‘Taighde ar bith’ déanta faoi chomharthaí bóthair

Admháil na Roinne Iompair: Níl comharthaí dátheangacha bunaithe ar thaighde 'náisiúnta' mar a mhaígh an tAire Iompair agus níl an córas mar atá ag teacht le dea-chleachtas idirnáisiúnta

An tAIre Iompair, Pashcal Donohoe. Pictiúr: Photocall Ireland
An tAire Iompair, Pashcal Donohoe. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt le Tuairisc.ie nach bhfuil aon taighde déanta anseo ar chomharthaíocht bóthair agus go bhfuil cur chuige na gcomharthaí in Éirinn bunaithe ar thaighde a rinneadh sa Bhreatain.

Dúirt an tAire Iompair Paschal Donohoe i bhfreagra ar cheist Dála le deireanas go bhfuil comharthaí bóthair na hÉireann “bunaithe ar thaighde, ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar thuiscint phraiticiúil ar ghréasán bóithre na hÉireann”.

Thug sé le fios go raibh leagan amach na gcomharthaí bunaithe ar thaighde “náisiúnta”.

Ag freagairt ceiste a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF), dúirt an tAire go raibh na comharthaí bunaithe ar chur chuige “a bhí ag teacht le taighde a rinneadh ar bhonn idirnáisiúnta agus náisiúnta ar an ábhar”.

Ach nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas ar an Roinn Iompair ar aon taifid a bhaineann leis an taighde “náisiúnta” seo, ní raibh a leithéid ar fáil.

Dúirt urlabhraí na Roinne go bhfuil an cló a úsáidtear ar dhearadh na gcomharthaí bunaithe ar chóras a tháinig chun cinn thar thréimhse fhada de bhlianta.

“Cé nach bhfuil aon tuarascálacha ar leith againn, d’eascair an cló Transport Font as taighde a rinneadh sa Ríocht Aontaithe agus glacadh leis an dearadh sin le húsáid ar na comharthaí bóthair i roinnt mhaith tíortha, Éire san áireamh,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Tá an chlófhoireann Transport Font in úsáid don dá theanga oifigiúla in Éirinn le breis agus tríocha bliain.

Is i mBéarla amháin a bhíonn na comharthaí bóthair sa Ríocht Aontaithe agus níor cuireadh an chomharthaíocht dhátheangach san áireamh nuair a dearadh Transport Font.

Dar leis an Roinn Iompair, cuireadh an chlófhoireann in oiriúint do chás na hÉireann trí mhionathruithe a dhéanamh ar an dearadh.

Agus na mionathruithe seo á mbeartú cuireadh san áireamh “go bhfuil logainmneacha Gaeilge tuairim is 40% níos faide, ar an meán, ná a gcomhionanna sa Bhéarla”.

Cuireadh nithe eile san áireamh freisin “mar shampla infheictheacht agus inléiteacht na gcomharthaí”.

Faoi láthair, is i gceannlitreacha a scríobhtar an logainm Béarla agus i litreacha beaga agus i gcló iodálach a scríobhtar an leagan Gaeilge.

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre

Mhaígh tuarascáil a choimisiúnaigh an Conradh go ndéanann an cur chuige atá faoi láthair ann é níos deacra ar an tiománaí comharthaí a léamh.

D’adhmaigh urlabhraí na Roinne Iompair le Tuairisc.ie nach dtagann an dearadh atá i bhfeidhm faoi láthair leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

“…dar leis an taighde idirnáisiúnta, aontaítear go bhfuil sé níos éasca téacs a léamh atá scríofa i gcas íochtair abairte (le ceannlitir ag an tús) ná ina cheannlitreacha ar fad, ach amháin d’fhocail ghearra ar nós “STOP” ina bhfuil  ceannlitreacha níos fusa a léamh”.

Thug urlabhraí na Roinne le fios go bhfuil an tAire Donohoe “ar an eolas” faoin tuarascáil a rinne an dearthóir Garret Reil do Chonradh na Gaeilge agus go bhfuil sé feasach ar “na tagairtí” atá ann do na comharthaí dátheangacha sa Bhreatain Bheag agus in Albain.

Dheimhnigh an tAire Donohoe arís gur mhaith leis “a bheith deimhin de go mbeaidh cás maith ann d’athrú dá leithéid a dhéanamh ar an téacs agus nach gcruthóidh sé níos mó contúirte ar na bóithre ar aon bhealach”.

Dúirt urlabharaí na Roinne Iompair freisin go bhfuil “comharthaí soiléire, infeicthe, inléite ríthábhachtach don tsábháilteacht ar bhóithre, agus de réir na taithí (ag an Roinn) tá ag éirí leis an dearadh atá i bhfeidhm faoi láthair ón taobh sin de”.

D’ordaigh an tiar-Aire Iompair Leo Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) anuraidh tús a chur le crochadh comharthaí nua a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla, ach tá an t-ordú sin curtha ar ceal anois ag a chomharba, Paschal Donohoe.

Dhiúltaigh Leo Varadkar do chomhairle an NRA neamhaird a dhéanamh ar mholtaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le leasú a dhéanamh ar úsaid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre seo.

Ach tá amhras mór faoina bhfuil i ndán don phlean go mbeadh an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre i bhfianaise a bhfuil ráite faoin scéal le tamall anuas ag an Aire Donohue.

Léirigh pobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown i mí Dheireadh Fómhair go dtacaíonn formhór an phobail leis an éileamh go mbeadh an dá theanga ar comhchéim ar chomharthaí bóthair.

Fág freagra ar '‘Taighde ar bith’ déanta faoi chomharthaí bóthair'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tabhachtach i gcónaí na ceisteanna a chur ar na h-údaráís? Cén fath seo? Cén fath siúd?

    Bhí dul chun cinn déanta faoi Leo Varadkar – anois tá a chomhleacaí Paschal tar éis an chinneadh a athrú? Cén fath? An bhfuil éinne sásta an cheist sin a chur sa Dáil? Obair mhaith déanta ag Tuariisc.ie sa chás seo….

  • Fearghas MacFhionnlaigh

    Tá breis eolais faoi chás na hAlban le fáil anseo:
    https://www.gaelicplacenames.org/index.php

    Agus anseo:
    https://www.flickr.com/search/?q=ainmaite