‘We can manage all our business through Irish,’ a deir Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte i ráiteas a cuireadh ar fáil i mBéarla amháin 

Deir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur masla é nár cuireadh leagan Gaeilge de ráiteas a rinne Robert Watt ar fáil do bhaill Choiste Oireachtais na Gaeilge

‘We can manage all our business through Irish,’ a deir Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte i ráiteas a cuireadh ar fáil i mBéarla amháin 

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte inné go bhfuil a roinn ábalta a gnó go léir a dhéanamh trí Ghaeilge anois, ach níor éirigh leo leagan Gaeilge den ráiteas inar dhein sé an maíomh sin a chur ar fáil do Theachtaí Dála agus Seanadóirí.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur masla a bhí ann nár cuireadh ar fáil ach leagan Béarla amháin den phíosa cainte a rinne Robert Watt ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge a bhí ar siúl i dTeach Laighean.

“Tá sé dona go leor go bhfuil an rud ar fad as Béarla ach anois níl an ráiteas Gaeilge ar fáil…

“Ba mhaith liom é a chur ar an taifead nach féidir glacadh leis nach bhfuil ráiteas Gaeilge ar fáil don Choiste Gaeilge. Is masla é,” arsa Catherine Connolly.

Tugadh le fios go mbeadh an t-aistriúchán Gaeilge ar ráiteas Watts ar fáil “níos déanaí” agus gabhadh leithscéal as gan é a bhí ar fáil don chruinniú.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, go raibh súil aige go dtógfadh an Roinn Sláinte ceann den méid a bhí le rá ag Catherine Connolly.

Agus é ag caint ag an gcruinniú den Choiste Oireachtais, mhaígh Robert Watt go raibh ceacht foghlamtha ó na “botúin go léir” a rinne an Roinn i leith na teanga le linn na paindéime agus go raibh na botúin curtha ina gceart.

“Tá sé ar ár gcumas anois gnó na Roinne go léir a dhéanamh trí Ghaeilge nó Béarla, de réir mar a theastaíonn. 

“D’fhoghlaimíomar go leor le linn na paindéime agus ónár mbotúin go léir agus táimid meáite ar obair leis an HSE lena chinntiú go gcuirfear san áireamh riachtanais teanga in athchóiriú Sláintecare ar na seirbhísí sláinte agus i ndearadh agus soláthar na seirbhísí,” arsa Robert Watt agus é ag caint i mBéarla.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne go raibh cumas níos fearr acu déileáil le comhfhreagras i nGaeilge agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge “dóibh siúd a bhfuil sé ag teastáil uathu nó ar mhaith leo iad”. 

Tá cáineadh go leor déanta ar na húdaráis sláinte agus ar an rialtas mar gheall ar theip an stáit eolas agus seirbhísí faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim ó thosaigh sí breis is dhá bhliain ó shin agus is minic go raibh moill ar ábhar i nGaeilge, má foilsíodh in aon chor é.

Ní raibh daoine ábalta clárú ar líne do vacsaíní i nGaeilge ná a gcuid gnó maidir leis na Teastais Dhigiteacha COVID a dhéanamh i nGaeilge, mar shampla.

Ghabh an Roinn Sláinte “leithscéal ó chroí” anuraidh as “éagóir” a dhéanamh ar an nGaeilge le linn na paindéime.

Dúirt an Coimisinéir Teanga an bhliain seo caite go mba dhóigh leis dá mbeadh paindéim eile ann amach go dtarlódh an rud céanna arís ó thaobh na Gaeilge. Dúirt sé gur chruthaigh an phaindéim nach mbíonn sé sé ar chumas an Stáit go minic “caitheamh go féaráilte leis an nGaeilge.”

Bhí Breitheamh Ard-Chúirte ar na daoine eile a chaith amhras ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge le linn na paindéime.

Fág freagra ar '‘We can manage all our business through Irish,’ a deir Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte i ráiteas a cuireadh ar fáil i mBéarla amháin '

  • Con

    Ar dhéileáil sé leis an gceist a cuireadh air ? .i. cén fáth nach raibh an ráiteas ar fáil i nGaeilge? Seans gur chailleas é

  • Nuala Kelly

    Bhí daoine in ann clárú ar líne, bhí mise ag obair ar na línte sin agus ag déileáil trí Ghaeilge an t-am ar fad. Caithfidh mé a rá freisin go raibh gach saghas tacaíocht ar fáil domsa chun é sin a dhéanamh.

  • Colm Ó Cearúilmho

    Mholfainn finéal €1,000 a ghearadh ar aon bhall den Stát Seirbhísí gan a chuid réamhullmhcháin déanta acu i nGaeilge, sula thagann siad ós chomhair an Choiste.

  • An Rógaire

    Ní bheidh comhionnanas ag pobal na gaeilge ina dtír féin go dtí go mbionn seirbhísí ar fáil, ní ón earnáil phoiblí amháin, ach ón earnáil phríobháideach chomh maith, ina rogha teanga oifigiúil.

  • Éamonn Ó Gribín

    Tugtar an méid seo a leanas le fios san Welsh Language (Wales) Measure 2011; “…Without prejudice to the general principle of subsection (1), the official status of the Welsh language is given legal effect by the enactments about—
    (a) duties on bodies to use the Welsh language, and the rights which arise from the enforceability of those duties, which enable Welsh speakers to use the language in dealings with those bodies (such as the provision of services by those bodies);
    (b) the treatment of the Welsh language no less favourably than the English language;”.

    Ba cheart go mbeadh sé soiléir anois do chách nach bhfuil rún ag an Stát “Seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach
    agus custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil sé de cheart acu plé a
    dhéanamh leo trí cheann amháin nó ceann eile de na teangacha oifigiúla.” (Tagairt: Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí:
    https://assets.gov.ie/8087/045820e721034012b0e6acb8a61732fa.pdf)