An dara ráta scaipthe is ísle den víreas sa tír i gConamara

Tá an ráta scaipthe i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill, anois faoi bhun an mheánráta náisiúnta den chéad uair ó mhí Aibreáin

An dara ráta scaipthe is ísle den víreas sa tír i gConamara

Is i gConamara atá ceann de na rátaí scaipthe is ísle den Covid-19 sa stát.

As an 166 toghcheantar ar fad sa stát, ní raibh ach ceann ina raibh ráta níos ísle ná Conamara Theas. Ráta 117 cás in aghaidh in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar a bhí i gceist i gConamara Theas idir an 21 Meán Fómhair agus an 4 Deireadh Fómhair.

25 cás nua den víreas ar fad a deimhníodh sa toghcheantar sin le linn na coicíse, laghdú 16.6% ar an bhfigiúr a bhí luaite le Conamara Theas an tseachtain seo caite.

Ní raibh ráta níos ísle sa stát ach i dtoghcheantar Chill Mhantáin, mar a raibh ráta 113.

Bhí an ráta i gConamara Thuaidh (204) beagnach a dhá oiread níos airde nár mar a bhí an ráta i gConamara Theas ach, mar sin féin, bhí sé fós cuid mhaith níos ísle ná an meánráta náisiúnta – 372.

Ní raibh ráta níos airde ná an meánráta náisiúnta ach i gceithre cinn den 13 toghcheantar ar fud na tíre ina bhfuil ceantair Ghaeltachta agus i nDún na nGall a bhí péire acusan.

Tá an ráta scaipthe i mBaile na nGallóglach fós ar cheann de na cinn is airde sa stát ach tháinig laghdú 28% ar an ráta sa toghcheantar le seachtain anuas. 109 cás ar fad a deimhníodh ann idir an 21 Meán Fómhair agus an 4 Deireadh Fómhair agus ráta 792 ann dá bharr.

Ardú a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae, mar a bhfuil Gleann Cholm Cille agus bailte Gaeltachta eile. Ráta 393 atá sa cheantar anois agus 104 cás deimhnithe ansin le coicís anuas.

Tá an ráta scaipthe i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill, anois faoi bhun an mheánráta náisiúnta den chéad uair ó mhí Aibreáin. Thit an ráta scaipthe 25% sa cheantar le seachtain anuas, ó 456 go dtí 343. 82 cás ar fad a deimhníodh ann le coicís anuas.

Tá an víreas fós ag scaipeadh i gceantair i bPort Láirge agus an ráta i nDún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, anois cuid mhaith níos airde ná an meánráta náisiúnta. Ráta 678 a bhí i gceist i dtoghcheantar Dhún Gharbhán idir an 21 Meán Fómhair agus an 4 Deireadh Fómhair agus líon na gcásanna nua ardaithe ó 118 go dtí 139 le seacht lá anuas.

I dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, tá ardú 33% tagtha ar líon na gcásanna le coicís anuas. 88 cás a deimhníodh sa cheantar idir deireadh na míosa seo caite agus tús na míosa seo agus ráta scaipthe 239 luaite leis an gceantar.

I gCiarraí, thit an ráta de bheagán i gCorca Dhuibhne, ó 233 go dtí 219 agus 31 cás nua ar fad deimhnithe ann le coicís anuas. Ardú a bhí i gceist i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, ó 231 go dtí 255.

Titim os cionn 30% a tháinig ar an ráta i mBéal an Mhuirthead le seachtain anuas, ó 254 go dtí 175. Deimhníodh 22 cás ann idir an 21 Meán Fómhair agus an 4 Deireadh Fómhair. I dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, thit an ráta ó 401 go dtí 305 agus 56 cás deimhnithe ann le cúpla seachtain anuas.

I gcontae na Mí, ráta 247, síos ó 305, agus 95 cás a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, ráta 414, síos ó 448, a bhí ann agus 134 cás nua atá deimhnithe ann le coicís anuas.

Fág freagra ar 'An dara ráta scaipthe is ísle den víreas sa tír i gConamara'