‘Bheadh áthas an domhain ar mham’ – amhrán faoi chás cearta teanga Gaeilge curtha amach ag Fontaines DC

Deir an banna Fontaines DC go raibh alltacht orthu nuair a chonaic siad an leithcheal a bhí déanta ar an gclann a bhí ag iarraidh teachtaireacht i nGaeilge a chur ar uaigh a máthar

‘Bheadh áthas an domhain ar mham’ – amhrán faoi chás cearta teanga Gaeilge curtha amach ag Fontaines DC

Bheadh áthas an domhain ar Mhargaret Keane go bhfuil amhrán curtha amach ag ceann de na bannaí ceoil is mó ar domhan faoi scéal na hinscríbhinne Gaeilge ar a leac cuimhneacháin. 

Bhí feachtas mhuintir Margaret Keane go mór i mbéal an phobail cúpla bliain ó shin nuair a throid siad in aghaidh an chinnidh nár cheadmhach dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar.

Margaret Keane

Deir Bernadette Martin, iníon Margaret Keane, gur “críoch chuí” lena scéal é go bhfuil amhrán cumtha ag an mbanna Fontaines DC faoin gcás, cor sa scéal a mbeadh a máthar “ar bís” faoi.

In 2020 dúirt breitheamh i gcúirt eaglasta go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin, ‘In ár gCroíthe go deo’, mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”. 

D’éirigh sa deireadh le hachomharc mhuintir Keane in aghaidh an chinnidh agus tá ‘In ár gCroí go deo’ greanta i leac uaighe a máthar.

Le port den teideal In ár gCroíthe go deo a chuirtear tús leis an tríú albam ó Fontaines DC, Skinty Fia.

Deir lucht an bhanna cheoil gur chuir cás Margaret Keane alltacht orthu nuair a chonaic siad an leithcheal a bhí déanta ar an gclann a bhí ag iarraidh teachtaireacht i nGaeilge a chur ar uaigh a máthar.

Tá Fontaines DC as Baile Átha Cliath, ar cheann de na bannaí raic is mó a bhfuil bús fúthu i láthair na huaire.

Dúirt Conor Curley, fear giotáir le Fontaines DC, gur chuir scéal Margaret Keane “creathán” tríd nuair a chuala sé ar dtús é.

“Ghoillfeadh sé ort go gceapfadh [na húdaráis] gur rud conspóideach a bhí sa Ghaeilge – teanga a ndearna [na Briotanaigh] iarracht í a dhíothú le fórsa,” a dúirt sé.

“B’fhéidir go gceapfadh na glúnta a bhí romhainn, ‘Bíodh an diabhal acu. Déanaimis neamhaird air seo’, ach, mar ealaíontóirí, bíonn muid ag iarraidh rudaí a cheistiú agus ba é an dearcadh a bhí againn ná: ‘Ní féidir focain glacadh leis seo’.” 

Dúirt Bernadette Martin gur “onóir mhór” a bhí ann dá muintir gur thug an banna “aitheantas dá scéal”.

“Ba é an rud deireanach ar fad a cheapamar a tharlódh. Nuair a chualamar é, ba é an chéad rud a rinneamar, mé féin agus mo dheirfiúracha, ná seasamh ag uaigh mo mháthar agus é a sheinm di agus éisteacht leis den chéad uair san áit speisialta sin.”

Chuaigh an lá sin i bhfeidhm go mór orthu, a dúirt sí.

“Bheadh áthas an domhain ar mham go dtarlódh rud éigin mar seo in ómós di,” a dúirt Bernadette.

“Bean mhodhúil a bhí inti, ní raibh aon éirí in airde ag baint léi, ach, ina croí istigh, bheadh sé ar bís faoin scéal seo.”

Dúirt amhránaí Fontaines DC agus cumadóir ‘In Ár gCroíthe go Deo’ Grian Chatten, go ndearna muintir Margaret Keane teagmháil leis nuair a chonaic siad ar líne teidil na n-amhrán a bheadh ar an albam nua.

Bhí sé iontach ar fad a mbeannacht a fháil, a dúirt Chatten.

“Ciallaíonn sin i bhfad níos mó dúinn ná aon ainmniúchán Grammy – go raibh ar ár gcumas rud éigin mar sin a rá faoi rud éigin mar sin, gan aon dímheas nó masla a bheith i gceist ar chor ar bith nó gan seilbh a ghabháil ar scéal, ar scéal clainne é go bunúsach.”

Dúirt Grian Chatten, príomhamhránaí an ghrúpa, cheana gur ghoill an scéal orthu “mar Éireannaigh”.

Tugadh “an banna ceoil is fearr ar domhan” ar Fontaines DC ag Gradaim NME an mhí seo caite agus tugadh cúig réalta don albam nua Skinty Fia i léirmheas a foilsíodh ar Times Shasana le gairid. 

“Bheadh áthas an domhain ar mham go dtarlódh rud éigin mar seo in ómós di,” a dúirt Bernadette.

Cuireadh ar ceal sa chúirt eaglasta is airde i Sasana anuraidh an cinneadh nach raibh cead ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe Margaret Keane i reilig in Coventry.

Tarraingíodh aird mhór ar chás mhuintir Keane i Meitheamh 2020, nuair a dhiúltaigh Seansailéir Dheoise Coventry Shasana, don achainí go gcuirfí ráiteas i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin a máthar, arbh as Maigh Eo ó dhúchas di.

Dúirt an Seansailéir sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Cinneadh a rinneadh ar bhonn cine agus sárú ar chearta an duine a bhí i gceist le cinneadh nach raibh cead ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe i reilig in Coventry, a dúirt an chúirt eaglasta is airde i Sasana.

Fág freagra ar '‘Bheadh áthas an domhain ar mham’ – amhrán faoi chás cearta teanga Gaeilge curtha amach ag Fontaines DC'