Deireadh le riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile molta

Tá moladh déanta deireadh a chur le riachtanas traidisiúnta na Gaeilge d’iontráil ollscoile, socrú atá i bhfeidhm ó thús an chéid seo caite.

Deireadh le riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile molta

D’fhéadfadh sé nach fada go mbeidh deireadh leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag mic léinn le háiteanna a fháil i gcoláistí ollscoile na hÉireann má ghlactar le moladh atá déanta ag tascghrúpa acadúil.

Tá deireadh a chur leis an riachtanas teanga molta i bplécháipéis agus tuarascáil atá ullmhaithe ag tascghrúpa Chumann na nOllscoileanna Éireannacha. Tá an cháipéis faighte ag Tuairisc.ie mar thoradh ar iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI).

Bunaíodh an tascghrúpa le moltaí a ullmhú maidir leis an gcóras roghnaithe agus iontrála do mhic léinn chuig na hOllscoileanna a leasú.

Uachtaráin na seacht n-ollscoil sa Phoblacht atá ina mbaill de Chomhairle Chumann na nOllscoileanna Éireannacha agus is é an tOllamh Philip Nolan, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, atá ina chathaoirleach ar an tascghrúpa ar a dtugtar ‘Task Group on Reform of University Selection and Entry’.

Tuigtear go raibh sé i gceist go molfadh na saineolaithe caighdeánú agus simpliú a dhéanamh ar na riachtanais iontrála.

Moltar i gcáipéis an tascghrúpa nár cheart go mbeadh an Ghaeilge riachtanach do mhic léinn ach amháin do na cúrsaí ollscoile sin a bheidh á gcur ar fáil trí Ghaeilge. Grád D3 i bpáipéar onóracha nó pas a bheadh ag teastáil sna cásanna sin agus bheadh an riachtanas seo teoranta do chúrsaí “where Irish is the language of instruction.”

Is beag cúrsa ollscoile atá ar fáil trí mheán na Gaeilge ag an tráth seo.

Chaithfí a chomhionann de chaighdeán Béarla (D3 ag leibhéal onóracha nó pas) a bheith ag gach mac léinn a bheadh ag tabhairt faoi chúrsaí ollscoile trí Bhéarla ach ní mholtar go mbeadh aon riachtanas Gaeilge dóibhsean feasta.

Má ghlactar leis an moladh seo, cuirfidh sé deireadh le stádas agus le seasamh traidisiúnta na Gaeilge in ollscoileanna náisiúnta na tíre atá i bhfeidhm ó thús an chéid seo caite.

Chuir Conradh na Gaeilge tús le mórfheachtas i 1908 chun áiteamh ar Ollscoil na hÉireann go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don scrúdú iontrála.

Bhí breis agus 100,000 duine i láthair ar an 19 Meán Fómhair, 1909, ag cruinniú poiblí ar son an chuspóra sin. I Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath a bhí an cruinniú.

Sa deireadh, ghéill na húdaráis agus socraíodh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach ó 1913 ar aghaidh.

Ní mholann an tascghrúpa go mbeadh teangacha iasachta riachtanach feasta ach an oiread agus áitíd nár cheart go mbeadh éigeantas i gceist d’iontráil sna hollscoileanna ach amháin i gcás ábhar go bhfuil fianaise ann go dteastóidís ón mac léinn don chúrsa a bheadh roghnaithe aige.

Fág freagra ar 'Deireadh le riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile molta'

  • Rob

    Is ceist fíor-shuimiúil í agus b’fhéidir go bhfuil an rud ar fad ag feidhmiú mar chur i gcéill? Cuir i gcás faoi láthair caithfidh dalta D3 sa phas a fháil san Ardteist mar iontráil d’Ollscoil. Ní thuigim cén fáth a bhfuilimid buartha faoi dhaoine nach bhfuil puinn Gaeilge acu ar aon nós? B’fhéidir go mbeadh fear an ghealaigh fhéin in ann D3 a fháil sa pháipéar tar éis roinnt staidéir a dhéanamh ar an teanga. Ba chóir dúinn ár n-aird a dhíriú ar na daoine a bhfuil suim agus cumas acu sa teanga seachas a bheith buartha faoin ‘comharthacht’ (tokenism) atá ar siúl faoi láthair. Ba chóir dúinn na hacmhainní atá le fáil a úsáid ag treisiú na bhfoghlaimeoirí a bhfuil dáiríre faoin nGaeilge agus ag tabhairt tacaíochta do na cainteoirí dúchais agus don teanga ag an am céanna. Ní hé sin a rá nár chóir cosaint a chur i bhfeidhm, ba mhaith liom dlí nua a fheiceáil ina mbeadh sé de cheart ag gach dalta Gaeilge a roghnú mar ábhar agus dualgas dlí ar an scoil múinteoirí a chur ar fáil. An rud atá ar siúl in Éirinn faoi láthair ná tá an Stát nó an córas Oideachais a rá go gcaithfidh Gaeilge a bheith ‘at ach is cuma linn cén chaighdeán atá ann. Dá bhrí sin tá an Stáit sásta caighdeán fíor-lag a bheith ar fud na háite agus tá na mílte dalta ag freastal ar ranganna Gaeilge agus níl suim faoin spéir acu sa teanga (is mór an trua é sin ach sin í an fhírinne) agus i ndáiríre tá an polasaí sin ag cothú fuath agus nimh sna daltaí sin i leith na teanga. An rud is tábhachtaí a bhaineann le haon teanga ná suim, muna mbíonn aon suim ‘at i nGaeilge bhfuel éirí as agus déan rud éigin eile mar ba chur amú ama é agus cur amú ama roinnt dhaoine eile chomh maith. Má tá spéis agat i nGaeilge bhfuel déan é agus go n-éirí leat!