Wunder Under Pant Hi-Rise Special agus feistis aclaíochta eile don té atá dáiríre faoin giom!

Tá roghanna saora agus daora san áireamh san éadach nua aclaíochta atá aimsithe ag ár gcomhfhreagraí 

Wunder Under Pant Hi-Rise Special agus feistis aclaíochta eile don té atá dáiríre faoin giom!

Anois agus mí Eanáir caite agus na dea-rúin ligthe i ndearmad, níl an fuadar céanna faoi chuid mhaith daoine tabhairt faoin aclaíocht i giomanna na tíre is a bhí i dtús na bliana nua.

Sin mar a bhíonn sé gach bliain – na hionaid aclaíochta ag cur thar maoil ar feadh roinnt seachtainí i dtús na míosa le tosaitheoirí a bhfuil sé geallta acu dóibh féin gurb í seo an bhliain a mbeidh siad aclaí agus folláin arís. 

Laghdaíonn na sluaite de réir a chéile agus faoi dheireadh na míosa níl fágtha ach na seansaighdiúirí agus roinnt bheag den bhuíon nua a bhfuil dúthracht agus díograis ag baint leo.  

Má tá tú ar dhuine acusan a bhfuil turais rialta á dtabhairt agat ar an giom i gcónaí, b’fhéidir go gceapfá go bhfuil bronntanas beag deas tuillte agat – feisteas aclaíochta nua. 

Tá rogha iontach le fáil sna siopaí agus ar líne faoi láthair, cuid acu ar phraghsanna an-réasúnta go deo. Roghnaigh mé féin roinnt cultacha a thaitin liom féin, trí cinn shaora agus trí cinn atá níos daoire.

Dath gorm atá ar an bpéire luiteog aclaíochta seo atá ar fáil ar €24 ar www.missguided.eu. Cinn iad atá an-fháiscthe nó teann agus iad ar fáil i dtomhais 34-42.

Níl ach €10 ar an mbarr agus €20 ar an bpéire luiteog aclaíochta seo ó Dunnes Stores: feisteas iomlán ar €30. Tá dearadh priontáilte orthu seo agus iad faiseanta agus an-chompordach. Tá ábhar leaisteach maith iontu ach ligeann sé an t-aer tríd le hallas a sheachaint. 

Tá an feisteas seo á dhíol mar éadach a bheadh oiriúnach d’aclaíocht ióga ag H&M. Tá €24.99 ar na luiteoga agus €14.99 ar an mbarr. Tá siad déanta as éadach a thriomaíonn go sciobtha agus rogha dathanna ar fáil – oráiste, dubh agus liath ina measc.

Don té a bhfuil neart airgid le caitheamh aige tá na luiteoga seo, ar €85, thar cionn ar fad ón gcomhlacht Under Armour. Maíonn siad go luíonn sé ar an gcraiceann go deas ach nach bhfuil sé rótheann ar fad. Tá éadach fíorbhog go deo ann agus dearadh air le teas na colainne a scaoileadh amach. Mirror Free Cut Crop an t-ainm a thugtar orthu seo. 

Don té atá lándáiríre faoin ióga nó Pilates, is fiú smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh sna luiteoga áille seo ar a dtugtar Chandrasana ar €90 ón chomhlacht Sweaty Betty. Is geall le dhá luiteog iad mar gur féidir iad a iompú taobh istigh amuigh agus dhá dhath difriúil orthu, dubh agus priontáilte.   

Deir na dearthóirí, Lululemon, go bhfuil na brístí aclaíochta seo praiticiúil agus ealaíonta ach bheifeá ag súil leis sin ar chostas €168. Éadach éadrom atá iontu atá éasca le triomú agus deirtear gur cosúil le sraith eile craicinn iad, rud a fhágann nach mbeadh a fhios agat ar chor ar bith go raibh siad ort. Wunder Under Pant Hi-Rise Special Edition an t-ainm atá orthu.

Fág freagra ar 'Wunder Under Pant Hi-Rise Special agus feistis aclaíochta eile don té atá dáiríre faoin giom!'