An raibh aon leabhar Gaeilge i measc na leabhar faoi chosc?
Níl a fhios agam cé mhéad seomra atá sa Roinn Dlí agus Cirt, ach le blianta fada bhí ceann acu lán le leabhair, 12,000 leabhar, bailiúchán iomlán na leabhar a cuireadh faoi chosc ó bunaíodh an stát.
Fógraíodh an tseachtain seo go mbeadh na leabhair á mbogadh go dtí an Chartlann Náisiúnta roimh dheireadh na bliana agus go mbeadh siad ar fáil don phobal ina dhiaidh sin.
An chéad cheist a rith le Dialann Tuairisc ná an raibh aon leabhar i nGaeilge ina measc?
Tháinig na mílte leabhar faoi bhráid an Bhord um Chinsireacht Foilseachán, a bunaíodh i 1930, go leor acu mar gheall ar mholtaí ón bpobal. Ach tuige nach raibh leabhair i nGaeilge ina measc?
Ní raibh drogall ar litríocht na Gaeilge aghaidh a thabhairt ar ábhair chonspóideacha, ach is minic a d’éirigh le scríbhneoirí imeacht i ngan fhios do na cinsirí.
Níor cuireadh cosc, mar shampla, ar an dráma An Triail le Mairéad Ní Ghráda nuair a foilsíodh é i 1966, cé gur phléigh sé le cailín óg a bhí ag súil le páiste is gan í pósta agus fear pósta ab ea an t-athair.
Níor cuireadh cosc ach oiread ar Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman, cé go raibh fáil ar leagan den dán i nGaeilge. Ní go dtí gur foilsíodh aistriúchán Béarla le Frank O’Connor i 1945 a cuireadh cosc air, an bhliain dár gcionn.
Cé nach raibh leabhair i nGaeilge ar liosta na leabhar a raibh cosc orthu, bhí cineál eile cinsireachta á cleachtadh ar litríocht na Gaeilge. Ba iad An Gúm, eagraíocht de chuid an stáit, a bhí ag foilsiú an chuid is mó de na leabhair i nGaeilge. Chiallaigh sé sin gur diúltaíodh do go leor leabhar nár chloígh le meon an stáit sula ndeachaigh siad chomh fada leis an bpobal ar chor ar bith.
Sampla aitheanta de sin ná Cré na Cille, mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain. Deirtear gur measadh go raibh sé róthíriúil agus róchosúil le saothar James Joyce.
Ba mhinic a d’insíodh Ó Cadhain scéal faoin gcur síos a chuala sé á dhéanamh air féin, mar ‘Joycean smutmonger‘, agus is cosúil gur bhain sé an-spraoi as an gcur síos sin, más fíor.
Foilsíodh Cré na Cille ina shraith eipeasóideach sa nuachtán Scéala Éireann ina dhiaidh sin, sular fhoilsigh Sáirséal agus Dill, comhlacht neamhspleách foilsitheoireachta, mar leabhar é in 1949.
Tá scéal sa leabhar Sáirséal agus Dill 1947 – 1981: Scéal Foilsitheora le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt faoi Brendan Behan, gur thairg sé a chuimhní cinn a scríobh as Gaeilge. Fuair sé £50 réamhíocaíochta ón bhfoilsitheoir i dtús na 1950idí, ach faraor, níor éirigh leis an saothar a chríochnú i nGaeilge agus foilsíodh é i mBéarla mar Borstal Boy sa mbliain 1958. Cuireadh cosc ar an leabhar an bhliain chéanna.
Is cosúil gur bhain Behan greann as a stádas mar scríbhneoir faoi chosc, agus cá bhfios nár chuir sé leis an spéis sa leabhar agus lena cháil féin. Dá mbeadh an leagan Gaeilge foilsithe aige mar a bhí leagtha amach aige, seans go mbeadh sé imithe i ngan fhios do na cinsirí.
