Deireadh curtha le togra Twitter na Breatnaise, ba chóir go mbeadh imní ar ghiolcairí Gaeilge – saineolaí

Tá imní ar phobal na Breatnaise ar Twitter faoina bhfuil i ndán don teanga sin ar an ardán meán sóisialta, agus deir an an tOllamh Kevin Scannell gur údar imní é seo do Ghaeil ar líne chomh maith

Deireadh curtha le togra Twitter na Breatnaise, ba chóir go mbeadh imní ar ghiolcairí Gaeilge – saineolaí

Tá imní ar phobal na Breatnaise ar Twitter nach mbeidh an t-ardán meán sóisialta ar fáil i mBreatnais cé gur chaith aistritheoirí deonacha blianta á aistriú.

Thug Twitter le fios do na haistritheoirí, i mBéarla, go gcuirfear deireadh leis an bpróiseas aistriúcháin ag deireadh na míosa. Níor tugadh aon eolas, áfach, faoina bhfuil i ndán do na leaganacha Breatnaise de théarmaí agus frásaí Twitter a aistríodh le blianta beaga anuas.

Tá scríofa ag Cymdeithas Yr Laith, eagraíocht teanga sa Bhreatain Bheag, chuig Twitter le soiléiriú a fháil faoi chéard atá beartaithe ag Twitter don leagan Breatnaise den suíomh.

“Tá súil agam go gcinnteoidh tú nach iarracht agus am amú a bheidh in obair na n-oibrithe deonacha Breatnaise agus go ndeimhneoidh tú go mbeidh an leagan Breatnaise [de Twitter] ar fáil le húsáid chomh luath agus is féidir.

“Tá éileamh níos mó ná riamh anois ann ar chomhéadan Breatnaise agus aitheantas don Bhreatnais ó Twitter, agus gá leis. Léiríonn staitisticí [ó IndigenousTweets.com] go bhfuil an Bhreatnais in úsáid ag os cionn 14,200 cuntas agus gur seoladh tuairim is 5.7 milliún giolc Breatnaise,” a scríobh Aled Powell, ó Cymdeithas Yr Laith.

Thosaigh an obair aistriúcháin ar an leagan Breatnaise de Twitter sa bhliain 2012, i ndiaidh do lucht labhartha na Breatnaise ar Twitter a chur in iúl don chomhlacht gur mhian leo go gcuirfí an teanga san áireamh ar an ardán.

Bhíothas ag obair go deonach ar an aistriúchán ó shin i leith, mar a rinneadh ar an leagan Gaeilge, agus tá os cionn 12,000 focal, téarma agus frása aistrithe go Breatnais.

Dúirt duine de na haistritheoirí a chuir Gaeilge ar Twitter go deonach nach raibh aon eolas faighte aige go dtí seo a a thabharfadh le fios go bhfuil an Ghaeilge i mbaol mar theanga roghnach ar Twitter. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil an tuairim ann i measc na n-aistritheoirí deonacha go bhfuil Twitter le fáil réidh leis an gcóras deonach go luath agus comhlachtaí príobháideacha aistriúcháin a thabhairt isteach, rud a d’fhéadfadh a fhágáil “go bhfágfar mionteangacha ar leataobh”.

Tá imní léirithe, áfach, ag an Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri i Saint Louis faoin scéal. Bhí baint mhór ag Scannell le haistriú Twitter go Gaeilge in 2015.

“Ba chóir do phobal na Gaeilge raic a thógáil faoi seo. Muidne a bheidh fágtha ar an trá fholamh an chéad uair eile!” a scríobh an ríomheolaí aitheanta ar a chuntas pearsanta Twitter.

Dúirt Scannell le Tuairisc.ie gur “údar iontais agus imní” dó an scéal, ach gur tugadh leid níos luaithe i mbliana go mbeadh deireadh ag teacht le hionad aistriúcháin Twitter (TTC).

“Ag féachaint siar i mo bhosca isteach, feicim gur sheol Twitter nóta chugam i mí Bealtaine ag rá nach mbeadh fostaí lánaimseartha i gceannas ar an TTC a thuilleadh.  Níor thug mé faoi deara ag an am é, ach is léir dom anois gur céim i dtreo dheireadh an TTC a bhí ann,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil geallúint tugtha ag Twitter nach gcuirfear isteach ar theangacha atá ar fáil cheana féin, an Ghaeilge ina measc, ach nach bhfuil sé cinnte “ar féidir glacadh leis an ráiteas” ón Twitter.

“De réir an fhógra a chuireadar amach, “This will not impact the

languages currently available on Twitter”.  Níl a fhios agam an féidir

linn glacadh leis an ráiteas sin mar atá.  Más féidir, táimid slán.

Agus seans go mbeadh aistritheoirí proifisiúnta i gceannas ar an obair amach anseo, via na ‘páirtnéirí gnó’ s’acu,” a dúirt sé.

“After six years and with unending gratitude for your contributions to the Twitter Translation Center, we would like to announce that access will be closed to the public as of November 30th, 2017. This will not impact the languages currently available on Twitter. These languages will now be supported with the help of our business partners,” a dúirt Twitter i ráiteas a crochadh ar chlár na bhfógraí san Ionad Aistriúcháin.

Bhí 200 duine páirteach in aistriú Twitter go Gaeilge ar feadh roinnt mhaith blianta sular seoladh an leagan Gaeilge den suíomh mí Aibreáin 2015. Cuireadh tús leis an tionscnamh mar thogra slua-aistrithe, mar a rinneadh le Facebook, ach ar deireadh ní raibh ach foireann bheag aistritheoirí ag obair ar an togra, mar a bhí i gcás Gmail.

Níl aon radharc ar leagan Gaeilge d’aip Twitter go fóill ach tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil obair ar bun chun é sin a chur i gcrích.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha le togra Twitter na Breatnaise, ba chóir go mbeadh imní ar ghiolcairí Gaeilge – saineolaí'