Is cosúil go bhfuil deireadh tagtha leis an riachtanas Gaeilge fadbhunaithe a d’éiligh go mbeadh Gaeilge ag leabharlannaithe sinsearacha i leabharlanna poiblí.
Tá sé i gceist ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill eolas a chur faoi bhráid choiste Oireachtais tráthnóna i dtaobh fiosruithe atá déanta ag a Oifig maidir leis an riachtanas a bhíodh ann roimhe seo go mbeadh Gaeilge líofa ag an té a bheadh ag iarraidh post sinsearach i leabharlann phoiblí.
Beidh an Coimisinéir Teanga ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna.
Ag labhairt dó ar Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, thug an Coimisinéir Teanga le fios go raibh athruithe déanta ag an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil ar na cáilíochtaí a sonraíodh do phoist sa tSeirbhís Leabharlainne Poiblí agus gur cosúil deireadh a bheith curtha leis an riachtanas Gaeilge.
Thug an Roinn sin le fios d’Oifig an Choimisinéara Teanga gur bunaíodh grúpa oibre sa bhliain 2015 a mhol na cáilíochtaí a éilítear sa tSeirbhís Leabharlainne Poiblí a leasú chun aird a thabhairt ar na hathruithe atá tarlaithe sa ghairm le fiche bliain anuas.
Mhaígh an grúpa oibre gur bac a bhí sa riachtanas Gaeilge orthu siúd nach bhfuil Gaeilge acu, tráth a bhfuil folúntais ann do go leor post sna leabharlanna contae agus deacrachtaí iad a líonadh leis “na daoine is fearr”.
Níl aon riachtanas Gaeilge luaite i measc na gcáilíochtaí do phoist éagsúla leabharlainne atá á bhfógairt faoi láthair.
Is cosúil nach bhfuil cás ar leith déanta faoi na socruithe nua ach an oiread do leabharlanna Gaeltachta, rud a d’fhágfadh nár ghá Gaeilge a bheith ag duine a cheapfaí i leabharlanna Gaeltachta.
Tá ceist sin leabharlanna na Gaeltachta tarraingthe anuas ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus iad ag fanacht ar fhreagra na Roinne go fóill.
Pól Ó Braoin
“Mhaígh an grúpa oibre gur bac a bhí sa riachtanas Gaeilge orthu siúd nach bhfuil Gaeilge acu, tráth a bhfuil folúntais ann do go leor post sna leabharlanna contae agus deacrachtaí iad a líonadh leis “na daoine is fearr”.”
Dia dár réiteach! Bac sa riachtanas Gaeilge orthu siúd nach bhfuil an Ghaeilge acu!! An ar ais faoi réimeas na Sasanach atá muid in athuair… tá mé a cheapadh gurb ea. Céard fúthu siúd a bhfuil an ceart acu Gaeilge a úsáid i leabharlanna na tíre seo? Ní bheidh sé i bhfad go dtí nach bhfeicfidh muid oiread agus leabhar amháin i nGaeilge sna leabharlanna céanna agus gan éinne ar an bhfoireann in ann leabhair i nGaeilge a mheas ná fiú a léamh. Cén chaoi ar féidir linn meas ar an teanga a chothú inár gclann féin agus iad a mhealladh an Ghaeilge a labhairt nuair a fheicfeas siad gur teanga den dara grád í an ‘teanga oifigiúil’ s’againne? Níl mé cinnte an bhfuil a fhios agam go díreach céard is teanga oifigiúil ann níos mó. An té nach bhfuil an Ghaeilge aige/aici i bpost sinsearach leabharlainne – an é sin an duine “is fearr”?
Gabriel Rosenstock
Bheifeá ag súil go mbeadh cúrsa i litríocht na Gaeilge mar chuid d’oiliúint an leabharlannaí. An mar sin atá?