Freagraí an phobail ar Oideachas Gaeltachta á lorg ag an Aire Oideachais

Tá tuairimí na scoileanna agus na bpobal á lorg chun forbairt a dhéanamh ar pholasaí foirfe don oideachas Gaeltachta

McHugh O'Sulliavn

Tá cuireadh tugtha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Jan O’Sullivan T.D. do scoileanna agus do phobail Ghaeltachta páirt a ghlacadh i bpróiseas comhairliúcháin le teacht ar pholasaí foirfe oideachais don Ghaeltacht. Sheol sí féin agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, dréachtmholtaí polasaí trathnóna atá bunaithe ar thaighde a rinneadh le dhá bhliain anuas.

Thug an tAire O’Sullivan T.D., le fios do mhuintir na Gaeltachta go raibh “tábhacht le bhur gcuid freagraí ar na moltaí polasaí’ agus gur mhaith léi “tuairimí pobail Ghaeltachta, eagraíochtaí agus daoine aonair a chloisteáil ar an gceist thábhachtach seo.”

Dúirt sí go gcabhródh tuairimí an phobail “le polasaí na Roinne don oideachas Gaeltachta a mhúnlú agus a fheabhsú”.

Ag labhairt ag an seoladh inniu freisin, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh go bhféadfadh acmhainní breise a bheith ar fáil faoin bpolasaí nua do chainteoirí dúchais Gaeilge chomh maith le “hacmhainní feabhsaithe teagaisc, agus forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí.” Dúirt sé freisin go bhféadfadh “curaclam cuí do chainteoirí dúchais” a bheith i gceist.

I measc na ndréachtmholtaí a bhfuil tuairimí an phobail iarrtha ina leith, tá ceist chonspóideach faoi sholáthar oideachais trí mheán an Bhéarla a bheith ar fáil in éineacht le soláthar trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta mar rogha do thuismitheoirí, má tá éileamh ar a leithéid.

Ar na hábhair eile a bhfuil tuairimí an phobail á lorg ina dtaobh, tá:

  • an sainmhíniú a bheadh ar scoil Ghaeltachta
  • an smaoineamh go mbeadh tréimhse thumoideachais ag bunscoileanna Gaeltachta, tréimhse nach ndéanfaí an Béarla a mhúineadh i ranganna naíonán lena linn
  •  an tacaíocht múinteoireachta breise a bheadh le fáil ag cainteoirí dúchais
  •  An spreagadh a thabharfaí do scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla iompú ar an nGaeilge.

Tá achainí déanta freisin ag Muireann Ní Mhóráin, príomhfheidhmeannach COGG, ar phobal na Gaeltachta an deis a thapú agus tuairimí a chur in iúl don Roinn Oideachais. Ag labhairt di ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag am lóin inniu, dúirt Ní Mhóráin nach raibh aon mholadh “greannta i gcloch” go fóill.

“Tá rudaí ann agus fáilteoidh daoine rompu agus tá rudaí ann b’fhéidir nach bhfáilteoidh siad rompu”, a dúirt sí. Dúirt sí freisin nach mbeadh aon mhaitheas ann dá gcuirfí moltaí i bhfeidhm agus ina dhiaidh sin go mbeadh daoine ag rá “ní oireann sé sin don scoil s’againne”, a duirt sí.

D’fháiltigh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, roimh fhoilsiú an dréachtpholasaí inniu. Dúirt sé gur “ábhar dóchais é go bhfuil an rialtas ag tosú faoi dheireadh ag tabhairt faoi dhúshlán an oideachais Gaeltachta” ach mheabhraigh sé go mbeidh sé tábhachtach go gcuirfí an polasaí i bhfeidhm i ndeireadh na dála agus nach mbeadh sé “mar pholasaí leathdhearmadta ag bailiú dusta ar sheilf éigin sa Roinn Oideachais agus Scileanna amach anseo.”

Glacfar le haighneachtaí tríd an bpost nó tríd an ríomhphost as seo go dtí Dé hAoine 6 Meitheamh na bliana seo.

Féadfar iad a sheoladh chuig moltai_oideachasgaeltachta@education.gov.ie nó chuig Moltaí Polasaí don Oideachas Gaeltachta, an tAonad Polasaí Curaclaim agus Measúnaithe, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.

Fág freagra ar 'Freagraí an phobail ar Oideachas Gaeltachta á lorg ag an Aire Oideachais'

  • Éamonn Ó Gribín

    Cad mar gheall ar lucht na Gaeilge sa Ghalltacht?