FRIOTAL: Ar chaill tú do chiall, literally?

FRIOTAL: Ba cheart aitheantas a thabhairt do na bríonna nua a ghreamaíonn d’fhocail sa teanga bheo.

13/11/2014. Dublin Weather Scenes. Pictured people
‘Bíonn craoltóirí cumasacha Gaeltachta ag caint ar ‘coinníollacha aimsire’ agus ‘coinníollacha imeartha’ san áit a mbeadh ‘weather conditions’ agus ‘playing conditions’.’ Pictiúr: Photocall Ireland

Ceist: má tá focal á úsáid ‘go mícheart’ ag pobal teanga, an féidir a mhaíomh go bhfuil sé mícheart níos mó?

Agus an t-alt seo á scríobh, tá saoithe agus saoithíní an Bhéarla ag plancadh a chéile maidir leis an dobhriathar dainséarach úd ‘literally.’

Ní bhfaigheadh aon duine locht ar ‘Had the bailout not gone ahead, the Irish state would be, quite literally, insolvent.’

Is é a spréachann lucht na bpeann dearg an focal a bheith in úsáid go meafarach: ‘Had the bailout not gone ahead, the Irish people quite literally wouldn’t have a pot to piss in.’

Ach tá roinnt mhaith foclóirí údarásacha – Merriam-Webster agus Oxford ina measc – tar éis bheith istigh a thabhairt don úsáid mheafarach, mar threisitheoir a chuireann tuilleadh béime ar ábhar na cainte.

Níorbh é a ndearmad gan fainic a chur ar léitheoirí faoi ‘unintentional humorous effects’, ach níor leor é sin le teacht slán ar laochra an Ghlan-Bhéarla. ‘“This might be the most unforgivable thing dictionaries have ever done,’ a d’fhógair The Week.

Ach ní léir domsa cén míghníomh atá déanta ag na taighdeoirí bochta, más mian linn go mbeadh foclóirí ina scáthán dílis ar an teanga bheo.

Tá ‘go litriúil’ (sa chiall chonspóideach) ag éirí coitianta i dtéacsanna Gaeilge. Tá casadh beag sa scéal, mar is ‘go liteartha’ is minice a scríobhtar – rud a chiallaíonn ‘ar shlí a bhaineann leis an litríocht.’ A leithéid seo:

“Tá gach seans ann gur féidir le Bród Club an teanga a chur ar ais i mbéal an phobail – go liteartha.”

Tá a lán focail eile ann nach bhfuil á n-úsáid ‘mar is ceart’ ag lucht na Gaeilge.

Bíonn craoltóirí cumasacha Gaeltachta ag caint ar ‘coinníollacha aimsire’ agus ‘coinníollacha imeartha’ san áit a mbeadh ‘weather conditions’ agus ‘playing conditions’ sa Bhéarla. Is é brí cheart an fhocail ‘coinníoll’, de réir na bhfoclóirí, ná ‘stipulation’.

Bíonn ‘téarmaí agus coinníollacha’ i gceist i gconradh, cuir i gcás, ach níor ceadaíodh riamh ‘coinníollacha’ a úsáid chun cur síos ar chúrsaí aimsire ná ar pháirc peile.

Spreagann sé an cheist: nárbh fhearr na foclóirí a bheith de réir na teanga beo ná an teanga bheo a bheith de réir na bhfoclóirí?

Sa chomhthéacs sin, tá an Foclóir Nua Béarla–Gaeilge le moladh as aitheantas a thabhairt do roinnt mhaith nuabhríonna coitianta.

As seo amach, ní baol don iriseoir a déarfadh ‘rátaí coiriúlachta’ seachas ‘rátaí coireachta.’ Agus má fhoilsíonn Tuairisc.ie tuilleadh taighde le Millward Brown, beifear ábalta ‘pobalbhreith’ a thabhairt air gan aon duine éigin a chasadh linn gur ‘plebiscite’ é sin.

 

 

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'FRIOTAL: Ar chaill tú do chiall, literally?'

  • Bríd

    Go díreach é, nó ní teanga bheo a bheidh sa Ghaeilge níos mó. Is maith liom féin ‘gradamúil’ a bhíonn ag RnaG ar an ‘award-winning’ sin a chloistear sa Bhéarla chomh minic anois i ré seo an áithis, cé nach bhfeicim i bhfoclóir ar bith é.

