Cuirfear bileog eolais faoi na moltaí nua atá déanta faoin oideachas Gaeltachta abhaile le páistí scoile na Gaeltachta chuig a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí le linn na seachtaine seo.
Beidh 13,000 bileog á scaipeadh ag an gComhairle Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar gach scoil Gaeltachta sa tír go mbeidh tuismitheoirí agus caomhnóirí ar an eolas faoina moltar i ndréachtpholasaí na Roinne Oideachais.
Scaipfear 2,000 bileog eile ar naíonraí na Gaeltachta freisin.
Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG gur “bealach é seo lena chinntiú go dtuigfidh na daltaí, daltaí iar-bhunscoile go háirithe, agus a dtuismitheoirí, go bhfuil próiseas ar bun agus gur féidir páirt a ghlacadh ann.”
Iarrtar ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí na moltaí a léamh agus a phlé lena dteaghlaigh, le pobail na scoileanna agus leis an bpobal áitiúil. Táthar ag súil go spreagfaidh an bhileog daoine le páirt a ghlacadh sa suirbhé trí ríomhphost, gnáthphost nó ar an bhfoirm atá ar shuíomh na Roinne Oideachais.
Toisc nach í an Ghaeilge teanga baile roinnt teaghlach sa Ghaeltacht sa lá inniu, beidh an cháipéis dátheangach.
Is iad príomh-mholtaí an dréachtpholasaí ná go ndéanfar sainmhíniú nua ar céard is scoil Ghaeltachta ann, go mbeidh tréimhse tumoideachais sna bunscoileanna Gaeltachta nuair nach dteagascfar Béarla agus go spreagfar scoileanna Gaeltachta atá ag feidhmiú trí Bhéarla faoi láthair le haistriú go teagasc trí Ghaeilge.
Is é an moladh is conspóidí ná go ndéanfar scoileanna Béarla a sholáthar i gceantair Ghaeltachta sa chás go mbeadh an t-éileamh ann ó mhionlach de thuismitheoirí.
Donncha Ó hÉallaithe
Seo é an sraith moltaí is fearr a chonaiceas curtha le chéile ag aon Roinn Stáit nó áisínteacht stáit faoin nGaeilge riamh. Sé an trua nach bhfuil aon tráchtaireacht chuimsitheach déanta air aon áit. Ag am mar seo a airím uaim nuachtán ceart Ghaeilge.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
A Dhonncha, a chara,
Mar eolas:
https://tuairisc.ie/polasai-oideachais-don-ghaeltacht-le-seoladh-trathnona-i-mbaile-atha-cliath/
https://tuairisc.ie/is-mithid-glacadh-le-cuireadh-an-aire-agus-moltai-a-chur-ar-aghaidh-faoi-oideachas-na-gaeltachta/
https://tuairisc.ie/freagrai-an-phobail-ar-oideachas-gaeltachta-a-lorg-ag-an-aire-oideachais/
https://tuairisc.ie/leirionn-athbhreithniu-gaeltachta-an-ga-le-teacht-i-gcabhair-ar-dhaltai-arb-i-an-ghaeilge-an-teanga-baile-acu/
https://tuairisc.ie/an-dara-siollabas-gaeilge-nil-se-curtha-as-an-aireamh/
https://tuairisc.ie/aos-og-na-gaeltachta-a-bheidh-thios-le-hathruithe-ardteiste/
Le meas,
Seán Tadhg