2,002 cás nua den víreas fógartha, ‘súil ghéar’ le coinneáil ar phatrún na gcásanna

1,276 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

2,002 cás nua den víreas fógartha, ‘súil ghéar’ le coinneáil ar phatrún na gcásanna

Tá 2,002 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

354 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, duine níos lú ná inné, agus bhí 73 acusan in aonad dianchúraim, deichniúr níos mó ná inné.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn tráthnóna gur bhain an líon ard cásanna a fógraíodh inniu le méadú ar líon na dtástálacha dearfacha le trí lá anuas.

Dúirt sé, áfach, go raibh líon na gcásanna a tuairiscíodh le seachtain (8,845 cás) níos lú ná líon na gcásanna an tseachtain roimhe sin (9,115). 1,264 cás an meán gach lá le seachtain anuas i gcomparáid le 1302 cás an tseachtain roimhe sin.

“Coimeádfaimid súil ghéar ar chúrsaí sna laethanta amach romhainn féachaint an leanfaidh an patrún maidir le cásanna nua ar aghaidh,” arsa an Dr Ronan Glynn.

1,276 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,581 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

360 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, duine níos mó ná inné, agus tá 35 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

Léiríonn na staitisticí is deireanaí gur i gConamara atá an dara ráta scaipthe is ísle den víreas sa stát.

Tá an ráta scaipthe i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill, anois faoi bhun an mheánráta náisiúnta den chéad uair ó mhí Aibreáin.

Fág freagra ar '2,002 cás nua den víreas fógartha, ‘súil ghéar’ le coinneáil ar phatrún na gcásanna'