3,780 cás nua den víreas fógartha, 5,585 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

3,780 cás nua den víreas fógartha, 5,585 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

3,780 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 5,585 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

646 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, triúr níos mó ná mar a bhí ansin inné. Bhí 72 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná mar a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 3,959 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

382 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 15 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '3,780 cás nua den víreas fógartha, 5,585 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'