Bridget Bhreathnach
***
Is fánach an áit a bhfaighfeá Micil
“Cá as a bhfuil sibh ag teacht ar cuairt?” a d’fhiafraigh an bhean ag an deasc i Músaem Sacair na Gearmáine i Dortmund.
“Éire,” a d’fhreagair muid.
“Ah, faraor níl sibh a thuilleadh mar chuid den Aontas Eor..” a dúirt sí go neamhchinnte.
“Ó, tá. Nach muid atá i gceannas air na laethanta seo?”
“Gabh mo leithscéal,” ar sí. “Bím measctha suas uaireanta.”
“B’fhearr dhuit a bheith siúráilte inniu, thar aon lá eile,” a dúradh léi. “Mar is cinnte nach muid an t-aon bheirt ón gcuid sin den domhan a bheidh isteach chugat inniu.”
Agus bhí an ceart againn. Le linn an chúpla uair an chloig thaitneamhach a caitheadh ag spaisteoireacht idir Coirn an Domhain, geansaithe Franz Beckenbauer agus comhaid a bhí bailithe ag an Stasi ar imreoirí a theith ó Oirthear na Gearmáine, bhí canúintí Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus tuilleadh ón tír seo le cloisteáil sa bhfoirgneamh chomh maith leis an mbeirt ó Chonamara.
Ní hiad gaiscí peile na Gearmáine a thug anonn muid uile, áfach, ach cluiche mór i Sraith na gCuradh idir foireann an bhaile, Borussia Dortmund, agus Real Betis na Spáinne. Is leis na Spáinnigh atá an laoch s’againne, Troy Parrott, ag imirt na laethanta seo agus nuair a fógraíodh go mbeadh Parrott agus a chomrádaithe ag triall ar an Westfalenstadion, ceann de na staideanna sacair is cáiliúla ar domhan, chun aghaidh a thabhairt ar Dortmund, osclaíodh Skyscanner ar ríomhairí agus ar ghutháin timpeall na hÉireann.
Agus blaiseadh den chultúr áitiúil (currywurst agus brauhaus) faighte tráthnóna, aimsíodh cúinne deas sa Miner’s Irish Pub, leath bealaigh idir lár na cathrach agus an staid, chun an uair an chloig roimh an gcluiche a chur dínn.
Ní fada go raibh cúigear eile dár gcomhthírigh tagtha isteach agus suas leo díreach chuig an gcuntar. Agus duine den bhuíon i mbun dianmhachnaimh ar an rogha idir an pilsner nó an Dortmunder Export, thosaigh duine eile acu ag comhrá le fear áitiúil.
“An bhfuil tú ag leanúint Dortmund i bhfad,” a fiafraíodh den Éireannach.
“Céard? Ó, níl. Ar chuala tú trácht riamh ar Troy Parrot. Naoscaire Betis? Scóráil sé trí chúl in aghaidh na hUngáire?”
Ba léir nach raibh cáil fhear Rae Portland tagtha chomh fada leis an Miner’s Irish Pub, áfach.
Thosaigh an Gearmánach ansin ag caint ar chuairt a thug sé ar Éirinn agus an gean a bhí aige ar Ghaillimh, go háirithe. Thug sé amach a fhón póca chun go dtaispeánfadh sé an fuisce ba dheise a d’ól sé riamh. Céard a tháinig anuas ar an scáileáin ach pictiúr de bhuidéal Micil.
Faraor, bhí an oiread cur amach ag an bhfear s’againne ar Micil is a bhí ag a chara nua ar Troy Parrott. Bhí fonn mór orm a rá le mo dhuine go raibh mé ar scoil le muintir Ghriallais, na driogairí is fearr ar domhan, ach agus mo pilsner deireanach féin díreach folmhaithe agus tús an chluiche ag druidim linn, bhí orm é a fhágáil go dtí an chéad uair eile.
Pádraic Ó Ciardha
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Leabhair faoi chosc agus is fánach an áit a bhfaighfeá Micil'