Mórscéalta na Gaeilge i 2015

Seo a leanas na scéalta Gaeilge a mheasann Maitiú Ó Coimín ar cheart súil a choinneáil orthu agus muid ag tabhairt aghaidh ar an mbliain 2015.

Céard a bheidh le rá san uasdátú ar an Stáidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta 2007? angaeltacht1

Thug duine d’údair an staidéir le fios do Tuairisc.ie go raibh an tuar a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007 “ródhearfach”. Tuigtear do Tuairisc go léireoidh an taighde nua gur in olcas atá cás na Gaeilge sa nGaeltacht imithe ó foilsíodh an buntaighde sé bliana ó shin. Dúradh ag an am nach raibh ach 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar phríomtheanga na Gaeltachta.

Bhí an t-uasdátú sin le foilsiú faoi dheireadh 2014, ach deirtear linn anois go mbeidh sé á fhoilsiú go luath i mbliana. Is cinnte go mbeidh sé ina mhórscéal Gaeilge. Creill bháis eile don Ghaeltacht a bheas ann, ach áit a mbíonn an dólás bíonn an sólás ina aice; agus mar a tharla tar éis éirí as an Choimisinéara i mí Feabhra na bliana seo caite b’fhéidir go gcuirfear géarchéim na Gaeltachta os comhair na ndall nach bhfaca go fóill í. B’fhéidir go spreagfadh sé muintir na Gaeltachta chun gnímh agus go gcuimhneofar ar a fhoilsiú mar adhaint na tine beo in athuair. Nó b’fhéidir go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht…

An bhfeicfear an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar chomharthaíocht? 

An tAIre Iompair, Pashcal Donohoe. Pictiúr: Photocall Ireland
An tAIre Iompair, Pashcal Donohoe. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá an ceann seo deacair le meas. Ghlac Leo Varadkar le moltaí Chonradh na Gaeilge faoi stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair ag deireadh 2013 agus mar sin ní fhéadfaá a rá gur ‘Fine Gall’ is cúis leis an moill ar an gcomhionannas sa gcás seo. Tá an lámh in uachtar ag Conradh na Gaeilge mar gheall ar an taighde atá déanta ag an dearthóir Garrett Reil ar a shon. Léiríonn taighde a rinneadh i dtíortha eile freisin gurbh fhearr i bhfad an cur chuige a mhol an Conradh ná an dearadh reatha. Mar a nochtadh ar Tuairisc.ie an mhí seo caite, níl aon taighde dá cuid féin déanta ag an Roinn Iompair ar an gceist seo agus tá an dearadh reatha bunaithe ar thaighde a rinneadh sa Ríocht Aontaithe beagnach dhá scór bliain ó shin. Níor dhírigh an staidéar sin ar an gcomharthaíocht dhátheangach agus mar sin roghnaíodh leagan amach na gcomharthaí bóthair anseo gan taighde ceart a dhéanamh.

Anuas air sin, in aineoinn go ndúirt an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta nach bhfuair siad oiread is gearán amháin faoin dearadh, d’admhaigh an Roinn Iompair le Tuairisc.ie nach dtagann sé leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Is cosúil gur maith linn a bheith ag clamhsán faoi litriú logainmneacha agus cúrsaí gramadaí na gcomharthaí bóthair, cinnte, ach nár smaoinigh duine ar bith ar ghearán oifigiúil a dhéanamh faoin stádas íseal atá ag an nGaeilge scríofa ar na comharthaí. Dá mhéid gearán a dhéantar faoin dearadh lochtach is ea is mó seans go nglacfar le plean an Chonartha. Ní shamhlóinn go n-athródh an tAire Iompair Paschal Donohoe an chomharthaíocht mura mbíonn brú aisteach air. Má bhíonn athrú rialtais ann roimh dheireadh na bliana mar atá geallta, áfach, beidh an-seans ag an bhfeachtas.

 An ndéanfar leasú ar na leasuithe atá molta d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus céard í an chéad chéim eile don fheachtas ar son Acht Teanga  sna Sé Chontae?  Gregory Campbell (Pictiúr-Mark Stedman:Photocall Ireland)

Gealladh go bhfoilseofaí an reachtaíocht chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i rith 2014. Cuireadh tús leis an bpróiséas comhairliúcháin breis agus trí bliana ó shin agus gealladh go gcuirfí an reachtaíocht tríd an Dáil sula dtiocfadh deireadh le tréimhse an Rialtais.

Níor tharla sé sin, áfach, agus thug an Taoiseach le fios don Teachta Dála Dinny McGinley (FG) go “tiocfaidh sí go luath i Mí Eanáir.”

