Geo-scagairí Gaeilge ar fáil inniu ar Snapchat do chontaetha na hÉireann

Beidh úsáideoirí Snapchat ar fud na hÉireann in ann an áit a bhfuil siad a chur in iúl le greamáin Ghaeilge ar a gcuid Snapanna ón lá seo amach

Geo-scagairí Gaeilge ar fáil inniu ar Snapchat do chontaetha na hÉireann

Tá geo-scagairí Gaeilge do chontaetha na hÉireann á gcur ar fáil, de réir a chéile, ag an aip Snapchat, bliain i ndiaidh do Chonradh na Gaeilge comórtas deartha scagairí a fhógairt.

Cuireann úsáideoirí Snapchat geo-scagairí lena gcuid Snapanna chun a thaispeáint cá bhfuil siad. Seoladh an comórtas náisiúnta ‘Geosnap’ cothrom an ama seo anuraidh le dearaí a aimsiú don 32 contae.

Bhíothas ag súil leis na scagairí níos luaithe ná seo ach cuireadh moill ar an bpróiseas nuair a chonacthas do Snapchat nach raibh caighdeán na ndearaí a cuireadh faoina mbráid sách maith i roinnt cásanna. Iarradh ar na dearthóirí feabhas a chur ar na moltaí sin.

Tá an obair sin anois déanta agus scagairí do chontaetha éagsúla ar fáil cheana féin. Tá súil ag an gConradh go mbeidh an 32 scagaire ar fáil faoi dheireadh an lae inniu nó go luath sna laethanta amach romhainn.

Bhí an Ghaeilge le feiceáil ar chúpla scagaire cheana féin, na scagairí mion-áite do choláistí tríú leibhéal na tíre mar shampla agus Coláiste Lurgan i gCois Fharraige, ach is iarracht atá i ‘Gaelsnap’ rogha a thabhairt do gach duine in Éirinn scagaire Gaeilge a úsáid i ngach contae.

Iarradh ar na dearthóirí úsáid a bhaint as dathanna agus séadchomharthaí na gcontaetha agus na scagairí á ndearadh acu.

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta an Chonartha go bhfuil an eagraíocht teanga “ar bís” go bhfuil na scagairí Gaeilge ar fáil.

“Tá Facebook, Twitter agus Gmail ar fáil as Gaeilge cheana féin, mar sin tá sé ar fheabhas gur féidir Snapchat a chur le liosta na ngnóthaí idirnáisiúnta a bheidh ag baint leas as an nGaeilge. Tá súil ag Conradh na Gaeilge go spreagfaidh sé seo fiú níos mó daoine lena gcuid Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta,” a dúirt sí.

Úsáideann céatadán níos mó daoine fásta in Éirinn Snapchat ná mar a úsáideann in aon tír eile ar domhan. Tá 71% de na húsáideoirí sin faoi bhun 34 bliain d’aois agus 45% acu idir 18 agus 24. De réir staitisticí Snapchat, roinntear níos mó ná 20,000 ‘snap’ gach soicind agus cruthaítear 400 milliún Snapchat Story in aghaidh an lae.

Fág freagra ar 'Geo-scagairí Gaeilge ar fáil inniu ar Snapchat do chontaetha na hÉireann'