Léiríonn athbhreithniú Gaeltachta an gá le teacht i gcabhair ar dhaltaí arb í an Ghaeilge ‘an teanga baile’ acu

Deir an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan go bhfuil sé “soiléir” san athbhreithniú ar pholasaí Gaeltachta a Roinne go bhfuil gá freastal ar riachtanais ar leith daltaí Gaeltachta a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu

 Jan O'Sullivan. Pictiúr:  Laura Hutton/Photocall Ireland
Jan O’Sullivan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Léiríonn an t-athbhreithniú atá á dhéanamh ar pholasaí Gaeltachta na Roinne Oideachais an gá le fóirithint ar leanaí a bhfuil riachtanais foghlama ar leith acu toisc gurb í an Ghaeilge an teanga baile acu.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais Jan O’ Sullivan go bhfuil sé “soiléir” san athbhreithniú, a bhfuil sé i gceist é a fhoilsiú go luath ach cead an Rialtais a fáil, go gcaithfear soláthar ar leith a dhéanamh do dhaltaí scoile sa Ghaeltacht.

“The review is demonstrating clearly the considerable challenges facing Gaeltacht schools and, in particular, the requirement to provide for the learning needs of Gaeltacht children whose home language is Irish,” a dúirt an tAire Oideachais.

Beidh an polasaí nua bunaithe cuid mhaith ar thaighde ar an gcur chuige oideachais i dtíortha eile.

“The international perspective in that report has provided a number of models which have been considered,” a dúirt an tAire O’ Sullivan.

Agus í ag freagairt ceist Dála ón Teachta Dála Seán Kyne (FG), dúirt an tAire go gcuirfí na dréachtpholasaithe nua don Ghaeltacht faoi bhráid an Rialtais go luath chun cead a fháil iad a fhoilsiú.

Cuirfear tús ansin le próiseas comhairliúcháin poiblí chun tuairimí an phobail, agus pobal na Gaeltachta go háirithe, a fháil faoi na dréachtpholasaithe.

“It is proposed to finalise the policy proposals in light of the consultation process and to bring these findings back to Government by the end of the year,” a dúirt Jan O’Sullivan.

Dúirt an tAire go mbeadh gá le lear mór ábhar tacaíochta – “a range of additional supports” – chun go mbeadh ar chumas scoileanna Gaeltachta freastal ar riachtanais a ndaltaí.

 

Fág freagra ar 'Léiríonn athbhreithniú Gaeltachta an gá le teacht i gcabhair ar dhaltaí arb í an Ghaeilge ‘an teanga baile’ acu'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Más mall – agus ró-mhall do mo chlann féin – is mithid.