Tá imní ar go leor grúpaí Gaeilge go maolóidh na leasuithe ar an gumhacht atá ag an Acht seachas é a neartú. Beidh muid ag fanacht go mífhoighdeach ar an mBille an mhí seo agus ag breathnú go géar ar an bplé a dhéanfar air as seo go ceann cúpla mí, ach is beag dóchas atá ag éinne go nglacfar le hathrú ar bith chun feabhais ar na leasuithe atá molta sa dréachtreachtaíocht.

Sna Sé Chontae bhí brú aisteach ar pholaiteoirí Stormont Acht Teanga a thabhairt isteach le cothrom na Féinne a thabhairt do Ghaeil an Tuaiscirt. Spreag caint mhaslach an Chomhalta Gregory Campbell (DUP) lucht feachtais chun éileamh a dhéanamh in athuair agus cuireadh feachtas úr ar bun ag deireadh na bliana seo caite. Ach bhí an t-ábhar seo ina chnámh spáirne sna cainteanna traspháirtí roimh Nollaig agus ní raibh ach tagairt fhánach theibí do chearta teanga i gcomhréiteach Stormont ag deireadh na bliana.

Is í an cheist mhór anois ná céard í an chéad chéim eile don fheachtas ar son Acht Teanga sa mbliain 2015?

An nglacfar le moladh na nOllscoileanna a bhainfeadh an riachtanas Gaeilge ó iontráil ollscoile? Close up of a graduation cap and a certificate with a ribbon

Nochtaigh Tuairisc.ie i mbliana gur mhol tascghrúpa Chumann na nOllscoileanna Éireannacha go gcuirfí deireadh leis an riachantas Gaeilge d’iontrail ollscoile. Uachtaráin na seacht n-ollscoil sa bPoblacht atá ina mbaill de Chomhairle Chumann na nOllscoileanna Éireannacha agus tugtar an “Task Group on Reform of University Selection and Entry” ar an tascghrúpa a mhol na hathruithe. Tá stádas ag an nGaeilge in ollscoileanna náisiúnta na tíre ó 1913 i leith.

Thug Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge araon le fios go bhfuil siad le cur i gcoinne an méid atá molta ag an tascghrúpa. Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) go bhfuil sé ag súil le ráiteas ón Aire Oideachais agus ón Rialtas a dhearbhódh nach bhfuil baol ann go dtarlódh a leithéid. Léirigh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) a mhíshástacht faoin moladh freisin.

Cé nach bhfuil anseo ach moladh, agus moladh a rinneadh cheana agus ar theip air cheana, b’fhiú súil a choinneáil ar an scéal seo mar gheall ar stádas an tascghrúpa seo.

An dtiocfaidh feabhas ar mhúineadh na Gaeilge agus an gcuirfear oideachas na Gaeltachta in oiriúint don Ghaeltacht? Taighde Leanaí Gaeltachta

“Réabhlóid phobail” atá ag teastáil dar leis an Dochtúir Brian Ó Curnáin, duine d’údair Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach, a thug le fios gur mó an cumas atá sa Bhéarla ná sa Ghaeilge ag fiú cuid de na cainteoirí dúchais óga is fearr sa Ghaeltacht.

Dúirt Ó Curnáin ar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go dteastódh “cúpla tearmann a bhunú” le dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht. Leag sé cuid den mhilleán ar scoileanna Gaeltachta atá ag tiomáint daoine óga i dtreo an Bhéarla seachas i dtreo na Gaeilge.

Rinne Tuismitheoirí na Gaeltachta, an eagraíocht a chabhraíonn le tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa nGaeltacht, achainí ar an Roinn Oideachais, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta gan neamhaird a thabhairt ar thorthaí an taighde seo agus gníomhú ar mholtaí an taighde láithreach.

Ag seoladh na tuarascála dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais go bhfuil an Roinn tiomanta don oideachas Gaeltachta agus go bhfuil siad sásta beart a dhéanamh de réir a mbriathar. Tá athbhreithniú ar bun ag an Roinn ar cheist an oideachais Ghaeltachta i láthair na huaire. Tá an cheist seo curtha ar an méar fhada ag an Roinn le fada an lá agus ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh sí fós ar crochadh as an méar chéanna nuair a thosnóidh bliain scoile 2015/16, cé nach bhfuil sé curtha as an áireamh ag an Aire O’Sullivan go mbeadh an dara cúrsa Gaeilge.

Bhí dea-scéala ann don oideachas lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht anuraidh. Gheall an tAire Oideachais Jan O’Sullivan nach bhfuil sé i gceist aici athbhreithniú a dhéanamh ar cheist na Gaeilge éigeantaí san Ardteist – ar feadh tamail ar aon chaoi. Tharlódh go dtiocfadh athrú a ar an scéal i gceann roinnt blianta agus fonn ar an Roinn “feabhas a chur ar an eispéaras a bhíonn ag daltaí ar a bheith ag foghlaim na Gaeilge ar scoil.”

Léirigh pobalbhreith Tuairisc.ie/Millward-Brown go bhfuil formhór an phobail den tuairim gur cheart go bhfanfadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach ar shiollabas na hArdteiste.

