Tuairisc Bheo: An Coimisinéir Teanga ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

Fáilte romhaibh go beothuairisciú Tuairisc.ie ar chruinniú an Chomhchoiste Oireachtais um an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin. Tosóidh imeachtaí an Chomhchoiste ag 5.30pm agus is féidir an scéal a leanúint anseo i dteannta Mhaitiú Uí Choimín

Tuairisc Bheo: An Coimisinéir Teanga ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

18.39 An Cathaoirleach Catherine Connolly ag rá go bhfuil súil aici go mbeidh an Coiste agus an Coimisinéir Teanga “ag obair as lámh a chéile” agus ag casadh le chéile go rialta amach anseo. Tá an cruinniú ar fionraí.


18.37 Níor tharla sé riamh gur dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta scéim teanga a cheadú, dar leis an gCoimisinéir Teanga.


18.33 “Má tá muid dáiríre faoin nGaeilge a bheith ina céad teanga oifigiúil caithfidh an cheannaireacht teacht ón mbarr,” a deir an Coimisinéir.


18.28 ‘Níl easpa misnigh orm,’ a deir an Coimisinéir, ‘ach tá mé réalaíoch faoin méid a fheicim os mo chomhair amach.’ Deis iontach ag an gCoiste féin athruithe a bhrú, a deir sé. Deis iontach í an reachtaíocht nua ach tabhairt faoi i gceart, a deir sé.


18.24 “Níor cheart go mbeadh na fadhbanna céanna ag tarlú arís agus arís eile ó 2004,” a deir an Coimisinéir.


18.20 Ní thagann comhlachtaí príobháideacha faoin reachtaíocht, a deir an Coimisinéir Teanga, ach mar sin féin tá ról ceannaireachta glactha ag cuid acu agus “is bocht an scéal é” go bhfuil cuid acu ag cruthú níos fearr ná comhlachtaí poiblí áirithe. Luaigh sé Gmail Google agus McDonald’s mar dhá chomhlacht a bhfuil rud fónta déanta le déanaí acu ar son na Gaeilge.


18.17 Níl sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach “box-ticking” dar leis an Seanadóir Ó Céidigh. Ba cheart í a chaitheamh amach agus tosú as an nua. Níl sa Straitéis ach “rud acadúil” le go mbeadh “plean ar phíosa páipéir”.


18.16 Díomá mór ar an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh faoin “easpa misnigh” atá ar an gCoimisinéir Teanga. Lig ranna Stáit síos riamh muintir na Gaeltachta, agus tá an scéal amhlaidh i gcónaí, a deir an Seanadóir neamhspleách.


18.12 Tá Peadar Tóibín ag iarraidh go ngearrfaí fíneáil ar chomhlachtaí poiblí a sháraíonn Acht na dTeangacha.


18.11 Gach lá, déanann Gaeilgeoirí iarracht gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státchóras agus deireann an státchóras leo ‘imigh leat’, a deir Peadar Tóibín.


18.10 Peadar Tóibín TD, Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, ag caint anois. “Ní thuigtear cén chomh dona is atá cás na Gaeilge sa státseirbhís,” dar leis. Deir sé nár athraigh rud ar bith le sé bliana anuas, maidir le dearcadh an Rialtais, ó tugadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge isteach. Dá mbeadh spriocanna na Straitéise á mbaint amach bheadh 125,000 duine ina gcainteoirí laethúla Gaeilge faoin tráth seo, a deir sé.


18.08 “Conas is féidir linn níos mó Gaeilge a úsáid sa tír seo?” a fhiafraíonn O’Dowd den Choimisinéir Teanga.


18.07 Ba cheart go mbeadh ainm gach scoile nua sa tír dátheangach, a deir Fergus O’Dowd.


18.06 An Teachta Dála Fergus O’Dowd (FG) ag caint anois. Aontaíonn sé leis an gCoimisinéir faoi cheist na leabharlann.


18.05 Ó 2006, ní dhearnadh aon uasdátú ar liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta. “Ní bhíonn deis againne feidhmiú dá réir,” a deir an Coimisinéir. Léiriú eile go dteastaíonn athrú struchtúir ar an Acht, a deir sé.


