Údarás na Gaeltachta chun béim a chur ar chúrsaí turasóireachta agus ‘An Ghaeltacht Ghlas’ in 2022

Deir Údarás na Gaeltachta go dtabharfar ‘tacaíocht faoi leith’ d’earnáil na turasóireachta in 2022 chun í a chur ‘i mbarr réime arís’

Údarás na Gaeltachta chun béim a chur ar chúrsaí turasóireachta agus ‘An Ghaeltacht Ghlas’ in 2022

Tá tograí i gConamara, Múscraí, Corca Dhuibhne agus Iorras luaite i measc phríomhthosaíochtaí Údarás na Gaeltachta don bhliain seo agus béim le cur ag an eagraíocht ar chúrsaí turasóireachta a chur chun cinn.

D’fhoilsigh an tÚdarás a Ráiteas Deireadh Bliana 2021 inné, ach tá léargas tugtha freisin sa cháipéis ar na forbairtí a deir  tÚdarás go mbeidh siad ag díriú orthu in 2022.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil “tacaíocht faoi leith” le tabhairt d’earnáil na turasóireachta in 2022 chun í a chur “i mbarr réime arís”.

Táthar ag súil Scéim Forbartha Turasóireachta, a bhí ag feidhmiú go píolótach ó 2018, a fhógairt go luath i mbliana. Cuirfidh an scéim €30,000 sa bhliain ar fáil d’ionaid turasóireachta agus gréasáin turasóireachta chun oifigigh turasóireachta a fhostú. Deir Údarás na Gaeltachta go gcuirfear clár oiliúna sainiúil ar fáil dóibh siúd a bheidh fostaithe mar oifigigh turasóireachta faoin scéim.

Táthar ag súil go n-iompófar an chéad fhód ar Áras Scéalta an Atlantaigh, ionad turasóireachta i nGaeltacht Mhaigh Eo Thuaidh freisin go luath in 2022. Costas €3.6 milliún atá luaite leis an togra sin agus é i gceist “áis turasóireachta straitéiseach, ar leibhéal idirnáisiúnta”, a fhorbairt ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Deirtear go bhfaighidh cuairteoirí eolas ansin ar oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha an cheantair. Tá Údarás na Gaeltachta ag cur €700,000 ar fáil don ionad agus tá an chuid eile den mhaoiniú ag teacht ón Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe agus ó Roinn na Gaeltachta.

Cuirfear béim freisin ar ‘An Ghaeltacht Ghlas’ a fhorbairt agus cuirfidh an tÚdarás tacaíochtaí ar fáil do chúrsaí fuinnimh in-athnuaite, a dúradh.

Maíodh sa Ráiteas Deireadh Bliana 2021 go raibh “dul chun cinn suntasach” á dhéanamh le forbairtí fótavoltacha i nGaoth Dobhair, ar an gCeathrú Rua agus ar pháirceanna gnó agus go gcuirfí leis na forbairtí sin agus le gníomhaíochtaí athraithe aeráide eile in 2022.

Leanfar freisin, a dúradh, ag cur i bhfeidhm na moltaí sa tuairisc a seoladh anuraidh a thug le fios go bhféadfaí suas le 900 post a chruthú i Ros an Mhíl i gConamara dá ndéanfaí an calafort ansin a fhorbairt mar bhunionad seirbhíse agus lóistíochta don earnáil fuinnimh in-athnuaite.

Maidir le tograí infreastruchtúir eile, deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil “achomharc cuimsitheach” maidir leis an iarratas pleanála a diúltaíodh do Pháirc na Mara i gCarna curtha faoi bhráid An Bord Pleanála agus go bhfuiltear ag súil le cinneadh in 2022.

Deirtear go bhfuil sé mar chuspóir ag Údarás na Gaeltachta tús a chur leis na hoibreacha atá beartaithe ar Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne in 2022 agus go mbeidh Bainisteoir Forbartha Gnó don togra sin ag dul i mbun dualgais an mhí seo.

Tá Seanospidéal an Daingin agus Coláiste Lurgan luaite freisin i measc na dtograí infreastruchtúir eile a bhfuiltear ag súil dul chun cinn a dhéanamh orthu an bhliain seo chugainn. Tá aighneas idir Roinn na Gaeltachta agus úinéir Choláiste Lurgan faoina bhfuil i ndán don togra sin, áfach.

Tá sé i gceist cur go mór leis an ngréasán gteic i rith 2022 agus an tÚdarás ag iarraidh gnóthaí agus cianoibrithe a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. Osclófar gteic@Na Rosa agus gteic@Carraig Airt i nDún na nGall, gteic@Inis Mór agus gteic@Inis Meáin ar Oileáin Árann, gteic@Cléire i gCorcaigh agus gteic@Baile Ghib i gcontae na Mí go luath in 2022. Táthar ag súil go mbeidh ionad gteic Ráth Chairn réidh freisin in 2022 agus go dtosófar ar ionaid a fhorbairt ar Thoraigh agus i nGleann Cholm Cille i mbliana.

Thug Ráiteas Deireadh Bliana 2021 Údarás na Gaeltachta le fios go raibh an glanmhéadú is mó fostaíochta ó 1996 i gceist in 2021.

7,809 post lánaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2021 i gcomparáid le 7,363 post in 2020, ardú 6%.

Bhí ráta fostaíochta níos airde ná riamh ina gcliantchomhlachtaí i dtrí cinn de na ceantair Ghaeltachta – Gaillimh, Corcaigh agus Port Láirge.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta chun béim a chur ar chúrsaí turasóireachta agus ‘An Ghaeltacht Ghlas’ in 2022'