Tá gearrchúrsa nua Gaeilge á fhorbairt ag an gComhairle Náisiúnta um Curaclaim agus Measúnachta don Teastas Sóisearach faoi láthair. Dúirt an tAire go mbeifear ag súil go gcuirfí an gearrchúrsa sin i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2016 ar aghaidh.

Ar deireadh, d’fháiltigh Gaelscoileann Teo. roimh chinneadh na Roinne Oideachais i 2014 go gceadófaí lán-tumoideachas sna naíonáin lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh le feiceáil cén tionchar a bheas ag an gcinneadh seo ar an ngéarchéim teanga ar thagair údair  Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach di.

Cén chaoi a n-éireoidh leis an Oireachtas in Áth Cliath? Oireachtas 2014

Den chéad uair le scór blianta, reáchtálfar mórfhéile na nGael i gContae Átha Cliath. Freastalaíonn na mílte duine ar an bhféile chuile bhliain agus luaitear í i measc buaicphointí na bliana Gaelaí.

I mbliana, is in Óstán an City West a chuirfear an tOireachtas ar siúl agus tá lucht eagraithe na féile ag súil go mbeidh an-rath uirthi.

Tá Óstán Iarthar na Cathrach ar cheann de na hóstáin is aitheanta sa gcontae agus níl aon amhras ann ach go bhfuil áiseanna den scoth ar fáil ann. Seo í an chéad uair le cúpla bliain nach mbeidh an tOireachtas i gCill Airne nó Leitir Ceannain agus táthar ag súil go mór leis sin.

Mhínigh An tOireachtas do Tuairisc.ie go dteastaíonn sé mhíle leaba agus halla a thógfadh míle go leith duine chomh maith le roinnt hallaí eile a thógfadh idir 150 agus 400 duine in áit a bhfuil neart bialanna agus siopaí ar fáil.

Is beag áit in Éirinn a chomhlíonfadh na riachtanais.  “Socraíodh Óstan Iarthar na Cathrach mar tá na móráiseanna acu, tá sé éasca go maith a theacht air, ní rabhamar i mBaile Átha Cliath le 20 bliain agus tá muintir Chrónáin sásta tacú linn in eagrú na féile,” a dúirt lucht eagraithe na féile linn.

Tá beagán amhrais ann i measc roinnt mhaith daoine faoi roghnú an tsuímh seo, áfach. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil Óstán Iarthar na “Cathrach” i mBaile Átha Cliath ar chor ar bith. Tá sé i dtóin an chontae ar bhóthar Luimrí, os cionn uair a chloig ón gcathair ar Bhus Átha Cliath agus níos faide fós ar an LUAS. Níl mórán eile thart timpeall an óstáin agus cé gur áit ghalánta é, tá costas sách ard ar lóistín ann agus fíorbheagán roghaanna eile sa gceantar. Is as Baile Átha Cliath cuid mhór de lucht freastail an Oireachtais agus beidh drogall orthu sin chomh maith le cumainn Ghaelacha na nOllscoileanna lóistín a chur in áirithe. Tá an baol ann, mar sin go laghdófar líon na ndaoine a fhreastalóidh ar an bhféile go deireanach san oíche.

Ar ndóigh, tá an tOireachtas féin ag súil go bhfreastalóidh níos mó daoine ón tuath ar an bhféile i mbliana mar gheall go bhfuil sé ar siúl in áit éigin nach raibh siad ag Oireachtas cheana ann. Tá mótarbhealach ó gach contae Gaeltachta (ach amháin ag na Conallaigh bhochta) agus toisc gan é a bheith in íochtar ná uachtar na tíre, ní bheidh taisteal seacht n-uair a’ chloig ar éinne.

Beidh an-chraic againn ann ar aon chaoi, bíodh sé ar siúl sa Shelbourne nó i Bates’ Motel!

Fág freagra ar 'Mórscéalta na Gaeilge i 2015'

  • Conchubhar Ó Dálaigh

    Scéal eile, b’fhéidir, arbh fhiú súil a choinneáil air i mbliana ná maolú leanúnach ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach… Mar a scríobh Pádraig Ó Laighin anseo i Mí Dheireadh Fomhair: “Más mian leis an Rialtas bliain nó dhó eile a chur leis an maolú, dhéanfaí é sin i Rialachán nua a d’aontófaí roimh dheireadh na bliana 2015 i gComhairle an Aontais Eorpaigh”. An féidir le Tuairisc.ie díriú isteach ar an ábhair sin arís i 2015, a Mháitiú? Táim ag ceapadh go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal de réir a chéile ar aon nós… Tá líon na gcaipéisí i nGaeilge ar shuíomh EUR-Lex ag ardú i rith an ama, mar shampla an ceann seo maidir le “hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí” ón mí seo cáite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?qid=1420292485534&uri=CELEX:52014PC0724