‘Like, I made that up’ – Facebook, falsacht agus an fhírinne

Ní haon iontas é mar sin go bhfuiltear ag caint thall ar thoghchán na hiar-fhírinne…

‘Like, I made that up’ – Facebook, falsacht agus an fhírinne

Dá mbeadh seafóid as cuimse, bréaga, ráflaí áiféiseacha, agus síorchur i gcéill sa cholún seo go rialta, ní tearc na gearáin a chloisfí sula i bhfad. Is é sin, dá mbuailfeadh ráig mhífhreagrachta éigin an tEagarthóir agus dá dtoileodh sé raiméis a fhoilsiú.

Tá go maith. Ach ar ndóigh is féidir leas a bhaint as an idirlíon chun bréaga a shíorinseacht agus a scaipeadh, agus chun brabach mór á dhéanamh dá bharr. Mar a rinneadh le linn fheachtas an toghcháin uachtaránachta sna Stáit.

Seo sampla amháin:

Rinne Paul Horner, Meiriceánach, atá ag teacht i dtír le fada ar an deis seo scéalta gan bunús a chumadh agus a scaipeadh, cur síos lom ar ghnéithe dá ghnó nuair a ghlaoigh tuairisceoir ón Washington Post air i rith na seachtaine. Is cosúil (ní féidir a bheith lánmhuiníneach as focal dá ndúirt sé) go bhfuil aiféala air go raibh baint ag a shaothar le bua Donald Trump:

I think Trump is in the White House because of me. His followers don’t fact-check anything — they’ll post everything, believe anything. His campaign manager posted my story about a protester getting paid 3,500 dollars as fact. Like, I made that up.”

Is fiú an chaint seo a shoiléiriú beagáinín. Dúirt Horner leis an bpáipéar gur chum sé scéal gur admhaigh fear, a caitheadh amach as slógadh fad is a bhí Trump ag caint leis an slua, gur íocadh 3,500 dollar leis mar chúiteamh ar an agóid. Is ar líonláithreán a bhunaigh Horner, a raibh an chuma air gur bhain sé le seirbhís nuachta ABC News, a d’fhoilsigh  a bhréag.

Rinne feachtas Trump mór-is-fiú den scéal. ‘Finally, the truth comes out,’ a dúirt mac Donald Trump, Eric, i tvuít a scríobh sé an mhí seo caite. Scaip na céadta míle duine eile an scéal (stiúrthóir toghcháin a athar ina measc), chomh maith le píosaí tuairimíochta ina thaobh. D’fhógair ABC nach raibh aon bhaint acu leis an scéal. Dheimhnigh siad nach raibh an scéal fíor. Is beag aird a tugadh ar na ráitis sin i gcomparáid leis an mbréag a spreag iad.

Dúirt Horner leis an Washington Post gur ag amaidí a bhí sé agus bréaga mar seo á gcumadh agus á scaipeadh aige, agus nár shíl sé riamh go dtoghfaí Trump. Is léir mar sin féin gur brabach gnó a bhí mar phríomhaidhm aige. Chuaigh a theacht isteach i méid de réir mar a scaipeadh a raiméis ar Facebook, ar Twitter agus ar mheáin shóisialta eile.

Níl i gcás Horner ach sampla amháin de na bréaga a scaipeadh go tréan le linn an fheachtais toghcháin. Ba iad lucht leanúna Trump ba mhó a bhí freagrach as an mí-ionracas ar líne, ach ní raibh an taobh eile gan locht. Ní haon iontas é mar sin go bhfuiltear ag caint thall ar thoghchán na hiar-fhírinne (‘post-truth election’). Chuir síor-inseacht agus síorscaipeadh na mbréag, a bhuí le mífhreagracht Facebook (a scaip ábhar falsa fiú tar éis do mhí-ionracas na bhfoinsí a bheith cruthaithe) agus na mórsheirbhísí ar líne eile, an caidreamh polaitiúil traidisiúnta as a riocht.

Léirigh suirbhéanna éagsúla a rinneadh le gairid an scóip a thugann na meáin shóisialta nua do dhaoine ar mian leo dochar polaitiúil a dhéanamh, nó ar cuma leo cén dochar a dhéanann siad. Is ar mheáin shóisialta éagsúla a aimsíonn beagán sa bhreis ar leath den phobal a gcuid nuachta, agus is i dtuilleamaí Facebook a bhíonn 45% acu.

Gheall bunaitheoir Facebook, Mark Zuckerberg cúpla lá ó shin go mbeadh beartais nua á bhfógairt ag an gcomhlacht go luath chun déileáil le nuacht bhréige. Thug a chomhlacht le fios freisin go ndéanfaidís a ndícheall gan tacú le líonláithreáin a scaipeann nuacht bhréige d’aon ghnó, agus scaití, a dhéanann brabach dá bharr.

Cibé toradh a bheas ar gheallúintí dá leithéid, ba chóir go gcuirfeadh ré nua na mbréag sna Stáit imní ar vótóirí agus ar polaiteoirí ar fud an domhain. Tá muinín ag léitheoirí an cholúin seo as Tuairisc.ie agus as seirbhísí nuachta eile ar líne, ar pháipéar agus ar raidió agus teilifís, toisc go bhfuil a raison d’être soiléir: an fhírinne a aimsiú, a chíoradh agus a phlé. Ach tá iliomad foinsí eile ar fáil atá beag beann ar an bhfírinne, nó ar mian leo bréaga a scaipeadh ar chúiseanna éagsúla.

An éireoidh le daonlathas na hÉireann teacht slán ón dochar a dhéanann mífhreagracht agus mailís ar líne, agus ón spéis as cuimse a chuireann go leor daoine i mbréaga?

Ná glac leis gur féidir.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar '‘Like, I made that up’ – Facebook, falsacht agus an fhírinne'

  • Fearn

    Ní inné nó inniu a buineadh ceann de bhréaga, agus níl dealramh air ceann a chur leo roimh i bhfad.

    Ach i ndiadh sin is uile tá an meon iar-fhirinne suas anois; gach rud “leachtach” idir ghnéachachas, phósadh agus fhirinne!