Aos óg na Gaeltachta a bheidh thíos le hathruithe Ardteiste

D’fhéadfadh cainteoir líofa Gaeilge pas a bhaint amach i scrúdú Gaeilge na hArdteiste gan oiread is focal amháin a scríobh agus creideann saineolaí amháin gur ar éigean atá sciar mór d’aos óg na Gaeltachta ábalta abairt chruinn a chur le chéile mar atá

image
Éamonn Ó Dónaill, Gaelchultúr

Tá sé ráite ag Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, go gcreideann sé gur “chun donais” a rachaidh caighdeán scríofa na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta de bharr athruithe atá á mbeartú sa chóras oideachais.

D’fhógair an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan inné go gceadófar pas agus marcanna CAO i scrúdú na hArdteistiméireachta do dhaltaí a mbeadh 30% bainte amach acu i scrúdú ardleibhéil ón mbliain 2017 ar aghaidh; bhíodh 40% ina riachtanas go dtí seo.

Meastar go bhféadfadh impleachtaí ar leith a bheith ag an moladh nua seo d’fhoghlaim na Gaeilge. Tugtar 40% den mharc faoi láthair sa bhéaltriail agus dá bharr sin, is cosúil go bhféadfadh cainteoir líofa Gaeilge pas a bhaint amach gan oiread is focal amháin a scríobh. Ba leor don duine sin marc maith a fháil sa bhéaltriail le go n-éireodh leis sa scrúdú iomlán.

Tá Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, buartha faoi chainteoirí dúchais Gaeilge “thar aon dream eile”.

“De bhrí go bhfuil oiread béime ar an teanga labhartha san Ardteist anois, tuigeann lucht na Gaeltachta gur féidir leo neamart a dhéanamh san fhocal scríofa agus go dtabharfaidh siad na cosa leo sna scrúduithe cibé.”

Deir an tUasal Ó Dónaill go bhfuil “deacrachtaí tromchúiseacha” ag sciar mór d’aos óg na Gaeltachta i dtaca le scríobh na Gaeilge anois, cé go bhfuil “neart eisceachtaí ann fosta”.

“Níl litriú acu, ní thuigeann siad bunrialacha gramadaí agus is ar éigean atá siad ábalta abairt chruinn a chur le chéile. Agus mar gheall ar na hathruithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais, measaim gur chun donais a rachaidh an scéal”, a deir Ó Dónaill.

Tá  Ó Dónaill lánchinnte, áfach, nach bhfuil an locht ar an aos óg féin ar chor ar bith.

“Tá an córas ag loiceadh orthu agus is bocht an scéal é,” a deir sé.

Deir Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir nach inniu ná inné a thosaigh an cúlú i gcoitinne sa chóras oideachais:

“Tá bómánú ag tarlú i gcóras oideachais na hÉireann trí chéile le fada agus seo sampla eile de sin. Tá aos óg na tíre chomh cliste céanna is a bhí na glúnta a tháinig rompu ach táimid ag súil le caighdeáin i bhfad níos lú uathu ná mar a bhí i gceist roimhe seo.

“Tá an fhoghlaim de ghlan mheabhair in uachtar; tá an dream óg ag foghlaim an dóigh le gráid arda a bhaint amach i scrúduithe agus níl siad ag forbairt na scileanna réitithe fadhbanna atá de dhíth sa mhargadh saothair”, a deir sé le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Aos óg na Gaeltachta a bheidh thíos le hathruithe Ardteiste'

  • padraig

    Is é an dálta céanna sna hollscoileanna é. An bhradaíl (plagiarism) atá in uachtar iontu sin chomh maith mar aon leis an bhfoghlaim de ghlan mheabhair. Ní galar na Gaeilge é seo amháin, de réir dealraimh, baineann sé leis na teangacha uile, go háirithe an Béarla. Féadfaidh na mic léinn ábhar ar bith a aimsiú ar an idirlíon agus é a fhí isteach gan uaim ina gcuid aistí srl féin. Bhí cúpla cainteoir dúchais agam féin sa rang Gaeilge agus is é an Béarla a labhradh formhór mór na mac léinn eile leo. Ní nach ionadh chasaidís uile ar an mBéarla ansin. An gliocas, an t-éitheach, an neamhchúis, an tsoiniciúlacht atá in uachtar.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím le Éamonn Ó Dónaill ó thaobh an bómánú i gcóras oideachais na tíre seo agus an fhoghlaim de ghlan mheabhair. Achan rud dírithe ar an scrúdú amháin – do shaol iomlán ag brath air! An baol anois ann (agus déarfainn go bhfuil sé ag tarlú le blianta) gurbh iad lucht an airgid a théid ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal – thig leo díol as ‘ceachtanna breise’ lena chinntiú go bhfaighidh na páistí s’acu áit san ollscoil.

    Géarghá le athbhreithniú a dhéanamh ar fhoghlaim na Gaeilge sa Ghaeltacht – agus níos mó béime le cuir ar an dátheangachas taobh amuigh den Ghaeltacht agus ar imeall na Gaeltachta.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tugann daltaí roinnt gaelcholáistí faoin TEG de chuid OÉ Má Nuad (leibhéil B1, B2) san idirbhliain. Nár chóir dúinn tógáil air seo?
    Ó tharla a laghad ama a thógann sé don dalta ar scoil iarbhunoideachas Gaeltachta/Gaeilge an t- ardchúrsa a chlúdach, nach bhféadfaí gradam acadúil eile a thairiscint dóibh (arna fhorbairt ag Gaelchultúr go fiú).
    Ábhar maith do sheiminéar an Oireachtas sa Samhain sílim.