur ar an gcomhlacht leagan Gaeilge dá sheirbhís a chur ar fáil. D’iarr ball den ghrúpa Facebook Gaeilge Amháin go seolfaí ríomhphoist chuig Whatsapp “le cur in iúl go bhfuil éileamh ar leagan Gaeilge” den teachtaire.

Thug urlabhraí Whatsapp le fios do Tuairisc.ie i mí an Mhárta 2015 agus arís i mí na Nollag seo caite nach bhfuarthas mórán litreacha ón bpobal a d’éiligh leagan Gaeilge den aip.

Is ar Facebook agus ar Twitter atá an dá “bhaile” is mó sa Ghaeltacht Dhigiteach —  ar an ngrúpa ‘Gaeilge Amháin’ ar Facebook agus i measc na scórtha daoine a labhraíonn an Ghaeilge le chéile go minic ar Twitter.

Tá sé deacair staitisticí úsáide cruinne a fháil do Facebook ach is léir go bhfuil fás leanúnach tagtha ar Ghaeilge Amháin agus beagnach 10,000 duine páirteach sa ghrúpa anois. Ar ndóigh tá grúpaí eile ann freisin do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge, ‘Gaeilge más Féidir, Béarla más gá’ agus grúpaí eile ina measc, chomh maith le leathanaigh nua a thagann aníos le gnéithe eile de shaol na Gaeilge a tharraingt le chéile ar Facebook. Ar ndóigh, is trí imeachtaí Facebook a fhógraítear láithreacha an Pop Up Gaeltacht i mBaile Átha Cliath agus bailte eile ar fud an domhain gach mí.

Tá an t-eolas is cruinne faoi úsáid na Gaeilge ar mheán sóisialta ar fáil ón Ollamh Kevin Scannell in Ollscoil Saint Louis i Missouri. Thug an tOllamh Scannell, a bhíonn ag saothrú go deonach ar son na Gaeilge bliain i ndiaidh bliana, go leor staitisticí agus eolas do Tuairisc.ie i gcaitheamh na bliana faoi úsáid na Gaeilge ar Twitter in 2017.

Bhí a dhá oiread daoine ag úsáid na Gaeilge ar Twitter in 2017 ná a bhí in 2015. Tá giolc amháin Gaeilge, ar a laghad, seolta ag 12,763 cuntas ó bunaíodh Twitter in 2006, agus tá 2.3 milliún giolc ar fad seolta.

Tháinig ardú ar líon na ngiolcacha Gaeilge a sheoltar sa tseachtain freisin. Bhí tuairim is 6,000 giolc Gaeilge á seoladh gach seachtain in 2015 ach tá thart ar 8,500 á seoladh anois. Seoladh an dá mhilliúnú giolc Gaeilge ar an 22 Iúil 2017 ó Bhaile Átha Cliath. Ba é Trevor Herbert, múinteoir agus scoláire Gaeilge i mBaile Átha Cliath, a sheol an giolc sin mar fhreagra ar phictiúr de chomhartha Gaeltachta a chuir Sorcha Ní Riain, as oirthear Chorcaí, suas ar an suíomh.

Ritheann Kevin Scannell an suíomh IndigenousTweets.com, a choinníonn cuntas ar ghiolcacha i mionteangacha ar fud an domhain. Tá an Ghaeilge sa chúigiú háit ar an liosta sin de mhionteangacha a mbítear ag giolcaireacht iontu, i ndiaidh Chriól Háití, an Bhreatnais, an Svahaílis, agus an Bhascais.

D’fhoilsigh Scannell léaráidí agus eolas faoi na cuntais is mó a bhíonn ag comhrá i nGaeilge ar Twitter an fómhar seo agus tá léargas le fáil iontu ar na mionphobail éagsúla a bhíonn i dteagmháil le chéile ar an suíomh meán sóisialta.

Léirigh an léaráid go bhfuil leithéidí RnaG, Tuairisc.ie, an clár Cormac ag a 5 ar na cuntais Ghaeilge is “lárnaí” i saol na Gaeilge ar Twitter.

Spéisiúil go leor, bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh gaol idir na trí phríomhghrúpa atá sa léaráid — comhráite ‘corca’, ‘glas’, agus ‘bándearg’ — agus réigiúin thíreolaíochta. Ba iad muintir na Gaeltachta, go príomha, na cuntais a bhí sa chuid bhándearg den léaráid, muintir an Tuaiscirt den chuid is mó a bhí sa chuid chorcra di, agus muintir Bhaile Átha Cliath agus cuntais Ghaeilge thar lear a bhí le feiceáil sa chuid ghlas.

