Cinneadh ‘míréasúnta’ ar bhonn cine ab ea é gan cead ráiteas i nGaeilge a chur ar leac uaighe

Chuir clann Margaret Keane fáilte mhór roimh bhreithiúnas Chúirt Eaglasta Canterbury agus ghabh buíochas le gach duine a thug tacaíocht dóibh le linn an phróisis

Cinneadh ‘míréasúnta’ ar bhonn cine ab ea é gan cead ráiteas i nGaeilge a chur ar leac uaighe

Cinneadh a rinneadh ar bhonn cine agus sárú ar chearta an duine a bhí i gceist le cinneadh nach raibh cead ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe i reilig in Coventry, a deir an chúirt eaglasta is airde i Sasana.

Tá breithiúnas scríofa foilsithe ag Cúirt Eaglasta Canterbury faoi chás Margaret Keane, a raibh a clann ag iarraidh teachtaireacht ómóis i nGaeilge amháin a chur ar a leac uaighe.

D’éirigh le hachomharc muintir Margaret Keane i mí Feabhra i gcoinne chinneadh Dheoise Coventry gan an teachtaireacht ‘Inár gcroíthe go deo’ amháin a cheadú.

D’fhógair an chúirt an uair sin go raibh a gcás buaite ag muintir Keane ach an tseachtain seo a foilsíodh breithiúnas scríofa Chúirt Eaglasta Cantebury.

Dúirt an triúr breithiúna achomhairc go raibh sé “míréasúnta” faoin dlí diúltú don teachtaireacht i nGaeilge amháin. Dúradh gur sárú a bhí ann ar cheart na clainne nach ndéanfaí leatrom orthu, ceart atá san Acht um Chearta an Duine agus Alt 14 den Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Dúradh sa bhreithiúnas: “…chinneamar gurbh é an toradh a bhí ar chinneadh an tSainsailéara go ndearnadh leatrom ar an amharcóir ar bhonn a cine”.

Deirtear chomh maith “…go raibh an chuma air gur glacadh leis dá bhfeicfeadh daoine an inscríbhinn Ghaeilge ar an uaigh go nglacfaidís leis gur mana polaitiúil a bhí ann agus chinneamar nach raibh an bharúil sin bunaithe ar aon fhianaise ná ar aon bhonn réasúnta eile. Mar sin chinneamr go raibh an riachtanas é a aistriú bunaithe ar an Éireannachas, saintréith chine.”

I Meitheamh 2020, dhiúltaigh an Breitheamh Stephen Eyre, Sainsailéir Dheoise Coventry Shasana, don achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, arbh as Maigh Eo ó dhúchas di.

Dúirt an Sainsailéir sa rialú sin go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

I mbreithiúnas na Cúirte Eaglasta an tseachtain seo, tugadh treoir do Shainsailéirí Deoisí athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin atá i bhfeidhm acu chun a chinntiú nach ndéanfaí leatrom ar dhaoine, go háirithe maidir le hinscríbhinní nach bhfuil i mBéarla.

Chuir clann Margaret Keane fáilte mhór roimh bhreithiúnas Chúirt Eaglasta Canterbury agus ghabhadar buíochas le gach duine a thug tacaíocht dóibh le linn an phróisis.

Dúirt iníon le Margaret, Bez Martin: “Is iontach go deo an scéal é ach mhúin Mam an difríocht idir ceart is mícheart dúinn agus bhí a fhios againne i gcónaí inár gcroí go raibh an ceart againn an leatrom seo a throid agus an ceart a lorg go gcaithfí linn ar nós gach duine eile sa pharóiste.”

“Tá clocha cinn eile sa reilig chéanna agus Eabhrais, Laidin agus Breatnais orthu gan aon aistriúchán Béarla. Tá ceann ann a bhfuil ‘inár gcroí go deo’ uirthi i mBreatnais – an teachtaireacht cheannann chéanna a bhí uainne ach gur diúltaíodh dúinn. Ghoill sé orainn nár caitheadh go cothrom linn toisc gur Gaeilge a bhí uainn ar an leac.”

“Is deas gur ghlac na breithiúna achomhairc leis go raibh an ceart againn, agus amhail gach duine eile sa pharóiste, go mbeidh teachtaireacht gheanúil oiriúnach i dteanga ár ndúchais ar an uaigh. Thuigeamar i gcónaí nach lenár dteaghlach féin amháin a bhain an scéal seo agus tá súil againn gur thugamar guth do na daoine sin nach gcloisfí murach an cás seo.”

D’fhógair an chlann Lá Fhéile Pádraig go raibh leac leis an teachtaireacht “Inár gcroí go deo” curtha acu ar uaigh Margaret Keane.

Fág freagra ar 'Cinneadh ‘míréasúnta’ ar bhonn cine ab ea é gan cead ráiteas i nGaeilge a chur ar leac uaighe'

  • Breathnóir1

    Is beag nár scrios bunaíocht Sasana cultúr na hÉireann, gan ach cúpla limistéar beag Gaeltachta fágtha agus iad sin leochaileach go leor. Agus bhí sé de dhánaíocht ag ionadaí den bhunaíocht chéanna a rá nár chóir go mbeadh cead ag Éireannach mana a chur suas ar a dtuama ina dteanga dhúchais. Tá sé scannalach go ndearnadh an cinneadh sin sa chéad dul síos agus go raibh ar an gclann dul os comhair cúirte le troid ina aghaidh sa chéad dul síos.

  • An Teanga Bheo

    Búlaiocht na Breataine ag cuir cosc ar ár dTeanga Eorpach go fhóire Dia orainn agus ná lig sin i gcathú. Mianta ár gchroí le do thoil mo náire na h udárais ar fad.