18.03 An chéad duine a chasfadh ort in oifig chomhlachta poiblí , ba cheart go mbeadh ar a gcumas an rogha a thabhairt duit seirbhís a fháil i nGaeilge nó i mBéarla, a deir an Coimisinéir, agus é ag caint faoi chóras Cheanada. Bheadh aon athrú mar sin ag brath ar réiteach a fháil ar chás na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta sa státseirbhís.


18.01 Breis eolais faoi chóras na scéimeanna teanga le cur faoi bhráid an Choiste ag an gCoimisinéir Teanga amach anseo.


17.59 Córas na scéimeanna teanga curtha i gcomparáid ag an gCoimisinéir le cluiche cártaí. “Tá na mámha uilig i lámha an chomhlachta poiblí agus gan tada ar an taobh eile den bhord”.


17.56 An Coimisinéir Teanga ag caint faoi chás Eircode. “An líon is mó gearán riamh faoi aon ábhar amháin,” a deir sé. Tá an scéal á mhíniú aige don choiste faoi láthair. “Lúb ar lár” sa reachtaíocht nach bhfuil ceart reachtúil ag daoine ainm Gaeilge a úsáid. Caithfear dul i ngleic leis an lúb ar lár sin. Idir an dá linn, tá próiseas leanúnach ar siúl leis an Roinn Cumarsáide le go gcuirfí an scéal ina cheart, a deir an Coimisinéir.


17.54 Aindrias Ó Muineacháin, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil as Corcaigh, ag plé ceist Eircode agus na sloinnte Béarla. “An bhfuil córas ann a chinnteodh nach dtarlódh a leithéid arís?”


17.51 Tá sé “scannalach” go mbeadh leabharlannaí sinsearach ann in aon chontae nach mbeadh Gaeilge acu, a deir Ó Clochartaigh, agus é ag tagairt d’eolas a chuir an Coimisinéir ar fáil faoi riachtanas na Gaeilge a bheith curtha ar leataobh do phoist i leabharlanna poiblí.


17.49 Deir Trevor Ó Clochartaigh go dtógann sé trí lá freagra a fháil ó Chomhairle Contae ar theachtaireacht fóin a fhágtar i nGaeilge. “Cé chomh forleathan is atá sé seo?” a fhiafraíonn sé.


17.48 Ceisteanna curtha ag Ó Clochartaigh faoi na bealaí a n-oibreodh an córas nua a bheadh mar mhalairt ar chóras na scéimeanna teanga atá faoi láthair ann.


17.46 “Is léir go bhfuil do theanga caite agat agus bhí a theanga caite ag Seán Ó Cuirreáin a chuaigh romhat faoi na scéimeanna teanga”  – Ó Clochartaigh.


17.44 An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) anois ag caint, agus na deacrachtaí a bhain le Eircode á lua aige. Aontaíonn sé go bhfuil “géarghá” le foilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). “Ba chóir gach rud a bhí sa chomhairliúchán poiblí faoi a fhoilsiú.”


17.43 Tá sé ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go “sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíocht a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh”. Ní chreidim go bhfuiltear ag tabhairt faoi seo le haon dáiríreacht agus gur sop in áit na scuaibe atá i gceist chomh fada agus a bhaineann sé le daoine le Gaeilge a earcú sa tSeirbhís Phoiblí.


17.40 Is léir go bhfuil drogall ar eagraíochtaí stáit a bheith ag cur ceangal orthu féin go mbeadh riachtanas Gaeilge luaite le poist.


17.35  Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil tús curtha an athuair le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus go bhfuil an baol ann go gcaillfear an deis athchothromú a dhéanamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís má leantar leis an gcur chuige reatha. Bheadh sé “iorónach” dá dtarlódh sé sin, a dúirt sé, agus 42 bliain caite ó fógraíodh deireadh leis an riachtanas Gaeilge sa Státseirbhís i 1974.


17.33 Laigí suntasacha ar chóras na scéimeanna teanga nach bhfuil ag feidhmiú, a deir an Coimisinéir Teanga. Ag scéal ag éirí níos measa, dar leis, agus cúlú ó dhualgais teanga i gceist le scéimeanna nua seachas a bheith ag cur le seirbhísí Gaeilge.


17.30  Tús curtha leis an gcruinniú ag an gcathaoirleach Catherine Connolly TD agus fáilte curtha aici roimh an gCoimisinéir Teanga, a ghuíonn gach rath ar obair an choiste.

Fág freagra ar 'Tuairisc Bheo: An Coimisinéir Teanga ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán'