Cor dearfach, léas dóchais go bhfaighidh gaolta na marbh agus íobartaigh eile freagraí.
Sé bliana fichead agus an lá amárach maraíodh naonúr is fiche, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, agus gortaíodh na céadta san ionsaí pléisce a rinne an Fíor-IRA ar an Ómaigh ar cheann de na laethanta ba ghnóthaí sa bhliain. Ar an Satharn breá samhraidh sin ceithre mhí tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta bhí idir óg agus aosta ar an mbaile, bunadh na háite, muintir na tuaithe agus cuairteoirí as Bun Cranncha, as an Spáinn agus as Sasana.
Coicís ó shin osclaíodh go foirmeálta fiosrú neamhspleách faoi cheannas iarbhreitheamh as Albain, an Tiarna Alan Turnbull. In Ionad Ealaíon na Sruthla, os comhair ghaolta na marbh agus marthanóirí tugadh chun cuimhne gach duine a cailleadh – na déagóirí, an leanbh 20 mí d’aois, na daoine aosta, na hoibrithe sna siopaí, na cuairteoirí, daoine ó dhá thaobh na teorann agus ón iasacht. Tar éis tost nóiméid in ómós dóibh gheall an Tiarna Turnbull go ndéanfadh an fiosrú go dian dúthrachtach, gan scáth gan eagla.
Is é aidhm an fhiosraithe ceist a chráigh íobartaigh le ceathrú céid a fhreagairt – an bhféadfaí an t-uafás sin a chosc? Arbh fhéidir stop a bheith curtha leis na buamadóirí roimh ré? Scrúdófar conas a láimhseáladh faisnéis rúnda agus ar roinneadh í, cén anailís sonraí a rinneadh ar ghutháin phóca. Go bunúsach, arbh fhéidir an t-ionsaí a thuar agus, dá réir, é a chosc.
Bunaíodh an binse toisc gur rialaigh an Ard-Chúirt go raibh fiosrú dlite do na híobartaigh. Thathantaigh an chúirt ar na húdaráis ó dheas fiosrú a bhunú freisin, éileamh ar tugadh an t-eiteachas dó agus an rialtas den bharúil go mbeadh dúbláil in aisce ag baint leis.
An mhí seo caite chinn an rialtas go foirmiúil go gcomhoibreodh na húdaráis le fiosrú an Tiarna Turnbull. Chuala an éisteacht oscailte go raibh comhráití ag foireann an bhinse le hionadaithe i mBaile Átha Cliath. Ina theannta sin d’fhreastail státseirbhíseach sinsearach ón Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an éisteacht agus gheall sé go ndéanfadh an rialtas gach a mbeadh riachtanach. Rithfí reachtaíocht as an nua dá mbeadh gá leis chun comhoibriú go críochnúil leis an bhfiosrúchán, a dúirt sé.
Bhí abhcóide an fhiosraithe dearfach faoi chur chuige na hÉireann agus é ag súil go ndéanfaí socruithe gan mhoill chun an comhoibriú a chur ar bhonn oifigiúil. Bhí cuid de na híobartaigh ábhairín ní ba dhíchreidmhí, iad den bharúil gur ag tarraingt na gcos a bhí Baile Átha Cliath le blianta nuair a iarradh eolas uathu. Chífimid, ar siad ach bhí leithéidí Michael Gallagher ar maraíodh a mhac Aiden, 21, diongbháilte de go gcoinneodh siad brú ar an rialtas leis an rud ceart a dhéanamh.
Tá tábhacht thar na bearta leis an méid eolais a bheidh le fáil ón deisceart. Is taobh theas den teorainn a rinne na heasaontóirí poblachtacha an plean don ionsaí de réir na scrúduithe go léir a rinneadh ar an uafás. Ar an taobh theas den teorainn a rinneadh an buama. Aneas a tugadh an gaireas chun na hÓmaí i ngluaisteán goidte a ndeirtear go raibh na seirbhísí faisnéise ag faire air. Chuaigh na ciontóirí ar ais thar teorainn tar éis an buama a fhágáil i Sráid an Mhargaidh.
Tá an-chuid ceisteanna le freagairt faoin méid a bhí ar eolas ag an RUC agus ag na seirbhísí rúnda freisin. Bhí sé de cháil ar an mBrainse Speisialta san RUC nach roinnidís faisnéis le haonaid eile sna póilíní – fórsa laistigh d’fhórsa. Maíodh gur tugadh rabhadh luath i mí Lúnasa faoi ionsaí pléisce ach tá a fhios nár gníomhaíodh air san Ómaigh – an raibh sé doiléir nó an é nár roinneadh an t-eolas? An mbeadh an t-ár seachanta dá mbeadh bacainní bóthair san Ómaigh?
An mbeadh an buama fágtha gan pléascadh lasmuigh den bhaile nó tugtha chuig áit éicint eile? Ba é aidhm an Fíor-IRA an tsíocháin agus an Comhaontú a chur de dhroim seoil; d’fhág siad IRA na Sealadach mar agóid in aghaidh na síochána.
Ar ámharaí an tsaoil níor éirigh leo an tsíocháin a scrios ach b’uafásach an scrios daonna a rinne siad. Is iad na freagraí faoi conas a tharla an t-ár sin an méid is lú atá dlite do na híobartaigh. Ní bheidh éisteacht phoiblí eile den bhfiosrú ann go dtí Eanáir seo chugainn.
Tá súil ansin go ndéanfar an obair ar fad taobh istigh de bhliain. Braithfidh an clár ama sin ar chomhoibriú iomlán ó na húdaráis agus ar gach blas faisnéise atá acu, thuaidh agus theas, a bheith ar fáil. Rómhinic go dtí seo a ceileadh eolas – tá beart de réir a mbriathar ó Bhaile Átha Cliath agus Whitehall tuillte ag daoine a bheidh ag comóradh na marbh amárach.
Fág freagra ar '26 bliain i ndiaidh Bhuama na hÓmaí, an ndéanfaidh rialtas na hÉireann an méid is gá?'