Mar sin féin, níl aon athrú tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag labhairt i nGaeilge amháin ar Twitter le dhá bhliain anuas. Thug Scannell eolas faoin “gcroíphobal” Gaeilge do Tuairisc.ie mar chuid de shraith alt a bhí againn faoi úsáid na Gaeilge ar Twitter san fhómhar.

Ba í an tslat tomhais a d’úsáid Kevin Scannell le teacht ar an liosta seo ná cuntas pearsanta le duine aonair nach mbíonn ag giolcaireacht thar ceann eagraíochta agus a mbíonn 66.6% nó níos mó dá theachtaireachtaí i nGaeilge. Chun a bheith áirithe mar chuntas gníomhach, ní foláir ar a laghad giolc amháin a chur amach in aghaidh na seachtaine.

Is giolcairí Gaeltachta, daoine a tógadh nó atá anois lonnaithe sa Ghaeltacht, iad 13 (33%), de na cuntais; tá cúigear (13%) lonnaithe thar lear (i Sasana, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Hong Cong); tá ceathrar (10%) lonnaithe ó thuaidh; agus an 18 eile (45%)  scaipthe ar fud na tíre. Tá 26 fear agus 14 bean ar an liosta.

Tá an liosta iomlán den 40 duine atá sa chroíphobal sin le feiceáil anseo.

Cuireadh staitisticí ar fáil freisin faoin úsáid a bhaineann baill tofa na rialtas in Éirinn as an nGaeilge. Is é an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh an Teachta Dála is mó a bhíonn ag labhairt na Gaeilge ar Twitter, bhí Maurice Bradley ón DUP ar liosta na ngiolcairí Gaeilge ó Stormont, agus ba é an Seanadóir neamhspleách as Conamara Trevor Ó Clochartaigh an polaiteoir is mó sa tír ar fad a labhair an Ghaeilge ar Twitter.

Is dóigh gur chabhraigh an borradh mór faoin ngiolcaireacht Ghaeilge a bhí ann le linn Sheachtain na Gaeilge leis an méadú mór ar úsáid na Gaeilge ar an suíomh trí chéile i mbliana.

Seoladh os cionn 21,000 giolc i nGaeilge i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge 2017. Is iondúil go bhfoilsítear idir 950 agus 1,000 teachtaireacht i nGaeilge ar Twitter gach lá, ach tháinig borradh faoi líon na ngiolcacha i nGaeilge le linn na féile idirnáisiúnta teanga.

Bhí dea-scéal ag lucht labhartha na Gàidhlig in Albain chomh maith nuair a tháinig méadú 2,400 giolc ar an líon a seoladh le linn Lá Gàidhlig Twitter mí Aibreáin.

Ar ndóigh, tháinig athrú mór ar Twitter i mbliana nuair a thug lucht an tsuímh a dhá oiread litreacha do na húsáideoirí le hiad féin a chur in iúl. Bhí gearán go leor ann faoin gcinneadh ach tá fáilte curtha ag cainteoirí Gaeilge agus daoine a labhraíonn teangacha eile seachas an Béarla roimh an spás breise a thugann deis dóibh a dteanga a scríobh ar bhealach nádúrtha. Dúirt Kevin Scannell le Tuairisc.ie go gceapann sé go n-athróidh an 280 carachtar atá ar fáil anois an bealach a scríobhtar i nGaeilge ar líne.

Rinne Scannell anailís freisin i dtreo dheireadh na bliana ar na straoiseoga is mó a bhíonn in úsáid ag pobal na Gaeilge ar Twitter agus fuarthas amach gurbh é an ? an straoiseog is mó a úsáideann cainteoirí Gaeilge. Tá liosta na 50 straoiseog is mó a úsáidtear i gcomhráite Gaeilge ar Twitter ar fáil anseo.

Ainneoin na bhforbairtí agus an dul chun cinn uilig atá déanta ag lucht labhartha na Gaeilge ar Twitter, tá imní ar Scannell nach mbeidh an suíomh ar fáil i nGaeilge níos mó i ndiaidh do Twitter deireadh a chur leis an ionad aistriúcháin a mbíonn na haistritheoirí deonacha ag saothrú ann.

Fág freagra ar 'Súil siar ar an nGaeltacht Dhigiteach in 2017 – na meáin shóisialta'