  • Kevin Hickey

    Tá an ceart ag lucht ‘The Week’, i gcead don údar. ‘Literally’ is ea ‘literally’, murab ionann agus ‘metaphorically’. Fonn Béarla ceart a úsáid is ea a leithéid, seachas claonadh chun na ‘híonghlaineachta’.

  • Philip

    Is é ‘an aimsir’ an Ghaeilge ar ‘weather conditions’. Níl dochar ar bith i bhforbairt teanga, ach ní gá dúinn an Béarla a leanúint i gcónaí. is é ‘buaic’ an Ghaeilge ar ‘high point’ mar shampla, ach is annamh nach gcoisfeá ‘buaicphointe’.

  • RG Cuan

    Aontaím le Philip. Is maith an rud é nuair a thagann fórbairt ar theanga, go deimhin tá sé riachtanach, agus mothaím go bhfuil sé ag tarlú ar go leor bealaí leis an Ghaeilge.

    Mar sin féin tá neart cásanna ann ina leantar an Béarla gan smaoineamh agus ní mór dúinn bheith airdeallach air sin, measaim.

  • Eilis

    ‘Dálaí aimsire’ a chuirfinn féin ar ‘weather conditions’. Béarlachas amach is amach is ea ‘coinníollacha’ aimsire. Mura n-úsáideann iriseoirí sna meáin na téarmaí dúchasacha níl dabht ach go scaipfidh samplaí Béarlachais mar seo.

  • Darren

    Rud a chuireanns as domhsa (agus is cuma má cuireanna nó ná chuireann mar abróidh daoine ar aon chaoi é) ach mhoithóidh tú greadadh mhór tráchtairí ag ráit ‘Bhris an pheileadóir a chos’ in áit ‘briseadh cos an pheileadór’. Ceann eile abhíonns coitianta thíos i nDeisceart Chonnactha agus níl a fhios agam cén chaoi gur thoisigh sé ach deirtear ‘tá tú ag fáil ramhar’ in áit ‘tá tú ag éirí ramhar’ (bhuel níl ‘go litreatha domhsa, tá tóin breá caol agam ball ó bhia orm). Athróidh mion-teangachaí i ngeall ar teangaidh an dream níos saibhre, b’sheo é an t-ábhar go bfhuil focla mar ‘iasc’ agus ‘bróg’ agus ‘cnap’ agam. Rud amháin áfach nach dtig liom glacadh leis ná ‘tá sé sin go h-áwsome’ agus ceann eile ‘dáiríriously?!’ Scoillfeadh sé ‘go liteartha’ mo chloigeann

  • Roibeard Ó Conaing

    Is trua gur cheadaigh an foclóir nua “rátaí coiriúlachta”, tá an t-idirdhealú idir coiriúlacht agus coireacht caillte feasta. Cad is fiú teanga sa 21ú aois nach féidir idirdhealuithe caolchúiseacha a dhéanamh inti?

    Maidir le “coinníollacha aimsire” srl. ní forbairt ná forás teanga é sin ach aistriúcháinis, agus má bhíonn craoltóirí á rá ciallaíonn sé sin nach nglacann na craoltóirí sin leis an dualgas atá orthu dea-shampla urlabhra a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, nó an é go n-earcaítear ar a ndintiúir gheografacha iad seachas ar a ndintiúir urlabhra?

  • Vincent Morley

    Ach tá an dara ciall le “coinníoll” le fada an lá. Tá sé luaite i bhfoclóir an Duinnínigh mar shampla (“condition = state”). I bhfoclóir Béarla-Gaeilge Ui Bheaglaoich, leabhar a foilsíodh chomh fada siar leis an mbliain 1732, tá “gidh be ar bioth coinghíol ann a mbiadh tú” tugtha mar aistriúchán ar “what ever condition you be in”. Mar an gcéanna, tá dhá chiall le “coingell” i bhfoclóir Sean-Ghaeilge an Acadaimh Ríoga: “condition, stipulation, terms” agus “condition, plight, (good) quality”. Ar na samplaí den dara ciall i bhfoclóir an Acadaimh tá “an cuingeoil daonda” (“human condition”) agus “a gcoinghiall róphráinneach” (“in extremely straitened circumstances”).

    Níor thuigeas riamh go raibh difríocht ar bith idir “rátaí coiriúlachta” agus “rátaí coireachta” agus is túisce a rithfeadh an chéad leagan liom. Ar an láimh eile, goilleann úsáid choitianta an fhocail “prióireacht” sa chiall “priority” orm. Is mithid d’iriseoirí agus do chraoltóirí a thuiscint gurb é “priory” an t-aon chiall amháin atá leis an bhfocal sin.