Beagnach 4,000 giolc Gàidhlig seolta le linn Là Gàidhlig Twitter — méadú 2,400%

Is iondúil go seoltar tuairim is 160 giolc Gàidhlig in aghaidh an lae i gcaitheamh na bliana. Ghlac beagnach 1,000 cuntas páirt san fheachtas a bhí ar siúl an tseachtain seo caite

Beagnach 4,000 giolc Gàidhlig seolta le linn Là Gàidhlig Twitter — méadú 2,400%

Mheall Là Gàidhlig Twitter 680 cuntas nua chun na teanga ar an suíomh meán sóisialta an tseachtain seo caite de réir na hanailíse atá curtha ar fáil do Tuairisc.ie ag an Ollamh Kevin Scannell.

Coinníonn Scannell cuntas ar na daoine agus na heagraíochtaí a bhíonn ag giolcaireacht i mionteangacha ar a shuíomh idirlín IndigneousTweets.com. Tá os cionn 100 mionteanga ar an suíomh sin agus is í an Ghàidhlig an 12ú teanga is mó úsáid.

Is iondúil go seoltar tuairim is 160 giolc Gàidhlig in aghaidh an lae i gcaitheamh na bliana. Níl ach 21 cuntas ar a mbíonn an chaint i nGáidhlig den chuid is mó (70%+) ar an suíomh agus nuair a bhaintear eagraíochtaí Gáidhlig as an bhfigiúr sin, níl fágtha ach deichniúr a bhíonn ag giolcaireacht i nGáidhlig go príomha gach seachtain.

Le linn an fheachtais teanga, Là Gàidhlig Twitter, tháinig méadú as cuimse ar na figiúirí sin. Seoladh beagnach 4,000 giolc Déardaoin an 21 Aibreán agus bhí 680 cuntas breise ag labhairt na teanga ar Twitter — méadú 2,400%

Ba chuntais nua a sheol formhór na ngiolcacha Gàidhlig an lá sin agus tháinig 2,161 acu ón 680 cuntas nua. Tá 1,836 cuntas ar an taifead ag Scannell mar ‘chuntais a bhíonn ag giolcaireacht i nGàidhlig’ agus bhí 273 acu sin gníomhach ar Là Gàidhlig Twitter, cé nach i nGàidhlig amháin a bhí an 1,987 giolc a sheol siad.

Ar an iomlán, mar sin, ghlac beagnach 1,000 cuntas, idir dhaoine aonair, chomhlachtaí agus eagraíochtaí, páirt i Là Gàidhlig Twitter i mbliana agus seoladh beagnach 4,000 giolc.

Ba é cuntas oifigiúil an fheachtais, @LaNaGàidhlig an cuntas ba ghníomhaí an lá sin. Bhí sé chomh gníomhach sin, go deimhin, gur shíl Twitter féin gur cuntas turscair a bhí ann agus cuireadh cosc ar lucht an fheachtais giolcacha a sheoladh ar chor ar bith ar feadh tamaill.

Ghlac @Seumaidh an cúram chuige féin, áfach, fad a bhí @LaNaGaidhlig i ngéibheann digiteach.

Tá an Ghaeilge níos sláintiúla ar na meáin shóisialta ná mar atá an Gháidhlig. Crochann thart ar 770 giolcaire tuairim is 6,000 giolc Gaeilge ar Twitter gach seachtain. Is giolcairí ‘aonteangacha’ (70%+ den ábhar i nGaeilge amháin) iad 114 cuntas acu sin, ach nuair a bhaintear na heagraíochtaí Gaeilge as an liosta, níl fágtha ach 40 duine aonair a bhíonn ag giolcaireacht go príomha i nGaeilge gach seachtain.

B’údar imní do BBC Alba a laghad Gàidhlig a labhraítear ar na meáin shóisialta, de réir tuarascáil a foilsíodh bliain go leith ó shin. Scríobhadh sa cháipéis L’eirsinn 2021’, inar leagadh síos plean oibre an stáisiúin Gàidhlig, go raibh an teanga gann ar líne.

Bhí feachtas speisialta ar bun don Ghaeilge ag Conradh na Gaeilge i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge i mbliana, ar an 16 Márta, le go mbeadh níos mó Gaeilge ar na meáin shóisialta ar fad. Seoladh 1,810 giolc amach an lá sin agus beagnach an líon céanna giolcacha Gaeilge an lá dár gcionn, Lá Fhéile Pádraig.