An 50 emoji is ansa le Gaeil – is gealgháireach lucht na Gaeilge ar líne ?

Tá liosta na straoiseog is mó úsáide ag lucht labhartha na Gaeilge ar líne curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell agus tá léargas le fáil ann ar ábhar cainte agus meoin na ngiolcairí Gaelacha

An 50 emoji is ansa le Gaeil – is gealgháireach lucht na Gaeilge ar líne ?

Agus tuilleadh straoiseog fós fógartha an mhí seo ag Apple, tá taighde déanta ag an ríomheolaí aitheanta an tOllamh Kevin Scannell ar na straoiseoga is coitianta i measc lucht na Gaeilge ar Twitter.

Tá toradh a chuid taighde curtha ar fáil ag Scannell do Tuairisc.ie dár sraith alt faoi úsáid na Gaeilge ar Twitter.

Is gealgháireach an dream iad na Gaeil ar líne agus is é an ? an straoiseog is mó úsáid acu ar Twitter. D’fhógair Oxford Dictionaries an ? mar fhocal na bliana in 2015 — an t-aon uair riamh ar tugadh an stádas sin do straoiseog.

Ar Emojipedia, ciclipéid na straoiseog, cuirtear síos ar an ? mar “deora áthais” agus is minic a úsáidtear í le gáire croíúil a chur in iúl. Is minic, áfach, a bhaineann míthuiscint leis an straoiseog le “deora bróin” a chur in iúl — cúram na straoiseoige seo: ?.

Tá na giolcacha poiblí go léir a seoladh ó chuntais phoiblí Twitter bailithe ag Scannell mar chuid den togra ‘Indigenous Tweets’, agus is ón mbailiúchán sin a tháinig sé ar an 50 straoiseog is mó úsáid ag cainteoirí Gaeilge ar Twitter.

Baineann go leor de na straoiseoga atá sna 10 straoiseog is mó úsáid le cúrsaí aimsire. Is í an chalóg sneachta ❄ an dara straoiseog ar an liosta, siombail a úsáidtear go minic nuair a bhítear ag trácht ar aimsir fhuar agus le cur síos a dhéanamh ar chaint nó ar dhuine fuarchúiseach. Is le drochaimsir a bhaineann na trí straoiseog aimsire eile atá i measc na ndeich gcinn is coitianta — ‘an scamall báistí’ ?, ‘an braon uisce’ ?, agus ‘an scamall tintrí báistí’ ⛈.

Tá seans ann go bhfuil tionchar ag na cuntais @an_aimsir agus @AimsirTG4, a úsáideann straoiseoga go minic le cur síos ar chúrsaí aimsire ar Twitter, ar líon ard na straoiseog seo. Spéisiúil go maith, tá ‘an ghrian’ ☀ i bhfad níos faide síos an liosta ná na straoiseoga a bhaineann leis an mbáisteach, agus í ag uimhir 27.

Is í ‘an ordóg dhearfach’ ? an ceathrú straoiseog ar an liosta, comhartha a shamhlaítear go mór le Facebook. Úsáidtear é chun ‘is maith liom’ a chur in iúl. Cé gur comhartha dearfach atá ann, is minic, freisin, a shamhlaítear é le searbhas nó mar fhreagra mímhúinte gairid ar theachtaireacht fhada.

Beidh áthas ar An Dream Dearg ó thuaidh go bhfuil ‘an fuilghrúpa O’ ?ar an gcúigiú straoiseog is mó úsáid i measc na nGael ar Twitter. Ní cúrsaí fola ná leighis a bhíonn i gceist ag lucht labhartha na Gaeilge nuair a bhíonn an straoiseog seo in úsáid acu, ainneoin teideal oifigiúil na siombaile, ach an feachtas ‘Dearg le Fearg’. Tá an ciorcal bán ar chúlra dearg tarraingthe ag lucht an fheachtais chucu féin mar shuaitheantas idirlín. Tá leaganacha eile den chomhartha, ‘an ciorcal mór dearg’ ⭕, ag uimhir 21, agus ‘an ciorcal dearg’ ? ar an liosta freisin.

Tá straoiseog eile fós a tháinig chun cinn le linn an fheachtais do reachtaíocht teanga ó thuaidh ar an liosta freisin — ? ‘an crogall’. Ar ndóigh, thug Arlene Foster ‘crogaill’ ar Shinn Féin agus í ag caitheamh anuas ar a n-éileamh ar Acht Gaeilge le linn an fheachtais toghcháin níos luaithe i mbliana agus tá crogaill in úsáid ar phóstaeir agus ag agóidí mar shiombail eile den fheachtas.

Tá ‘an tÉireannachas’ le feiceáil mar théama sa liosta freisin, agus ceithre straoiseog a úsáidtear go minic le teachtaireachtaí faoi Éirinn, faoi Éireannaigh nó faoin Éireannachas sna 20 straoiseog is mó úsáid: ‘an tseamair Mhuire’ ?, ‘an tseamróg’ ☘, ‘an croí glas’ ? agus ‘brat na hÉireann’ ??.

Cuireadh an ☘ ar fáil mí Aibreáin na bliana seo caite, ach is minic a d’úsáidtí an ? ina leaba nuair nach raibh fáil uirthi. Is léir ó liosta na bliana seo gur beag athrú atá tagtha ar chúrsaí agus an tseamair Mhuire fós níos coitianta ná an tseamróg féin.

Níl ach dhá straoiseog ar an liosta a shamhlaítear leis an mbrón — ‘an bhúiríl’? agus ‘an caoineadh’ ? — agus iad sin ag bun an liosta ar fad, ag uimhir 47 agus 50 faoi seach.

I measc na straoiseog eile atá ar an liosta, tá ‘an croí dearg’ ❤ (#11), ‘an miongháire croíshúileach’ ? (#16), ‘an smaointeoir’ ? (#33), agus ‘an bharróg’ ? (#40), chomh maith leis ‘an liathróid rugbaí’ ?(#30), ‘na leabhair’ ? (#32), ‘an bhean damhsa’ ? (#34), agus ‘an veidhlín’ ? (#42).

Tá liosta iomlán na straoiseog is mó a úsáideann lucht na Gaeilge ar Twitter anseo:

 

  1.   ?
  2.  
  3.   ?
  4.   ?
  5.   ?
  6.   ?
  7.   ?
  8.   
  9.   ??
  10.   ?
  11.  
  12.   ?
  13.   ?
  14.    ?
  15.  
  16.   ?
  17.   ?
  18.     ?
  19.     ?
  20.     ?
  21.    
  22.      ?
  23.     ?
  24.     ?
  25.    
  26.     ?
  27.    
  28.    
  29.     ?
  30.     ?
  31.     ?
  32.     ?
  33.     ?
  34.    ?
  35.     ?
  36.     ?
  37.     ?
  38.     ?
  39.     ?
  40.      ?
  41.     ?
  42.     ?
  43.     ?
  44.     ?
  45.      
  46.      ?
  47.     ?
  48.     
  49.     ?
  50.     ?

Fág freagra ar 'An 50 emoji is ansa le Gaeil – is gealgháireach lucht na Gaeilge ar líne ?'

  • Mise Áine

    Tá straoiseog na barróige aimsithe agam anois…wúhúúú!…go raibh maith agat, a Mhaitiú! ? ?