Cé a chreidfeadh é? Cill Chainnigh tagtha go ceann scríbe. Is iad Gaillimh agus Baile Átha Cliath a bheidh i gcluiche ceannais Laighean, agus sea, ní bheidh Cill Chainnigh sa chluiche ceannais sin agus iad ar thóir a seachtú craobh as a chéile. Ach, leis an bhfírinne a insint, an féidir linn a rá go bhfuil ionadh orainn?
I gcraobh na bliana seo, sa chéad chluiche acu, tar éis dóibh a bheith buailte go maith ag Gaillimh sa tSraith, cheapas go bhfeicfimis Cill Chainnigh dhifriúil sa chraobh. Ach ar an gcéad lá amach acu, rinne Gaillimh an cleas céanna orthu arís agus iad cúig phointe dhéag chun cinn ag deireadh an chluiche.
An dara lá, thug Cill Chainnigh le fios dúinn go mb’fhéidir go raibh splanc éigin fós iontu nuair a bhuail siad Loch Garman go tréan. Ach ina dhiaidh sin, d’fhill siad ar bhealach ar an rud a bhí léirithe acu réasúnta seasta i gcaitheamh an tséasúir – gur foireann measartha gan a bheith iontach iad.
Ba chomhartha eile fós é an comhscór in aghaidh Uíbh Fhailí go mb’fhéidir nach raibh an fhoireann seo chomh láidir sin. Bhuadar ar Chill Dara sa chéad chluiche eile, rud nár chuir ionadh ar éinne, ach ansin Dé Domhnaigh seo caite léirigh Baile Átha Cliath gurbh iadsan an fhoireann ab fhearr agus gurbh iad an fhoireann a raibh sé tuillte acu áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Laighean. D’imigh Cill Chainnigh amach as an gcomórtas. Deireadh ré de shórt.
Bhí Derek Lyng thar a bheith flaithiúil agus measúil ina agallamh ina dhiaidh sin agus é ag admháil gur bhuaigh an fhoireann ab fhearr agus gan aon leithscéal aige.
Bhí Craobh Laighean shuimiúil againn a mhair go dtí an deireadh agus thug sí níos mó siamsaíochta dúinn, ar an iomlán, ná mar a thug Craobh na Mumhan i mbliana. Agus, ar ndóigh, ná déanaimis dearmad ar éacht dochreidte Uíbh Fhailí agus iad ag déanamh dul chun cinn chomh tapa sin agus áit bainte amach acu ar na trí fhoireann is fearr sa chúige. Agus é sin tuillte go maith acu.
I gcúige Mumhan tá seaimpíní 2025 Tiobraid Árann tagtha chuig ceann scríbe agus bhí seaimpíní 2024, an Clár, ainnis go leor ina gcluiche deireanach i gcraobh na Mumhan.
Greadadh 16 pointe a fuair siad ar an Domhnach, rud a lean an léasadh 15 pointe a thug Luimneach dóibh níos luaithe sa bhfeachtas. Fágann sé sin go bhfuil an Clár ag dul isteach sa tsraith Uile-Éireann agus ceisteanna móra fós le freagairt acu, ceisteanna nach bhfuil an chuma orthu go mbeidh siad ábalta iad a fhreagairt.
Níor éirigh leo ach 1-07 a scóráil ón imirt i 76 nóiméad Dé Domhnaigh agus tháinig 1-01 den mhéid sin in am breise nuair a bhí Corcaigh tar éis a bpríomhimreoirí a bhaint den pháirc agus an cluiche faoi smacht iomlán acu.
Tá a fhios againn anois cé hiad na sé fhoireann a bheidh páirteach i sraith cluichí na hÉireann i mbliana, agus Uíbh Fhailí agus an Clár imithe isteach leis na foirne a shroich cluichí ceannais na gcúigí.
Mar sin tá na cluichí móra romhainn anois, cluiche ceannais na Mumhan agus cluiche ceannais Laighean. Dé Sathairn seo chugainn, beidh cluiche ceannais Laighean againn idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh, cluiche ar cheart dó a bheith thar a bheith cothrom agus crua.
Ansin Dé Domhnaigh, casfaidh Luimneach agus Corcaigh ar a chéile, na foirne is mó a luaitear mar rogha na coitiantachta do chraobh na hÉireann. Bheifeá ag súil le cath millteanach eatarthu.
Agus seo mar a bheidh ina dhiaidh sin.
Tabharfaidh an fhoireann a chaillfidh cluiche ceannais na Mumhan aghaidh ar Uíbh Fhailí sna cluichí ceathrú ceannais, agus imreoidh an fhoireann a chríochnóidh sa dara háit i gCúige Laighean in aghaidh an Chláir. Beidh na cluichí sin ar siúl deireadh seachtaine an 4-5 Iúil.
Rachaidh buaiteoirí an dá chraobh cúige díreach ar aghaidh chuig na cluichí leathcheannais. Ní bheidh cead ag na foirne a imreoidh i gcluichí ceannais na gcúigí a chéile a imirt arís go dtí cluiche ceannais na hÉireann.
Agus críochnóidh an comórtas ar an 19 Iúil.
Tá cluiche mór againn amárach agus cluiche ceannais faoi-20 idir an Clár agus an Ghaillimh i nDurlas Éile. Ba cheart go mbeadh an -choimhlint idir an dá fhoireann sin fíor-iomaíoch.
Fág freagra ar 'Bhí na comharthaí ann do chliseadh na gCat'